Ainm Cuideachta


Tá sé tábhachtach scrúdú a dhéanamh lena chinntiú nach bhfuil an t-ainm atá ag teastáil uait ró-chosúil le hainm eile ar chlár na gcuideachtaí sula gcuireann tú na doiciméid foirmithe cuideachta isteach. Is féidir ainm cuideachta a cur in áirithe freisin i CORE ar líne.

Cén áit is féidir liom an t-ainm cuideachta atá molta agam a sheiceáil?

Tugtar comhairle d’iarrthóirí scrúdú a dhéanamh ar chlár na gcuideachtaí le fáil amach an bhfuil an t-ainm atá molta acu cosúil le hainm atá cláraithe cheana. Is féidir é seo a dhéanamh saor in aisce ag úsáid saoráide na CRO le cuardach ar an ngréasán.

Is féidir an tsaoráid chuardaigh seo a úsáid le faisnéis chuideachta a rochtain lá agus oíche. Is í an tsaoráid cheanna atá le fáil in oifig phoiblí na CRO agus taispeántar na torthaí ar an bpointe. Le haghaidh tuilleadh faisnéise tabhair cuairt ar Cuardach Cuideachta.

Ní chuireann an CRO na hainmneacha atá molta i gcomparáid leis na hainmneacha ar chlár na n-ainmneacha gnó nó clár na dtrádmharcanna.

Tugtar comhairle d’iarrthóirí, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar na cláir seo lena chinntiú nach bhfuil an t-ainm gnó nó trádmharc in úsáid cheana, toisc gur féidir le duine ar bith a éilíonn go bhfuil ceart aige/aici chun an t-ainm sin, beart bréagthairiscinte a dhéanamh lena leasanna a chosaint.

Is féidir leat cuardach a dhéanamh ar chlár na n-ainmneacha gnó ag an CRO (mar an gcéanna le clár na gcuideachtaí, is féidir leat saoráid na CRO a úsáid chun cuardach ar an ngréasán) agus ar chlár na dtrádmharcanna ag Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.

Ní féidir, cuirtear srianta le do rogha ainm cuideachta. Is féidir leis an CRO ainm a dhiúltú:

  • má bhíonn an t-ainm sin nó ainm comhchosúil in úsáid cheana ag cuideachta ar chlár na gcuideachtaí
  • más ainm urghránna é
  • má thabharfadh sé urraíocht stáit le tuiscint

Tugtar comhairle duit costais a sheachaint maidir leis an ainm atá molta agat (m.sh. comharthaí, páipéar litreacha agus páipéarachas le hainm na cuideachta, srl. a ullmhú) sula bhfaigheann tú deimhniú ionchorpraithe a dheimhneoidh gur cláraíodh an chuideachta faoin ainm a roghnaíodh.

Tá sé tábhachtach scrúdú a dhéanamh lena chinntiú nach bhfuil an t-ainm atá ag teastáil uait ró-chosúil le hainm eile ar chlár na gcuideachtaí sula gcuireann tú na doiciméid foirmithe cuideachta isteach. Má bhíonn an t-ainm atá roghnaithe agat ró-chosúil le hainm cuideachta eile, agus má ghlacann an CRO leis le haghaidh cláraithe, trí neamhaire nó a mhalairt, d’fhéadfadh agóid scríofa a bheith curtha isteach de bharr cosúlachta chuig Clár na gCuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis do chuideachta a ionchorprú agus d’fhéadfadh a bheith ort ainm do chuideachta a athrú ar ordú ón gCláraitheoir.

Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a bhfuil ainmneacha ró-chosúil lena chéile nó nach bhfuil,féachfaidh an Cláraitheoir ar na tosca ábhartha ar fad a thugann le tuiscint go bhfuil na hainmneacha ar an dá chuideachta cosúil lena chéile agus go gcuirtear iad trína chéile.

Má thugann an Cláraitheoir ordú do chuideachta, de bhun alt 30 d’Acht na gCuideachtaí 2014, a hainm a athrú, ní mór di é seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná sé sheachtain ón dáta a thugann an Cláraitheoir an t-ordú nó tréimhse níos faide a shocraíonn an Cláraitheoir. Is féidir cuideachta a ionchúiseamh má theipeann uirthi cloí leis an ordú.

Treoirlínte

Cabhróidh na treoirlínte seo a leanas leat agus measúnú á dhéanamh agat ar cé acu ainmneacha cuideachta inghlactha nó nach ea atá á roghnú agat:

