Nuachlitir

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Formaid/Sampla Nuachtlitreach Eisítear nuachtlitir r-phoist CRO i bhformáid téacs amháin. Bíonn hipearnaisc i ngach r-phost téacs chuig codanna ábhartha an láithreáin gréasáin (más gá). Is féidir nach ligfidh d'fheidhmchlár r-phoist roinnt URL fada a chur ar líne amháin. Níl le déanamh ach an nasc iomlán a chóipeáil agus a ghreamú isteach i réimse seolta do bhrabhsálaí nó amharc ar chartlann na Nuachtlitreacha ar an láithreán.

Féach Cartlann na Nuachtlitreacha Eisiúint 181 mar shampla den r-phost a eisíodh.

Liostáil/Díliostáil Le liostáil leis an tseirbhís r-phoist iontráil do sheoladh r-phoist , is féidir leat liostáil/díliostáil seol r-phost chuig Nuachtlitir CRO.

Ráiteas Slándála Le clárú lenár seirbhís nuachtlitreach r-phoist, ná tabhair ach do sheoladh r-phoist dúinn, agus coimeádfaidh an CRO é seo chun an nuachtlitir a sheoladh duit. Má chuireann tú do liostáil leis an nuachtlitir r-phoist ar ceal am ar bith, coimeádfaimid do sheoladh r-phoist chun taifead a choimeád maidir le do liostáil leis an tseirbhís nuachtlitreach ach ní bhainfidh CRO úsáid as ar chúis ar bith eile.