Chomhdaítear go déanach

Is é spriocdháta comhdaithe an tuairisceáin bhliantúil ná 28 lá i ndiaidh dháta éifeachtach an tuairisceáin. Bíonn pionós comhdaithe déanach €100 dlite i leith tuairisceáin bhliantúil an lá tar éis an spriocdháta comhdaithe.

Bíonn pionós breise €3 le híoc in aghaidh an lae ón 30ú lá ar aghaidh, suas go dtí uasphionós €1,200 in aghaidh an tuairisceáin. Bíonn an pionós seo le híoc i dteannta le táille chaighdeánach chomhdaithe €20 (leictreonach) in aghaidh an tuairisceáin.

Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim nach féidir pionóis chomhdaithe déanach a asbhaint ó thaobh cánach de.

Ba chóir leabhair agus taifid na cuideachta a thabhairt do na hiniúchóirí i bhfad roimh spriocdháta an tuairisceáin bhliantúil mura dteastaíonn ón gcuideachta pionós comhdaithe déanach a thabhú.

Baineann bearta forfheidhmithe atá curtha i bhfeidhm ag an CRO leis na tuairisceáin bhliantúla atá comhdaithe ag cuideachta le blianta beaga. Nuair a theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú in am cuireann sé seo isteach ar stair chomhlíonta na cuideachta agus d’fhéadfadh an Oifig seo bearta forfheidhmithe a dhéanamh, ar nós ionchúisimh nó fíneála ar an láthair, i leith na cuideachta seo san am atá le teacht.

Féach Tarscaoileadh Pionóis

Is féidir le cuideachta iarratas ar ordú a dhéanamh chuig an gcúirt, agus é curtha in iúl don CRO, chun spriocdháta níos déanaí a fháil. Tugann sé seo níos mó ama di chun a tuairisceán a chomhdú, ach ní thiocfaidh athrú ar DTB na cuideachta sna blianta ina dhiaidh sin.

Sonraíonn A.343 d’Acht na gCuideachtaí 2014 gur ceadmhach don chúirt, ar iarratas a bheith déanta (ar fhógra do chláraitheoir na gcuideachtaí) ag cuideachta, ordú a dhéanamh chun síneadh a chur leis an am inar ceadmhach tuairisceán bliantúil na cuideachta maidir le bliain ar leith a sheoladh go dtí cláraitheoir na gcuideachtaí, má tá sí sásta go mbeadh sé cóir a leithéid a dhéanamh. Soláthróidh an chuideachta a mbaineann an t-ordú léi cóip oifige den ordú do chláraitheoir na gcuideachtaí chomh luath is atá indéanta tar éis don ordú a bheith déanta, agus má theipeann ar an gcuideachta a leithéid a dhéanamh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach den chuideachta a loic sa dualgas seo ciontach i gcion.

IARRATAIS CHUN NA CÚIRTE AR SHÍNEADH AMA I nDÁIL LE TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A CHOMHDÚ
Sonraítear in alt 343 d'Acht na gCuideachtaí 2014 gurb amhlaidh, ón 1 Meitheamh 2015, go bhféadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Dúiche.

Sonraítear in alt 343 gur féidir leis an gCúirt, ach í a bheith sásta go mbeadh an cur chuige sin cóir, Ordú a dhéanamh lena gcuirfí síneadh leis an tréimhse ama inar féidir tuairisceán bliantúil na cuideachta i ndáil le bliain ar leith a sheachadadh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí. Ní féidir ach Ordú amháin den chineál sin a dhéanamh maidir le haon bhliain ar leith. Déantar iarratas chun na Cúirte iar bhfógra don Chláraitheoir trí mheán Mionnscríbhinne. Is ionann an síneadh ama agus síneadh ar an 28 lá i ndiaidh an dáta tuairisceáin bhliantúil dá bhforáiltear in alt 343(2) agus (3), Acht na gCuideachtaí 2014.

I gcás ina ndéanann an Chúirt Ordú ag cur síneadh ama leis an tréimhse comhdaithe, ní mór don chuideachta an tOrdú sin a chomhdú leis an CRO, de ghnáth laistigh de 28 lá ó thráth dhéanta an Ordaithe. Sa chás ina gcomhdóidh an chuideachta an tuairisceán bliantúil ansin laistigh den am breise a leagfaidh an Chúirt síos, measfaidh an CRO go bhfuarthas na doiciméid in am. Dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag iarmhairtí an chomhdaithe dhéanaigh (pionóis um chomhdú déanach / caillteanas na díolúine um iniúchadh) maidir leis an tuairisceán bliantúil sin

AN CHÚIRT DÚICHE - IARRATAS AR ORDÚ MAIDIR LE SÍNEADH AMA I nDÁIL LE TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A CHOMHDÚ
Nósanna imeachta nach mór a leanúint:
Tabhair faoi deara nach mór ionadaíocht dlí a bheith ag cuideachta agus í ag déanamh iarratais chun na cúirte
1. Ní mór iarratas chun na Cúirte Dúiche ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa dúiche ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta lonnaithe, i ndáil le dáta cúirte - féach leathanach greasáin cúirte

2. Ní mór cóip den fhógra san Fhoirm 93B.1 ina mbeidh dáta agus am na héisteachta cúirte a sheirbheáil ar an CRO in éineacht le cóip dá Mionnscríbhinn (Foirm 93B.2), trína gcuirfear an Cláraitheoir iar bhFógra faoi alt 343(5), Acht na gCuideachtaí 2014. Ní mór don Iarratasóir nó don Aturnae thar ceann an Iarratasóra an Fhoirm 93B.1 a shíniú.

