Ní dheimhnítear seachadadh lá dár gcionn le post cláraithe

Tabhair faoi deara gur chuir An Post in iúl NACH nDEIMHNÍTEAR SEACHADADH LÁ DÁR gCIONN LE POST CLÁRAITHE. Dá bhrí sin, más rud é go seoltar doiciméad chuig an CRO trí Phost Cláraithe agus go seachadtar é tar éis an spriocdháta comhdaithe, níl an dara rogha ag an CRO de réir an dlí ach
caitheamh leis mar dhoiciméad déanach.

Más rud é go bhfuil Tuairisceán Bliantúil á sheoladh ag cuideachta chuig an CRO tamall gairid roimh a spriocdháta comhdaithe, molann an CRO don chuideachta úsáid a bhaint as seirbhís ama dheimhnithe a chuireann cruthúnas seachadta ar fáil. Ba cheart go mbainfeadh sé sin an riosca go seachadfaí an doiciméad go mall agus d’fhéadfadh go sábhálfadh sé an chuideachta ar phionóis um chomhdú déanach a thabhú agus ar íoc as dhá iniúchadh.

Is ann do roinnt soláthraithe a thairgeann an cineál seo seirbhíse, lena n-áirítear MEARPHOST, a dheimhníonn seachadadh lá dár gcionn ag a bhfuil saoráidí rianaithe laistigh den Stát.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: 

Chomhdaítear-go-Déanach