Cad atá nua 2019?

Nollaig

Comhpáirtíochtaí Teoranta 

Síníodh Ionstraim Reachtúil 597 de 2019 agus tiocfaidh sí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020. Tá an rialachán infheidhme maidir le Comhpháirtíochtaí Teoranta agus maidir lena mblianta airgeadais a thosaíonn an 1 Eanáir 2020 nó ina dhiaidh sin.

Cuireadh Rialacháin 2019 ón Aontas Eorpach (Comhpháirtíochtaí Cáilithe:
Cuntasaíocht agus Iniúchóireacht) in ionad Rialacháin 1993 lena ndearnadh comhpháirtíochtaí teoranta a rialú. Tá leagan nuashonraithe den Fhoirm P1 ar fáil ón suíomh gréasáin.

Ní mór do chomhpháirtíochtaí cáilithe a chomhlíonann na critéir faoi Chuid 26 tuarascáil maidir le híocaíochtaí a dhéantar le Rialtais a chur isteach. Déantar Foirm PR2 a chomhlánú agus ní mór í a chomhdú laistigh de 11 mhí tar éis dheireadh na bliana airgeadais (Ón 1 Eanáir 2020). Táille 15 Euro.

Ag ullmhú do Brexit

Tá an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht as an Aontas Eorpach. Níltear cinnte fós faoi cathain nó faoin gcaoi a dtarlódh sin.  

Is cuma cén cruth deireadh a bheidh ar an mBreatimeacht, beidh roinnt athruithe, a bhfuilimid ag ullmhú dóibh, mar thoradh ar chinneadh na Ríochta Aontaithe an AE a fhágáil, anseo in Éirinn agus i measc ár gcomhpháirtithe san AE, chomh maith.  Cé go bhfuil go leor éiginnteachta ann go fóill, is tábhachtach go mbíonn cur amach ag gach duine ar an méid a d’fhéadfadh bheith i gceist le Brexit i dtaobh do ghnó agus do shaoil laethúil.

Más saoránach buartha thú, nó má tá tú ag smaoineamh ar cén tionchar a bheidh ar an mBreatimeacht ar do chuid ghnó, tá sé mar aidhm ag an tsuíomh gréasáin Rialtais seo (https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/) cabhair a thabhairt duit le dul i mbun ullmhúcháin

Táimid ag obair chun an suíomh gréasáin seo a choimeád suas chun dáta leis an bhfaisnéis is déanaí. Féach ar an suíomh go rialta toisc go dtugtar faisnéis chun dáta go minic: - https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/

UAIREANTA OSCAILTE NA NOLLAG/NA hATHBHLIANA

Dé Luain 23 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 4.30 i.n.
Dé Mairt 24 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 12 meán lae
Dé Céadaoin 25 Nollaig 2019 Dúnta
Déardaoin 26 Nollaig 2019 Dúnta
Dé hAoine 27 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n.
Dé Luain 30 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n.
Dé Mairt 31 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n.
Dé Céadaoin 1 Eanáir 2020 Dúnta
Déardaoin 2 Eanáir 2020 Atosaíonn gnáthuaireanta oscailte ar aghaidh

Samhain

Nollaig 2019

Ba ionann líon na gcuideachtaí a raibh a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil cláraithe leis an RBO ag deireadh mhí na Samhna agus 160,000 nó 70% den líon iomlán, agus ba ionann líon na gcumann tionscail agus coigiltis a bhí cláraithe agus 450 (47%).

Ba mhaith leis an gCláraitheoir a bhuíochas a ghabháil leis na cuideachtaí agus na cumainn sin a chláraigh a sonraí um úinéireacht thairbhiúil leis an RBO roimh an spriocdháta le haghaidh comhdaithe.

Ós rud é go bhfuarthas níos mó ná 150,000 aighneacht le roinnt seachtainí, tá líon suntasach d’aighneachtaí fós á bpróiseáil.

Má rinne do chuideachta/chumann aighneacht a chomhdú agus
(a) tá tú ag fanacht ar ríomhphost le cur in iúl duit cé acu a rinneadh d’aighneacht a chlárú nó a dhiúltú, nó
(b) tá duine is ábhar sonraí ag fanacht ar litir dhiúltaithe a fháil, nó
(c) tá BEN2 comhdaithe agat agus tá tú ag fanacht ar uimhir RBO,
bí ar an eolas go bhféadfadh sé roinnt seachtainí a ghlacadh chun na haighneachtaí sin a phróiseáil agus bheadh an Cláraitheoir buíoch as do chuid foighne de réir mar a dhéanann Foireann RBO na riaráistí sin a phróiseáil.