3. Ní mór go sonrófaí san Fhoirm 93B.1 bliain an tuairisceáin bhliantúil atá i gceist, dáta tuairisceáin bhliantúil na cuideachta faoi láthair, agus an dáta dá bhfuil síneadh ama á lorg. Is ionann an síneadh ama agus síneadh ar an 28 lá i ndiaidh an dáta tuairisceáin bhliantúil dá bhforáiltear in alt 343(2) agus (3), Acht na gCuideachtaí 2014.

4. Ní mór an Fógra chuig an gCláraitheoir a sheachadadh ar an CRO tráth nach déanaí ná 21 lá roimh an dáta Cúirte. Mura ndéanfar amhlaidh, ní ghlacfar leis.

5. Eiseoidh an CRO litir á admháil go bhfuil an Cláraitheoir curtha iar bhFógra ag an Iarratasóir nó a Aturnae, nach mór don chuideachta chur ar fáil don Chúirt, mar aon leis an bhFoirm 93B.1 agus Mionnscríbhinn tráth nach déanaí ná 4 lá roimh an dáta Cúirte.

6. Má dheonaíonn an Breitheamh Ordú Cúirte ag cur síneadh leis an am i ndáil le comhdú, léireofar ar an Ordú (i) an dáta dá bhfuil an síneadh ama deonaithe agus (ii) an dáta nach mór an tOrdú a bheith seachadta ar an gCláraitheoir faoi (28 lá a bheidh ansin de ghnáth).

7. Más rud é nach ndéanfar an tOrdú Cúirte a sheachadadh ar an gCláraitheoir faoin dáta atá sonraithe ag 6(ii), ní féidir leis an CRO glacadh leis toisc go mbeidh téarmaí an Ordaithe sáraithe ag an gcuideachta.

8. Má dheonaítear síneadh ama di i ndáil le comhdú, ní mór don chuideachta: r-B1 a chur isteach faoin dáta sínithe agus an comhdú a chur i gcrích laistigh de 28 lá ón dáta sin.

9. Má dhéanann an chuideachta a tuairisceán bliantúil a sheachadadh nó a chur isteach tar éis an dáta dá bhfuil an síneadh ama deonaithe, measfar go mbeidh sé déanach agus beidh sé faoi réir pionós um chomhdú déanach agus chaillteanas na díolúine ó iniúchadh ar feadh dhá bhliain sa ghnáthchúrsa.

10. Más rud é go n-athraítear an dáta cúirte bunaidh nó má chuirtear an cás ar atráth, ní mór don chuideachta an Cláraitheoir a chur ar an eolas ar an bpointe faoi dáta cúirte nua.

AN ARD-CHÚIRT
Tabhair faoi deara nach mór ionadaíocht dlí a bheith ag cuideachta agus í ag déanamh iarratais chun na cúirte. Déantar an t-iarratas trí mheán mionnscríbhinne iar bhfógra don Chláraitheoir. 

NB.

  • Cuirfidh an Cláraitheoir in aghaidh aon iarratais a dhéantar chun na Cúirte Dúiche ar  shíneadh ama i dtaca le tuairisceán bliantúil a chomhdú más tuairisceán bliantúil é ba cheart a bheith seachadta roimh an 1 Meitheamh 2015.
  • Cuirfidh an Cláraitheoir in aghaidh aon iarratais a dhéantar chun na Cúirte Dúiche ar shíneadh ama i dtaca le tuairisceán bliantúil a chomhdú i gcás nach leor, i dtuairim an Chláraitheora, na cúiseanna a cuireadh ar fáil agus na fíricí tacaíochta chun a éileamh go gcealófaí an oibleagáid dhlíthiúil atá ar an gcuideachta faoi Acht na gCuideachtaí tuairisceáin bhliantúil atá pras agus cruinn a chomhdú leis an CRO.
  • Cuirfidh an Cláraitheoir in aghaidh aon iarratais a dhéanann cuideachta dhíscaoilte chun na Cúirte Dúiche ar shíneadh ama i dtaca le tuairisceán bliantúil a chomhdú.

Cuideachtaí agus Stiúrthóirí a ionchúiseamh

Féadfar cuideachtaí agus stiúrthóirí cuideachtaí a mhainneachtóidh tuairisceán bliantúil a comhdú leis na CRO a ionchúiseamh faoi Alt 343 d'Acht na gCuideachtaí 2015. Ar ionchúiseamh is é an uasphionós do gach cion ná €5,000.

Baint Neamhthoilteanach den Chlár

Ar meán, baintear breis agus 5,000 cuideachta den chlár gach bliain. Tá an feachtas sin ag leanúint ar aghaidh, agus clár ionchúiseamh na gcuideachtaí agus na stiúrthóirí.  Féadann iarmhairtí míthaitneamhacha do stiúrthóirí na gcuideachtaí sin cionn is gur féidir ordú dícháilíochta a dhéanamh ina gcoinne ag an Ard-Chúirt ar iarratas an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Nasc: Baint Neamhthoilteanach den Chlár.

Cailleadh Díolúine ó Iniúchadh

Ní mór tabhairt faoi deara gur guma cíbe acu go dtugtar tarscaoileadh do chuideachta nó mura dtugtar, meastar go fóill go bhfuil an tuairisceán bliantúil comhdaithe go déanach. Mar gheall air sin, i gcás a bhfuil tuairisceán bliantúil comhdaithe go déanach, ní mór cuntais iniúchta a chur leis an tuairisceán bliantúil déanach sin agus leis an mbliain ina dhiaidh sin.  Féach Díolúine ó Iniúchadh