DTB níos déanaí a ainmniú

Úsáidtear Foirm B73 le DTB níos déanaí a shocrú. Ní féidir le cuideachta Foirm B73 a chomhdú ach gach cúig bliana.

Má theastaíonn ó do chuideachta a DTB reatha a shíniú, is féidir léi é seo a dhéanamh:

  • trí thuairisceán bliantúil a sheachadadh don CRO tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis a DTB reatha, nach gá cuntais a chur i gceangal leis; agus
  • trí DTB nua a ainmniú ar Fhoirm B73, dáta tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a DTB reatha.

Nóta Tábhachtach - Ní mór Foirm B73 a sheachadadh don CRO, de bhua reachta, tráth nach déanaí ná 28 lá ó DTB reatha na cuideachta. Mar ábhar dlí, ní bhíonn éifeacht ag Foirm B73 agus ní féidir leis an CRO glacadh léi nuair a chomhdaítear í breis is 28 lá ó DTB reatha na cuideachta.

An Dara thuairisceán bliantúil agus Cuideachta nua

Ní mór do chuideachtaí nua cuntais a chomhdú leis an dara thuairisceán bliantúil, tuairisceán ar gá a bheith curtha le chéile suas go dtí dáta nach déanaí ná 18 mí ó ionchorpraíodh an chuideachta, ach amháin nuair a athraíonn an chuideachta a DTB. Is féidir leis na cuideachtaí seo a DTB a shíniú ag úsáid Foirme B73 agus an nós imeachta ar a dtugtar breac-chuntas thuas. Bíonn ar an gcuideachta CGB a thionól i gcónaí tráth nach déanaí ná 18 mí ó ionchorpraítear an chuideachta. Ina theannta sin, ní mór di cuntais a chur i láthair ag an gCGB tráth nach déanaí ná 9 mí ó dháta an chláir chomhardaithe. Ní chóir Foirm B73 a chomhdú leis an gcéad thuairisceán bliantúil de chuid na cuideachta, toisc go ngiorróidh sé seo an méid ama a thugtar don chuideachta le cuntais a chomhdú lena tuairisceán bliantúil.

An céad thuairisceán bliantúil agus Cuideachta nua

Féadtar foirm B73 a úsáid chun ARD cuideachta a leathnú faoi suas go dtí sé mhí, uair amháin gach cúig bliana. Cé gur féidir le cuideachta foirm B73 a chomhdú lena céad tuairisceán bliantúil (a cheanglaítear a dhéanamh suas go dtí an dáta atá sé mhí ó dháta corpraithe), ní mholtar é sin a dhéanamh, toisc gurb í an éifeacht a bhíonn leis ná an tréimhse a laghdú, a gceanglófar ar an gcuideachta a dara tuairsiceán bliantúil a chomhdú laistigh de, (a cheanglaítear cuntais a cheangal leis) ó 19 mí tar éis corpraithe go dtí uastréimhse 13 mí tar éis corpraithe.

Ina theannta sin, beidh ar an gcuideachta fanacht go dtí go bhfuil tréimhse cúig bliana caite sular féidir léi Foirm B73 a úsáid arís.

Nasc: Foirmeacha