Má rinne do chuideachta aighneacht a chomhdú a bhí diúltaithe ag an RBO, féach CC Uimh. 14 ar shuíomh gréasáin an RBO.
Tabhair faoi deara, nuair a dhéantar aighneacht a dhiúltú, mar gheall ar rialacháin um chosaint sonraí, ní féidir leis an RBO comhfhreagras a dhéanamh ach le húinéir na sonraí pearsanta (.i. an t-úinéir tairbhiúil). Sa chás sin, scríobhfaidh an RBO chuig an úinéir tairbhiúil ábhartha sin a luaithe is féidir tar éis dháta an diúltaithe.

Má chomhdaigh tú nó má rinne tú iarracht comhdú a dhéanamh leis an RBO roimh an spriocdháta le haghaidh comhdaithe, rinneadh sin a thaifeadadh ar an RBO agus tá sé tugtha faoi deara ag an gCláraitheoir.

Tá an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil (RBO) fós oscailte chun comhdúcháin a ghlacadh ó chuideachtaí agus ó chumainn nach bhfuil a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil comhdaithe acu go fóill.

Tugtar comhairle do chuideachtaí agus do chumainn nach bhfuil comhdú déanta acu cheana féin leis an RBO é a dhéanamh mar ábhar práinne d’fhonn ionchúiseamh a sheachaint.

UAIREANTA OSCAILTE NA NOLLAG/NA hATHBHLIANA

Dé Luain 23 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 4.30 i.n.
Dé Mairt 24 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 12 meán lae
Dé Céadaoin 25 Nollaig 2019 Dúnta
Déardaoin 26 Nollaig 2019 Dúnta
Dé hAoine 27 Nollaig 2019 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n.
Dé Luain 30Nollaig 2019 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n.
Dé Mairt 31Nollaig 2019 9.30 r.n. go 1 i.n. & 2.15 go 4.30 i.n.
Dé Céadaoin 1 Eanáir 2020 Dúnta
Déardaoin 2 Eanáir 2020 Atosaíonn gnáthuaireanta oscailte ar aghaidh

Nótaí Creidmheasa
Le roinnt mhaith blianta anuas, tá CRO ag eisiúint nótaí creidmheasa chuig custaiméirí in ionad aisíocaíochtaí airgid thirim a dhéanamh leo. Ag teacht sna sála ar chomhairle dlí a fuarthas ó CRO agus mar chuid den rún atá ag CRO aistriú chuig córas íocaíochtbhunaithe iomlán don airgead ar fad a ghearrtar ar chustaiméirí agus a fhaightear uathu, tá sé mar rún ag CRO deireadh a chur de réir a chéile leis an nglacadh le nótaí creidmheasa stairiúla. Cuirfear tús leis sin an 1 Eanáir 2020 agus cuirfear chun feidhme é ar bhonn rollach sé bliana. Dá bhrí sin, is amhlaidh ón dáta sin i leith go ndéanfar na nótaí creidmheasa ar fad a d’eisigh CRO roimh an 1 Eanáir 2014 a shlánú mar íocaíocht ó chustaiméirí i leith muirir as seirbhísí nó fáltais chuntas custaiméara.

Tá an spriocdháta le haghaidh sonraí úinéireachta tairbhiúla a chomhdú ag druidim orainn
Faoin Ionstraim Reachtúil, beidh ar chumainn agus ar chuideachtaí a sonraí a chomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil faoin Aoine an 22 SAMHAIN 2019.  D’fhéadfadh go n-ionchúiseofaí an cumann/an chuideachta agus go ngearrfaí fíneáil air/uirthi mura gcuirtear an comhdú riachtanach i gcrích faoin 22 SAMHAIN.

Is féidir sonraí úinéireachta tairbhiúla a chomhdú ar líne trí thairseach ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil - www.rbo.gov.ie. Ní féidir aon fhaisnéis a chomhdú i gcóip chrua leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil agus ní ghearrtar aon táillí comhdúcháin.  Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil.

