Ráthaíocht

Is iad na doiciméid chuntasaíochta a bhíonn ag teastáil ná:

  • clár comhardaithe
  • cuntais ioncaim agus chaiteachais
  • tuarascáil na stiúrthóirí
  • tuarascáil an iniúchóra

Ní mór deimhniú ginearálta a bheith ann a dheimhníonn go bhfuil na cuntais agus na tuarascálacha san iomlán ina gcóip dhílis mar a leagadh faoi bhráid gach comhalta ag an CGB agus ní mór iad bheith sínithe ag stiúrthóir agus an rúnaí.

Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta atá gan scairchaipiteal, tá díolúine acu ó fhaisnéis a sholáthar maidir le:

  • (i) fáil agus diúscairt scaireanna na cuideachta féin; agus,
  • (ii) leasanna na stiúrthóirí i scaireanna agus bintiúir na cuideachta féin (Féach Cuid 18, Caibidil 5, alt 1216).

Díolúine ó Ráitis Airgeadais a Chomhdú leis an CRO
Féadfaidh na cuideachtaí seo a leanas díolúine a éileamh ó Ráitis Airgeadais a chomhdú lena dtuairisceán bliantúil (ní mór Foirm B1 a chomhdú leis an CRO go fóill); 

  • Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe (CGA) a bunaíodh chun críocha carthanúla a bhfuil díolúine acu ó Ráitis Airgeadais a chomhdú leis an CRO le hordú arna dhéanamh ag an údarás ábhartha. (An tÚdarás Rialála Carthanas).
  • Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta (CTR) a bunaíodh chun críocha carthanúla a bhfuil díolúine acu ó Ráitis Airgeadais a chomhdú le hordú arna dhéanamh ag an údarás ábhartha (An tÚdarás Rialála Carthanas).
  • Is féidir le Cuideachtaí Neamhtheoranta (CNT) neamhainmnithe díolúine a éileamh ó Ráitis Airgeadais a chomhdú. Féach na ceanglais atá ar Chuideachta Neamhtheoranta (ULC) chun tuilleadh eolais a fháil i dtaobh cad iad na cineálacha CNT atá ainmnithe nó neamh-ainmnithe. 

Ceanglais shonracha ar Chineálacha Éagsúla Cuideachtaí 

Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta (CTRanna) agus Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe (CGAanna) Níl feidhm ag alt 325(1)(c) agus alt 329 d'Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le CTRanna. Toisc nach bhfuil aon scairchaipiteal ag na cuideachtaí sin, ní cheanglaítear orthu sonraí a áireamh i dtuarascáil na stiúrthóirí i ndáil le fáil nó diúscairt scaireanna dá gcuid féin ná leas i scaireanna agus bintiúir. Féach ar an alt iomchuí den Acht le do thoil le haghaidh tuilleadh eolais.

Is féidir le CTRanna agus CGAanna a bunaíodh chun críocha carthanúla, agus atá díolmhaithe ag an údarás iomchuí, leas a bhaint as díolúine ó Ráitis Airgeadais a chomhdú leis an CRO.