  • Ní féidir ainmneacha a chuimsíonn focail áirithe a úsáid gan cead a fháil roimh ré ó chomhlachtaí ábhartha. Mar shampla, ní féidir na focail "bank (banc)", "banking (baincéireacht)", "banker (baincéir)" a úsáid gan cead a fháil ó Bhanc Ceannais na hÉireann. Baineann na srianta seo le hainmneacha a chuimsíonn an focal "bank (banc)" freisin, ar nós "hollybank", "sweetbank", "canal bank", "bancorp", srl. agus an sloinne "Banks", in ainneoin an bhfíorais nach mbeadh sé beartaithe ag an gcuideachta á ionchorprú tabhairt faoi ghnó baincéireachta.
  • Ní féidir an focal "society (cumann)", "co-op (giorr. comharchumann)" nó "co-operative (comharchumann)" a úsáid gan cead a lorg agus a fháil roimh ré ó Chláraitheoir na gCara Chumann.
  • Ní féidir na focail "University (Ollscoil)" agus "Institute of Technology (Institiúid Teicneolaíochta)" nó "Regional Technical College (Ceardcholáiste Réigiúnach)" a úsáid gan cead a lorg agus a fháil roimh ré ón Roinn Oideachais.
  • I gcás an fhocail "Charity (Carthanas)", is féidir tuilleadh faisnéise a lorg ón CRO le tacú leis an iarratas.
  • Má úsáidtear focail san ainm a thugann feidhmeanna sonracha le fios, m.sh. "holding (sealbhaíocht)", "group (grúpa)", srl., féadfaidh tuilleadh faisnéise a bheith ag teastáil ón CRO le tacú leis an iarratas.
  • Cuirtear cosc ar an bhfocal "standard (caighdeán)" a úsáid.
  • Ní fhéadfar leas a bhaint as an bhfocal "ailtire", cibé as féin nó in éineacht le haon fhocail nó litreacha eile, ná as ainm, teideal nó cur síos lena dtugtar le fios go bhfuil an duine sin cláraithe amhlaidh, ach amháin más rud é go bhfuil Fógra Cinnidh eisithe ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann. Níl feidhm aige sin maidir leis na hainmneacha "ailtire tírdhreacha", "ailtire cabhlaigh", "teicneoir ailtireachta", "teicneolaí ailtireachta", agus "ailtire dearaidh intí" agus téarmaí cosúil leo sin.

  • Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir ceanglas bheith i bhfeidhm go bhfuil ar roinnt cuideachtaí bainistíochta na focail "Cuideachta Bainistíochta Úinéirí" nó "CBÚ" bheith san áireamh san ainm cuideachta. Foráiltear le halt14(3) go mbeidh na focail "cuideachta bainistíochta úinéirí" san áireamh san ainm ar gach cuideachta bainistíochta úinéirí lena mbaineann an t-alt seo, ar focail iad a fhéadfar a ghiorrú go "CBÚ". A14(4) "Tá feidhm ag an alt seo maidir le cuideachtaí bainistíochta úinéirí d’fhorbairtí ilaonad, nach ndearnadh conradh ina leith chun aonad cónaithe a dhíol sular achtaíodh an tAcht seo". Tosaíodh Alt 14 an 24 Eanáir 2011.

Féach Bileog Faisnéise 1.

Ainm na cuideachta a thaispeáint

Ní mór do gach gnólacht a hainm a phéinteáil nó a ghreamú lasmuigh de gach oifig nó áit ina ndéantar gnó fiú amháin más teach an stiúrthóra a bhíonn i gceist. Ní mór don ainm a bheith sofheicthe agus inléite araon.

Ní mór don chuideachta a hainm a lua, i litreacha inléite, ar chinn litreach na cuideachta, foirmeacha ordaithe, sonraisc, srl. Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar na ceanglais reachtúla, féach Bileog Faisnéise Uimh. 7, "Ceanglais Nochta agus Foilseacháin maidir le Cuideachtaí agus Ainmneacha Gnó".

Cuideachta a ionchorprú atá faoi dhliteanas teoranta gan na focail "Cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe" nó "Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta" a úsáid in ainm na cuideachta

Is féidir an tearma "Cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe" nó "Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta" a fhágáil ar lár ó ainm na cuideachta nuair a bhíonn sé mar chuspóir aici tráchtáil, ealaín, eolaíocht, oideachas, creideamh nó carthanacht a chur chun cinn. Ina theannta sin, ní mór a lua i meabhrán nó in airteagail chomhlachais na cuideachta

  • gur gá brabús na cuideachta (más ann) nó ioncam ar bith eile a úsáid leis na cuspóirí a chur chun cinn;
  • go gcuirtear cosc ar dhíbhinní a íoc lena comhaltaí;
  • gur gá na sócmhainní ar fad a bheadh ar fáil do na comhaltaí ar chuma eile a aistriú chuig cuideachta eile nuair a dhéantar an chuideachta a fhoirceannadh agus gurb iad cuspóirí na cuideachta eile freisin ná tráchtáil, ealaín, eolaíocht, caidreamh nó carthanacht a chur chun cinn.

Ba chóir a thabhairt faoi deara áfach, go bhfuil d’oibleagáid ar chuideachta fós, nach mór di na focail "Cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe" nó "Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta" a úsáid mar chuid d’ainm na cuideachta, a thaispeáint gur cuideachta theoranta í ina cuid litreacha agus foirmeacha ordaithe.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach Bileog Faisnéise Uimh. 24, "Díolúine ó "Cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe"/"Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta" a úsáid mar chuid d’ainm cuideachta".

Ainm a athrú

Is féidir le cuideachta a hainm a athrú trí rún speisialta agus nuair a fhaigheann sí cead scríofa ó Chláraitheoir na gCuideachtaí.

Féach mar ainm a athrú.