Mura féidir leis an gcumann/leis an gcuideachta freagra ar cheist a aimsiú sna ceisteanna coitianta ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil, féadfaidh sé/sí ríomhphost a sheoladh chuig enquiries@rbo.gov.ie.   

Chun an t-eolas is deireanaí a fháil, lean an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil ar Twitter ag www.twitter.com/RBO_ie agus ar LinkedIn ag www.linkedin.com/company/central-rbo/  

Deireadh Fómhair

Cuideachtaí nua - Spriocdháta na Nollag 2019 

Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag.

Gnáthschéim 3ú Nollaig 2019
Scéim fé phráin 9ú Nollaig 2019
Scéim a1 ár líne 13ú Nollaig 2019
Athrú ar ainm 9ú Nollaig 2019
Athchláraithe 9ú Nollaig 2019
Áirithinte ar ainm cuideachta 19ú Nollaig 2019

Buaicphointe B1

Cuideachtaí a bhfuil dáta tuairisceáin bhliantúil acu ar an 30 Meán Fómhair agus spriocdháta comhdaithe ar an 28 Deireadh Fómhair, iarrtar orthu an tuairisceán bliantúil a chomhdú in am. Fág go leor ama roimh do spriocdháta sonrach chun é sin a dhéanamh, lena n-áirítear an leathanach sínithe a sheachadadh.

Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh. Buaicphointe Dheireadh Fómhair.

TÁ AN SPRIOCDHÁTA LE hAGHAIDH SONRAÍ ÚINÉIREACHTA TAIRBHIÚLA A CHOMHDÚ AG DRUIDIM ORAINN

Bunaíodh an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair le hIonstraim Reachtúil Uimh. 110/2019 agus osclaíodh é an 29 Iúil 2019. Faoin Ionstraim Reachtúil, beidh ar chumainn agus ar chuideachtaí a sonraí a chomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil faoin Aoine an 22 SAMHAIN 2019. D’fhéadfadh go n-ionchúiseofaí an cumann/an chuideachta agus go ngearrfaí fíneáil air/uirthi mura gcuirtear an comhdú riachtanach i gcrích faoin 22 SAMHAIN.

Is féidir sonraí úinéireachta tairbhiúla a chomhdú ar líne trí thairseach ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil - www.rbo.gov.ie. Ní féidir aon fhaisnéis a chomhdú i gcóip chrua leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil agus ní ghearrtar aon táillí comhdúcháin. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil ag www.rbo.gov.ie

Meán Fómhair

Ag ullmhú do Brexit

Tá an Ríocht Aontaithe ar tí imeacht as an Aontas Eorpach. Níltear cinnte fós faoi cathain nó faoin gcaoi a dtarlódh sin.  Tá sé comhaontainteag an AE agus an RA le déanaí go mbeidh síneadh go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019, ionas gur féidir leis an bpróiséas poilitíochta sa RA leanúint ar aghaidh, agus é mar aidhm aistarraingt ordúil den RA ón AE a chinntiú.

Is cuma cén cruth deireadh a bheidh ar an mBreatimeacht, beidh roinnt athruithe, a bhfuilimid ag ullmhú dóibh, mar thoradh ar chinneadh na Ríochta Aontaithe an AE a fhágáil, anseo in Éirinn agus i measc ár gcomhpháirtithe san AE, chomh maith.  Cé go bhfuil go leor éiginnteachta ann go fóill, is tábhachtach go mbíonn cur amach ag gach duine ar an méid a d’fhéadfadh bheith i gceist le Brexit i dtaobh do ghnó agus do shaoil laethúil.

Más saoránach buartha thú, nó má tá tú ag smaoineamh ar cén tionchar a bheidh ar an mBreatimeacht ar do chuid ghnó, tá sé mar aidhm ag an tsuíomh gréasáin Rialtais seo (https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/) cabhair a thabhairt duit le dul i mbun ullmhúcháin

Táimid ag obair chun an suíomh gréasáin seo a choimeád suas chun dáta leis an bhfaisnéis is déanaí. Féach ar an suíomh go rialta toisc go dtugtar faisnéis chun dáta go minic: - https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/

Iúil

Ceapadh Cláraitheoir na gCuideachtaí mar Chláraitheoir Úinéireachta Tairbhiúil na gCuideachtaí agus na gCumann Tionscail & Coigiltis le héifeacht ón 29 Iúil 2019. Dá réir sin, beidh an Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil ar oscailt chun glacadh le comhduithe ón Luan an 29 Iúil i leith.

