Athúsáid Faisnéise - Clár na gCara-Chumann

Rialacháin um Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí 2005 (SI 279 de 2005)

Duine a bhfuil Freagracht aige - paul.mchenry@dbei.gov.ie   

Ráiteas ar Bheartas maidir le Scaoileadh Sonraí

(a) Scrúduithe Aonaracha ar na cláir i gClár na gCara-Chumann

Cuirtear an fhaisnéis a chomhdaítear le Clár na gCara-Chumann de bhun Achtanna um Chumainn Tionscail agus Choigiltis 1893 go 2014, Achtanna na gCara-Chumann 1896 go 2014 agus Achtanna na gCeardchumann 1871 go 1975, ar fáil le haghaidh scrúdaithe phoiblí de bhun na reachtanna sin, ar tháille bheag de ghnáth, atá socraithe ag an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta.

Coimeádann an Clár comhaid taifead poiblí ar gach aonán cláraithe. Cuirtear iad seo ar fáil le scrúdú a dhéanamh orthu ar íocaíocht táille atá leagtha síos. Tá doiciméadú oifigeach sna comhaid seo a bhaineann leis na nithe seo a leanas

  • Tuairisceán Bliantúil lena n-áirítear cuntais iniúchta
  • Rialacha Cláraithe
  • Fógra maidir le Leasú ar Rialacha
  • Fógra maidir le hAthrú ar Oifig Chláraithe

Is é €6.00 gach comhad Tionscail agus Coigiltis nó Chara-Chumann an táille atá leagtha síos faoi láthair chun scrúdú a dhéanamh ar chomhad taifid phoiblí. Níl aon mhuirear ar scrúdú chomhaid Cheardchumainn. Is féidir fótachóipeanna de gach doiciméad ar an gcomhad poiblí a dhéanamh freisin. Is 25 cent an muirear ar gach leathanach do na chéad 10 leathanach agus 10 cent gach leathanach ina dhiaidh sin. Tá an tseirbhís seo ar fáil sa phost freisin. Is féidir comhaid taifead poiblí a scrúdú gan iarraidh Saorála Faisnéise a dhéanamh.

Féadann an Clár na bunsonraí clárúcháin ar gach aonán a sholáthar, saor in aisce, mar fhreagairt ar cheisteanna ginearálta mar seo a leanas- ainm cláraithe, uimhir chláraithe, oifig chláraithe, cíbe cláraithe nó cealaithe, cineál cumainn, an bhliain is déanaí a comhdaíodh tuairisceán bliantúil agus, más cuí, tuairisceán tríbhliantúil.

Níl láithreán gréasáin tiomanta ag an RFS nó ní stóráiltear an fhaisnéis go leictreonach agus níl sé in ann sonraí builc a sholáthair dá réir.

(b) Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí de réir Rialúchán CE (Athúsáid Faisnéise ón Earnáil Phoiblí 2005 (SI 279/2005)

Agus í mar chomhlacht earnála poiblí, tá an RFS faoi réir na Rialachán thuasluaite. Gearrann an RFS táille ar athúsáid doiciméad a soláthraítear di de bhun iarrata faoi réir na Rialachán.

Ní mór tabhairt faoi deara nach n-éilítear ar RFS faoi na Rialacháin doiciméad a chruthú nó a athrú chun iarratas a chomhlíonadh, nó sleachta ó dhoiciméid a sholáthar i gcás a mbainfidh iarracht dhíréireach leis, ag dul thar oibríocht shimplí nó le leanúint le táirgeadh de chineál áirithe doiciméid le haghaidh athúsáide.

Má dhéantar iarracht laistigh de na Rialacháin ar athúsáid doiciméad, sa dóigh is go n-éilítear ar an RFS de réir na Rialachán na doiciméid a scaoileadh, scaoilfidh an RFS an t-ábhar a shonraíonn an t-iarratasóir faoi réir téarmaí fhoirm PSI Ceadúnas Ginearálta Uimh. 2005/08/01, atá ar fáil ag www.psi.gov.ieLinks to external website, agus faoi réir clásail muirearaithe sa bhreis á gcur leis an gCeadúnas (féach thíos). Éilítear ar iarratasóir le haghaidh athúsáide doiciméad glacadh le agus bheith faoi cheangal téarmaí agus coinníollacha an Cheadúnais seo le ligean don RFS doiciméid a iarradh a scaoileadh.

I gcás ina ndéanann duine iarraidh don RFS chun doiciméid a scaoileadh le faisnéis earnála poiblí a hathúsáid, agus go n-éilítear ar an RFS de réir Rialachán na doiciméid sin a scaoileadh, cuirfidh an RFS in iúl don iarratasóir leibhéal an mhuirir a ghearrfar le hathúsáid na ndoiciméad ina leith. Ní mór don iarratasóir ansin Foirm PSI Ceadúnas Ginearálta Uimh. 2005/08/01 a sheoladh chuig an RSF, comhlánaithe agus an clásal muirearaithe curtha leis a léiríonn leibhéal an mhuirir a bhaineann leis de réir mar a chuir an RFS in iúl don iarratasóir faoi. Déanfaidh an RFS na doiciméid a iarradh a scaoileadh i ndiaidh dó comhaontú Ceadúnais forghníomhaithe a fháil.

Is é mar seo a leanas téacs an chlásail mhuirearaithe:

11. Forléireofar Clásal 2 faoi réir an chlásail sin - ní bhaineann an Ceadúnas seo ach leis na doiciméid seo a leanas:

[ionsáigh sonraíocht na ndoiciméad a iarrann an t-iarratasóir ina iarraidh/hiarraidh don RFS]

Aontaíonn an Ceadúnaí méid € [ ] le híoc don Cheadúnóir maidir le scaoileadh na ndoiciméad atá clúdaithe ag an gCeadúnas seo, de réir mar atá sonraithe thuas, méid a íocfar as gach scaoileadh na ndoiciméad luaite ag an gCeadúnóir don Cheadúnaí. [Sonraigh minicíocht chun doiciméid a scaoileadh más iarraidh é ar scaoileadh leanúnach na ndoiciméad ag RFS, mar shampla laethúil, seachtainiúil srl.]

Bonn muirir

De réir mar a éilíonn na Rialacháin, déanfaidh an RFS muirir le haghaidh athúsáide a ríomh ar bhonn nach rachaidh méid iomlán an ioncaim a ghearrfar as soláthar agus ceadú athúsáide doiciméad, nach rachaidh sé thar chostas measta lena mbailiúchán, tairgeadh, atáirgeadh agus scaipeadh, in éineacht le fáltas réasúnta ar an infheistíocht. Déanfar muirir a ghearradh dírithe ar chostas thar an tréimhse cuntasaíochta a bhaineann leis agus a ríomh de réir prionsabal cuntasaíochta atá ag an RFS.