TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA – BUAICPHOINTE DHEIREADH FÓMHAIR

 
Cuideachtaí a bhfuil dáta tuairisceáin bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair agus spriocdháta comhdaithe ar an 28 Deireadh Fómhair, iarrtar orthu an tuairisceán bliantúil a chomhdú in am, agus é a chomhdú ar líne mar an chéad rogha. Má chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1

Cuideachtaí a bhfuil dáta tuairisceáin bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair agus spriocdháta comhdaithe ar an 28 Deireadh Fómhair, iarrtar orthu an tuairisceán bliantúil a chomhdú in am. Fág go leor ama roimh do spriocdháta sonrach chun é sin a dhéanamh, lena n-áirítear an leathanach sínithe a sheachadadh.

Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh.

Nuair a chuireann tú d'fhoirm B1 isteach ar líne beidh 28 lá eile agat ón dáta ar ar cuireadh isteach é chun do leathanach sínithe agus do chuid ráiteas airgeadais a sheachadadh ar an CRO. Gearrtar táille comhdaithe €20 ar r-B1.

Is féidir go bhfaighidh tú rabhadh nó earráid agus tú ag ríomhchomhdú ar an gcóras CORE. Ní chuirfidh rabhaidh cosc ort do thuairisceán bliantúil a chomhdú. Is é aidhm na rabhadh a chur in iúl duit nach ionann an fhaisnéis a tugadh ar fhoirm B1 agus an fhaisnéis atá ann i dtaifid CRO.

Má fhaigheann tú earráid, áfach, ní mór í a cheartú sula bhféadfar an tuairisceán bliantúil a chur isteach. Ní cheadófar duit tuairisceán bliantúil a bhfuil earráidí ann a chur isteach.

Má dhéantar comhdú déanach ar thuairisceán bliantúil, cuirfear pionóis um chomhdú déanach ort agus, i gcás inarb infheidhme, caillfidh an chuideachta an teidlíocht maidir le díolúine ó iniúchadh a éileamh sa dhá bhliain ina dhiaidh sin.

A luaithe atá foirm B1 (foirm Tuairisceáin Bhliantúil) comhdaithe ar CORE laistigh de 28 lá ó dháta a tuairisceáin bhliantúil, ní mór na Ráitis Airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF tráth nach déanaí ná an dara tréimhse 28 lá agus sula seachadtar an leathanach sínithe chuig CRO. Ní mór íocaíocht as an tuairisceán bliantúil a dhéanamh ar líne.

Is é €20 an táille a ghearrtar as ríomhfhoirm B1 a chomhdú. Cuimhnigh gurb amhlaidh, má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chárta creidmheasa, gur lom láithreach a ghlacfar an íocaíocht agus NACH mBEIDH sí in-aisíoctha (mar nach féidir linn sonraí cárta a stóráil). Má roghnaíonn tú íocaíocht a dhéanamh trí chuntas custaiméara, ní asbhainfear an íocaíocht ó do chuntas custaiméara go dtí go gcuirtear sínithe leis. Má chomhdaítear tuairisceán bliantúil go déanach, beidh feidhm ag pionóis i leith comhdú déanach agus, nuair is infheidhme, caillfidh an chuideachta a teidlíocht i leith díolúine ó iniúchadh a éileamh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin.

Chun cur chun feidhme na Treorach athbhreithnithe maidir le Seirbhísí Íocaíochta (PSD2) a éascú, ar dlí Eorpach é a tháinig i bhfeidhm le déanaí chun é a dhéanamh níos sábháilte do thomhaltóirí íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh ar líne, bhí ar CRO athruithe a dhéanamh ar ár leathanach íocaíochta ach 6 réimse nua a chur leis. Is eol dúinn go bhfuil roinnt daoine atá ag úsáid an chórais CORE ag streachailt leis na réimsí nua sin agus ag teacht ar earráidí agus iad ag iarraidh íocaíocht ar líne a dhéanamh. 

Chun earráidí a sheachaint agus leanúint leis an íocaíocht, déan cinnte de go líonann tú na sonraí isteach sna 6 réimse go léir (Seoladh 1, Seoladh 2, Cathair, Postchód, Tír agus Uimhir Theileafóin). Má chuirtear roinnt saincharachtar isteach sna réimsí, cruthófar earráidí agus cuirfear cosc ar lódáil an scáileáin iontrála cárta creidmheasa. Mar shampla, ní ghlactar le lúibíní “(“ “)” sa réimse uimhir theileafóin. Níor cheart carachtair neamhaibítreacha/neamhuimhriúla a úsáid, seachas comharthaí athfhriotail agus fleiscíní do na seoltaí.

De ghnáth, is fearr an brabhsálaí Internet Explorer a úsáid leis na córais ar líne reatha de chuid CRO. Dá bhrí sin, mholfaimis do chustaiméirí Internet Explorer a úsáid nuair is féidir agus iad ag ríomhchomhdú.

Má thagann tú ar fhadhbanna agus tú ag ríomhchomhdú, is féidir go réiteofar an fhadhb ach athrú chuig brabhsálaí Gréasáin eile. Bí ar an eolas freisin gurb amhlaidh in amanna go bhfuil líon ard úsáideoirí ag fáil rochtain ar an gcóras ag an aon am amháin agus is féidir go mbeidh ort triail eile a bhaint as dá bharr. Mura réitíonn sé sin an fhadhb, déan teagmháil le CRO: Teileafón 00 353 (0) 1 804 5200/Íosghlao 1890 220 226* nó eb1@dbei.gov.ie.

Mar mhalairt air sin, déan teagmháil leis an rannóg Ríomhchomhdaithe ach glao a chur ar 00 353 (0) 1 804 5355/00 353 (0) 1 804 5374 nó ríomhphost a sheoladh chuig electronic.filing@dbei.gov.ie
 
LEATHANAIGH SÍNITHE
Is féidir foirm B1 a shíniú go digiteach trí leas a bhaint as deimhniú de chuid Sheirbhísí ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Is féidir í a shíniú trí leas a bhaint as leathanach sínithe freisin. Beidh an leathanach sínithe ar fáil tar éis foirm B1 a chur isteach go leictreonach. Ní mór an leathanach sínithe a phriontáil amach, a shíniú agus a sheachadadh chuig CRO laistigh de 28 lá ón bhfoirm a chur isteach ar líne. Mura seachadtar an leathanach sínithe do CRO in am, is féidir go ngearrfar pionóis chomhdúcháin dhéanaigh agus go gcaillfear an díolúine ó iniúchadh. I gcás go seachadfar doiciméad chuig CRO tar éis a spriocdháta comhdaithe ar chúis ar bith, lena n-áirítear mar go ndearnadh é a chailleadh nó a mhoilliú sa chóras poist, níl an dara rogha ag CRO ach caitheamh leis an doiciméad mar dhoiciméad déanach.

Ón 1 Aibreán 2018 i leith, diúltaítear d’fhoirmeacha B1 go huathoibríoch i gcás nár síníodh an leathanach sínithe ar fhoirm B1 nó nár síníodh an deimhniú foriomlán nó i gcás nach bhfuil ach síniú amháin air nó i gcás nár uaslódáladh na ráitis airgeadais.