Nuachtlitir 2017

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

BEIDH RÍOMHCHOMHDÚ ÉIGEANTACH AIGHNEACHTAÍ ÁIRITHE I bhFEIDHM AG AN CRO ÓN 1 MEITHEAMH AR AGHAIDH

I.R. Uimh. 458 de 2016 - an tOrdú um Acht na gCuideachtaí 2014 (Alt 897), 2016, shínigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta isteach sa dlí í. Tiocfaidh an Ionstraim Reachtúil in éifeacht an 1 Meitheamh 2017. Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh:

Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht)
Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe
Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí
Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú


Beidh tionchar díreach ag na hathruithe sin ar an gcuideachta ina bhfuil tú i do stiúrthóir. Ós rud é go bhfuil dualgas ar gach cuideachta Foirm B1 a chomhdú gach bliain, tá sé ríthábhachtach go ndéanann aon chuideachta a dtiteann a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil tar éis an 31 Bealtaine 2017 eolas a chur ar an bpróiseas ar líne roimh a Dáta Tuairisceáin Bhliantúil.

Tá céatadán ard de chustaiméirí an CRO ag baint leas cheana féin as na buntáistí a bhaineann le comhdú leictreonach, rud atá ag cruthú coigilteas suntasach ó thaobh costais pháipéir, costais phriontála, costais phostais
agus táillí comhdúcháin de le blianta beaga anuas. B’ionann agus geall le 80%, nó níos mó ná sin, an céatadán d’fhoirmeacha B1, B2, B10 agus B73 a comhdaíodh go leictreonach leis an CRO sa bhliain 2016. 

Athruithe ar Fhoirm B1 a chomhdú tar éis an 1 Meitheamh

Ón 1 Meitheamh 2017 i leith, is go leictreonach amháin a bheifear in ann foirm B1 agus cuntais airgeadais a chomhdú agus íoc as tuairisceán bliantúil. Mar sin féin, ní mór an leathanach sínithe a phriontáil, a shíniú agus a chur isteach de láimh chuig an CRO fós (mura sínítear é go digiteach ach ROS a úsáid).

I gcás deontóirí a chomhdaigh foirmeacha B1 go leictreonach san am atá thart, is iad seo na príomhathruithe a bheidh ann ón 1 Meitheamh ar leith:

Comhad PDF de Ráitis Airgeadais:
NÍ MÓR na ráitis airgeadais uile a uaslódáil mar iatán PDF ar CORE/phacáiste bogearraí laistigh de 28 lá ón dáta ar ar cuireadh ríomhfhoirm B1 isteach. Ní ghlacfaidh an CRO le cóipeanna crua de na ráitis airgeadais tar éis an
1 Meitheamh.

Is féidir an comhad PDF de na ráitis airgeadais a cheangal le ríomhfhoirm B1 i do Spás Oibre/phacáiste bogearraí ar an dóigh chéanna a gceanglaítear doiciméad le ríomhphost.

Ní mór an leathanach sínithe ar fhoirm B1 a sheachadadh chuig an CRO TAR ÉIS na ráitis airgeadais a uaslódáil mar chomhad PDF. Tabhair faoi deara go seolfaidh an CRO an leathanach sínithe ar ais mura rud é nár uaslódáladh
na ráitis airgeadais ar é a fháil.

Íocaíocht Leictreonach:
NÍ MÓR an táille comhdúcháin agus aon phionóis i leith comhdú déanach a íoc go leictreonach le cárta creidmheasa/dochair nó trí Chuntas Custaiméara leis an CRO. Ní bheidh tú in ann cur isteach ríomhfhoirm B1 a chríochnú gan an íocaíocht a dhéanamh ag céim an chuir isteach ar dtús.

Ní bheifear in ann an táille comhdúcháin €20 ná aon phionóis i leith comhdú déanach a íoc le seic, le hordú poist, le hordú airgid ná le dréacht bainc. Mar sin féin, beifear in ann Cuntas Custaiméara a bhreisiú le seic, etc., tar éis an 1

Meitheamh go fóill.

Nasc:

Na Buntáistí a Bhaineann le Comhdú Leictreonach

Ceisteanna Coitianta maidir le Ríomhchomhdú Éigeantach

Ceisteanna Coitianta maidir le Gníomhairí Ríomhchomhdaithe agus Ríomhchomhdú Éigeantach

Please login or register to post comments.

Theme picker