Suíomh Greasáin: www.rbo.gov.ie/ga  

BA CHÓIR DÁ CHUSTAIMÉIRÍ "Ceisteanna Coitianta" ATÁ AG TEAGMHÁIL DÍREACH AN AONAD RBO

Is féidir ceisteanna faoi úinéireacht thairbheach a sheoladh chuig: aml@finance.gov.ie  

ÚINÉIRÍ SOCHAIR NACH bhFUIL UPSP orthu

Forbraíodh próiseas chun a chur ar chumas úinéirí tairbhiúla nach bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) Éireannach acu comhaid a chomhdú leis an RBO faoi láthair. Soláthrófar na sonraí iomlána i gCeisteanna Coitianta ar leith ar shuíomh gréasáin RBO - www.rbo.gov.ie  - an 29 Iúil nuair a thosaíonn an RBO ar oibríochtaí.

Taking Care of Business

TAKING CARE OF BUSINESS

Beidh ‘Taking Care of Business’ ar siúl san Óstán Sheraton, Sráid Uí Ghliasáin, Baile Átha Luain ar an 2 Deireadh Fomhair, 2019 idir 8:15rn agus 1:30in.  Ceapadh an t-imeacht uathúil seo go sonrach chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus gnólachtaí nua-thionscanta tuiscint a fháil ar na seirbhísí a chuireann go leor dár gcuid oifigí agus gníomhaireachtaí Stáit ar fáil, agus tairbhe a bhaint astu. Cláraigh ar líne ag https://www.eventbrite.ie/e/one-stop-shop-for-business-tickets-62194109255.

Ní ghearrfar aon táille isteach.

Meitheamh

Cláraitheoir na hÚinéireachta Tairbhiúla

Cuireadh oscailt an RBO siar ar feadh seala. Soláthrófar tuilleadh nuashonruithe trí Nuachtlitir an CRO, suíomh gréasáin an RBO, ríomhphost chuig na páirtithe leasmhara agus trí chuntas Twitter an RBO.

Déanfaidh an RBO teagmháil chomh maith le gach cuideachta agus gach Cumann Tionscail agus Coigiltis ina n-aonar sula n-osclófar an Clár Lárnach. Suíomh Greasáin: www.rbo.gov.ie/ga

Meabhrúchán - Doiciméid Fhorfheidhmithe 

Is féidir doiciméid aischuir agus agóidí ar bhaint de (foirmeacha H16/H17) a sheoladh chuig Oifig Theach Bloom le haghaidh clárúcháin.

Seol leathanaigh shínithe le do thoil (tuairisceáin bhliantúla do chuideachtaí a lánscoireadh) go díreach chuig:
An Rannóg Fhorfheidhmithe, CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 maidir le hiarratas aischuir. Déanfaidh sé seo an próiseas clárúcháin níos tapa.

Tuarascáil Bliantúil CCC 2018

Tá Tuarascáil Chláraitheoir na gCara-Chumainn (2018) le fáil ón leathanach Foilseacháin Chorparáideacha.

Comhpháirtíochtaí Teoranta

Tá an CRO i mbun athrú ó bhonn digiteach maidir leis na cláir go léir atá faoina shainchúram. Tá Céim 1 le Cláraitheoir na gCara-Chumann curtha i gcrích. Táimid ag aistriú anois chuig an gClár Comhpháirtíochtaí Teoranta. Cé go mbeidh na hiarratais fós ar páipéar, beifear ábalta cóipeanna de na doiciméid a ordú ar líne. Ar an drochuair, ar feadh tréimhse ghairid go dtí go mbeidh na cláir eile críochnaithe ní bheifear ábalta íoc as iarratais ar Chomhpháirtíocht Teoranta (LP1, LP2, LP3, LP4, P1) ag baint úsáid as cuntas custaiméara CRO.

Íocfar as na doiciméid sin le seic. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht agus tabharfaimid an t-eolas is déanaí do chustaiméirí a luaithe is féidir maidir le modhanna íocaíochta eile.

Tuarascáil Bliantúla CRO 2018

Tá Tuarascáil Oifig um Chlárú Cuideachtaí 2018 le fáil ón leathanach Foilseacháin Chorparáideacha.

Aibreán

Láithreán gréasáin nua - Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil (An RBO)

Is é an RBO an stór lárnach d'fhaisnéis reachtúil a cheanglaítear ar eintitis ábhartha a choinneáil i ndáil leis na daoine nádúrtha arb iad a n-úinéirí/rialaitheoirí tairbhiúla, lena n-áirítear sonraí na leasanna tairbhiúla atá ina seilbh acu.

Is iad seo a leanas na heintitis ábhartha:

  • cuideachtaí a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó cuideachta reatha de réir bhrí an Achta sin, agus
  • cumainn tionscail agus soláthair a cláraíodh faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair 1893 go 2018. 

Ní mór sonraí faoi úinéireacht thairbhiúil a chomhdú leis an RBO trí thairseach ar líne a osclófar ar an suíomh gréasáin -  https://rbo.gov.ie/ga/ ar an 22 Meitheamh 2019.  Níl aon fhoirmeacha páipéir ná táillí comhdaithe i gceist agus níl oifig an RBO ar oscailt don phobal.

Tá suíomh gréasáin an RBO deartha chun an oiread faisnéise agus is féidir a thabhairt do chuideachtaí agus do chumainn chun cabhrú leat do riachtanais a chomhlíonadh maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú.

Tá áis chuimsitheach Ceisteanna Coitianta agus áis chuardaigh ar an suíomh gréasáin seo a chabhróidh chun thú a threorú agus tú ag comhlíonadh na gceanglas maidir le húinéireacht thairbhiúil a chomhdú. Ní comhairle dlí an fhaisnéis a sholáthraítear inár gCeisteanna Coitianta agus ba cheart do chuideachtaí/chumainn a gcomhairle dlí féin a fháil má bhíonn amhras orthu. 

Uaireanta oscailte

Dúntar an oifig gach Lá Saoire Phoiblí agus Bainc.  Foirm B1: Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh

---------------------------------------------------------------------------------

Cothabháil Láithreán gréasáin CRO

Beidh an CRO ag déanamh cothabhála ar ár láithreán gréasán agus CORE  ar an Aoine seo chugainn 12 Aibreáin 2019. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh fáil ar láithreán gréasáin CRO agus CORE ó 13:00 go 13:30. Is oth linn aon chur isteach ar an bpobal le linn na cothabhála riachtanaí seo. Ár mbuíochas leat as do chomhoibriú.

CLÁR LÁRNACH NA nÚINÉIRÍ TAIRBHIÚLA (RBO)

Rinne an tAire Airgeadais Ionstraim Reachtúil, Uimh. 110 de 2019, chun Clár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair (RBO) a shíniú isteach sa dlí.

Déantar foráil sa reachtaíocht seo i leith Cláraitheoir um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair a cheapadh. Is é an rún an fheidhm sin a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí.

Rinneadh Ionstraim Reachtúil Uimh. 560/2016, lenar ceanglaíodh ar gach eintiteas corparáideach agus dlíthiúil faisnéis chruinn agus reatha a bheith acu maidir lena n-úinéir tairbhiúil (úinéirí tairbhiúla) ina gclár inmheánach, a aisghairm le héifeacht láithreach agus cuireadh IR 110 de 2019 ina hionad.

Tiocfaidh Cuid 3 den IR, a bhaineann leis an gclár lárnach a bhunú, i bhfeidhm an 22 Meitheamh 2019.

I gcomhréir leis an IR, tosóidh an RBO ag glacadh comhdú ar líne ón 22 Meitheamh 2019, agus ina dhiaidh sin beidh cúig mhí ag cuideachtaí agus I&Panna lena sonraí RBO a chomhdú gan a ndualgas reachtúil maidir le comhdú a shárú.

Déanfaidh oifig an Chláraitheora um Úinéireacht Thairbhiúil Cuideachtaí agus Cumann Tionscail agus Soláthair (RBO) teagmháil le gach cuideachta agus gach Cumann Tionscail agus Soláthair (I&P) faoina n-oibleagáid maidir le comhdú sna seachtainí le teacht agus seolfar suíomh gréasáin RBO an 29 Aibreán ar a
soláthrófar tuilleadh faisnéise do chustaiméirí.  

Teimpléad ina leagtar amach na sonraí atá le comhdú leis an RBO:  Teimpléad.pdf

Is féidir téacs iomlán an chúigiú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid (5AMLD) a fháil ag https://bit.ly/2KPksQk  agus is féidir leagan cothrom le dáta de 4AMLD, ina cuimsítear athruithe ar  5AMLD, a fháil ar shuíomh gréasáin CRO ag https://bit.ly/2JNee7z  

Márta

TEORAINN 14 LÁ AR FHOIRMEACHA MAIDIR LE hIARCHORPRÚ A CHUR AR AIS A THABHAIRT ISTEACH

Le héifeacht ón 1 Meitheamh 2019, chinn Cláraitheoir na gCuideachtaí go mbainfidh sé leas as cumhachtaí faoi alt 898 d’Acht na gCuideachtaí 2014, chun teorainn 14 lá chun foirmeacha maidir le hiarchorprú a chur ar ais chuig an CRO nár cuireadh ar ais chuig an láithreoir lena leasú. Mura gcuirtear na doiciméid leasaithe ar ais laistigh den teorainn 14 lá sin measfar nach bhfuarthas iad riamh.

Baineann sé sin le foirmeacha amhail na cinn a bhaineann le Gnáthrúin agus Rúin Speisialta, Leasuithe ar Bhunreachtaí, Leithroinnt Scaireanna, Athruithe ar Scairchaipiteal, agus Nósanna Imeachta Formheasta Achomair.

RFS - TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA
D’eisigh Cláraitheoir na gCara-Chumann os cionn 800 meabhrúchán maidir le Tuairisceán Bliantúil chuig Cumainn Tionscail agus Soláthair ag deireadh mhí an Mhárta chun tús a chur le próiseas forfheidhmiúcháin RFS le haghaidh 2019.

Ceanglaítear leis na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 - 2018 nach mór do Chumann cuntais iniúchta le haghaidh gach bliana a chur isteach chuig an gCláraitheoir. Ní dhéantar foráil ar bith sna hAchtanna i leith an ceanglas sin a tharscaoileadh.

Tá sé níos gaiste, níos saoire agus níos éasca comhdú leis an RFS anois le RFSOnline. Mar shampla cosnóidh sé €20 chun Tuairisceán Bliantúil a Chur Isteach ar líne i gcomparáid le €40 ar thuairisceán páipéir. Chun tús a dhéanamh ar an bhfoirm chuí don tuairisceán bliantúil agus cuntais iniúchta a chur isteach le haghaidh 2018 (agus tuairisceáin amuigh ar bith) rochtain an tairseach úr ag https://rfs.cro.ie/login roimh an spriocdháta an 30/04/2019.

Cumasc Intíre – Athrú ar Fhoirm 206: Nós Imeachta Ceadaithe Achomair

Dearbhú reachtúil a dhéantar faoi théarmaí alt 206 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, is ea foirm 206: nós imeachta ceadaithe achomair (SAP). Athraíodh an fhoirm chun go mbeadh sí níos soláimhsithe ag cuideachtaí. Mar aon leis na ceanglais chaighdeánacha faoi alt 206, is amhlaidh, leis an bhfaisnéis nua a iarrtar, go gceadaítear don iarratasóir na nithe seo a leanas a lua:

 an cineál cumaisc atá á bheartú

  • sonraí na gcuideachtaí eile atá i mbun cumaisc
  • cé acu is amhlaidh gurb í an chuideachta atá i gceist an chuideachta is aistreoir nó an chuideachta is aistrí (an chuideachta is comharba)
  • cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go bhfuil ráiteas alt 209 ag gabháil le foirm 206
  • cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh gur comhdaíodh foirm rúin speisialta (G1P) i leith fhoirm 206.

Is foirm láimhe í an fhoirm sin. Is é €15.00 an táille atá le híoc. 

An costas ar Fhoirmeacha Corpraithe Láimhe i gcomparáid leis an gcostas ar Fhoirmeacha Corpraithe Leictreonacha

Tá foirmeacha áirithe ar fáil i bhformáid láimhe agus i bhformáid leictreonach araon. I bhformhór na gcásanna, bíonn sé níos saoire an fhoirm leictreonach a chomhdú ar líne ná an leagan láimhe a chur isteach le casadh an phoist. Uaireanta, bíonn sé saor in aisce an fhoirm a chomhdú ar líne freisin. Mar shampla, is féidir leat foirm G1 (Rún Speisialta) a chomhdú ar chostas €15 agus is féidir leat an Bunreacht gaolmhar a chomhdú ar chostas €15. Is féidir leat an dá cheann díobh a chomhdú saor in aisce ar líne, áfach. Tarlaíonn an rud céanna i gcás fhoirm G2 (Gnáthrún). Cé gur féidir leat an fhoirm sin a chomhdú de láimh ar chostas €15, is féidir leat déanamh amhlaidh saor in aisce ar líne. Má bhíonn aon cheisteanna agat, cuir glao ar ár líne faisnéise ar 1890 220 226. 

Úsáid a bhaint as Uimhir Chláraithe Iniúchóra agus Ráitis Airgeadais neamhiniúchta á gcomhdú

Tabhair faoi deara nach gceanglaítear ort uimhir chláraithe iniúchóra a thabhairt ar fhoirm B1 (Tuairisceán Bliantúil) ach amháin i gcás go bhfuil ráitis airgeadais iniúchta á gcomhdú agat. Tá seans ann go ndéanfadh an pacáiste bogearraí airgeadais atá in úsáid agat uimhir chláraithe iniúchóra a líonadh isteach go huathoibríoch agus go gcuirfear an uimhir faoi bhráid CRO ansin. Ní fhéadfaidh CRO glacadh leis an tuairisceán bliantúil sa chás sin agus seolfar é ar ais chuig an iarratasóir atá i gceist.

Feabhra

Cothabháil Láithreán Gréasáin CRO 

Beidh an CRO ag déanamh cothabhála ar ár láithreán gréasán CORE ar an Sathairn seo chugainn 2ú Márta 2019. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh fáil ar láithreán gréasáin CRO idir 10 rn. go dtí timpeall 2 in. Ní bheith fáil ar ár seirbhísí ar líne le linn an ama seo. Is oth linn aon chur isteach ar an bpobal le linn na cothabhála riachtanaí seo.

Ár mbuíochas leat as do chomhoibriú.

Comhpháirtíochtaí Teoranta

Tá an Roinn Gnóthaí, Fiontar agus Nuálaíochta ag athbhreithniú an Achta um Chomhpháirtíochtaí Teoranta 1907. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, tá an Roinn ag iarraidh aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara. Tá an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí gar do ghnó Dé hAoine, 1 Márta 2019 .

Brexit

I gcás nach mbeidh beart ar bith comhaontaithe idir an Ríocht Aontaithe agus AE, fágfaidh an Ríocht Aontaithe láithreach agus i gcás nach bhfuil ag cuideachta ach stiúrthóirí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathrú.

Eanáir

Príomhphointí le Cuimhneamh -  Más neamh-chomhlíontach atá tuairisceán bliantúil:

  • ní sheolfar an tuairisceán ar ais chuig an Deontóir go fisiciúil.
  • eiseofar ríomhphost chuig an mBronntóir á chur in iúl dó/di gur seoladh a d(h)oiciméad ar ais agus
  • caithfidh sé/sí foirm B1 uaidh/uaithi a thaisceadh an athuair, a ráitis airgeadais a uaslódáil an athuair, leathanach sínithe nua a phriontáil agus a shíniú agus an leathanach sin a sheachadadh chuig CRO laistigh de 14 lá.
  • Ba cheart do Chuideachtaí agus do Dheontóirí a chinntiú go gcuireann siad na seoltaí ríomhphoist chearta ar fáil chun a áirithiú go dtabharfar fógra dóibh tráth a sheoltar a gcuid doiciméad ar ais mar nach bhfaighidh siad litir ná doiciméid trí chasadh an phoist a thuilleadh.  

Más rud é nár uaslódáladh na ráitis airgeadais go fóill tráth a fhaightear an leathanach sínithe in CRO, eiseofar ríomhphost chuig an Deontóir á chur in iúl dó/di gur seoladh a d(h)oiciméad ar ais agus nach mór dó/di foirm B1 uaidh/uaithi a thaisceadh an athuair, a ráitis airgeadais a uaslódáil, leathanach sínithe nua a phriontáil agus a shíniú agus an leathanach sin a sheachadadh chuig CRO laistigh de 14 lá. Ba cheart do Chuideachtaí agus do Dheontóirí a chinntiú go gcuireann siad na seoltaí ríomhphoist chearta ar fáil chun a áirithiú go dtabharfar fógra dóibh tráth a sheoltar a gcuid doiciméad ar ais mar nach bhfaighidh siad litir ná doiciméid trí chasadh an phoist a thuilleadh.