Nuachtlitir 2020


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Nuachtlitir CRO - 5 Feabhra 2020

BREXIT 

Beag beann ar an dóigh a scoirfidh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach, tiocfaidh athrú ar an dóigh a dtrádálaimid leis an Ríocht Aontaithe.

Tá Heather Humphreys TD, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, ag tabhairt spreagadh do ghnóthais ullmhúcháin a dhéanamh láithreach do na hathruithe sin chun iad féin a chosaint a mhéid is féidir ar na dúshláin a gcruthóidh an Breatimeacht iad.

D’ullmhaigh an Roinn “Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht” chun cabhrú le gnóthais a dhéanamh amach cé na bearta is gá dóibh a dhéanamh láithreach chun ullmhú dó. Áirítear leis an seicliosta liosta de na tacaí atá ar fáil do ghnóthais, mar aon le sonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí a riarann na tacaí sin. Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht

Rud ba dhéanaí fós, sheol an Rialtas leabhrán dar teideal ‘Getting your Business Brexit Ready – Practical Steps’. Leagtar amach sa leabhrán seo na 9 bpríomhchéim ba cheart do ghnóthais a bhreithniú láithreach chun a chinntiú go mbeidh siad chomh hullmhaithe agus is féidir do Bhreatimeacht gan mhargadh: Getting your business Brexit ready - Practical Steps

o Athbhreithnigh do shlabhra soláthair agus do straitéis le haghaidh  mhargadh na Ríochta Aontaithe
o Tuig na rialacha nua le haghaidh earraí a iompórtáil chuig an Ríocht Aontaithe agus le haghaidh iad a easpórtáil aisti
o Bí ar an eolas faoi athruithe féideartha ar iompar agus lóistíocht le haghaidh earraí a iompraítear tríd an Ríocht Aontaithe
o Athbhreithnigh na ceanglais rialála, cheadúnúcháin agus deimhniúcháin uile atá ort
o Athbhreithnigh do chonarthaí agus do bhainistíocht sonraí
o Bainistigh do shreabhadh airgid, d’airgeadra agus do bhaincéireacht
o Cosain do bhaill foirne agus coinnigh ar an eolas iad
o Bain leas as na cláir agus tacaí Breatimeachta atá á soláthar ag an Rialtas
o Faigh tuilleadh eolais ar an tionchar ar d’earnáil

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a bhféadfadh an Breatimeacht dul i gcion ar do ghnóthas, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Rialtas na hÉireann ar an mBreatimeacht ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/  

BREATIMEACHT

Amhail an 31 Eanáir 2020 tá an RA imithe ón Aontas Eorpach ach beidh forálacha idirthréimhseacha i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na tréimhse sin beidh caidreamh trádála na RA leis an AE mar an gcéanna.

Leanfaidh an RA le rialacha AE a chomhlíonadh freisin. Le linn na hidirthréimhse fanfaidh an RA faoi dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus fanfaidh sí laistigh den mhargadh aonair agus den aontas custam. Beidh rialacháin AE uile fós infheidhme maidir leis an RA, lena n-áirítear athruithe a dhéantar ar na rialacháin sin le linn na tréimhse sin.

Ina dhiaidh sin, áfach, mura bhfuil aon chomhaontú i bhfeidhm, éileofar ar stiúrthóirí atá ina gcónaí sa RA alt 137 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh.

I gcás nach mbeidh beart ar bith comhaontaithe idir an Ríocht Aontaithe agus AE, fágfaidh an Ríocht Aontaithe láithreach agus i gcás nach bhfuil ag cuideachta ach stiúrthóirí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathrú. Ag fágáil LEE don Ríocht Aontaithe (an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch), theastódh
banna ina áit sin.

DÍOLÚINE ÓN GCEANGLAS CHUN STIÚRTHÓIR AS BALLSTÁT AN LEE A BHEITH SA CHUIDEACHTA

Ní mór do stiúrthóir amháin ar a laghad a bheith ina c(h)ónaí i mballstát Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní bhaineann an ceanglas seo le haon chuideachta, áfach, ag a bhfuil banna i bhfeidhm aici ar luach €25,000 san fhoirm atá leagtha.

Forálann an banna, nuair a theipeann ar chuideachta fíneáil nó cuid d’fhíneáil a íoc a fhorchuirtear i leith ciona faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó pionós faoin acht dheireanach, go n-úsáidfear an t-urra chun íoc as dliteanas na cuideachta, chomh hard le luach an bhanna.

Ní mór don bhanna tréimhse dhá bliana bailíochta ar a laghad a bheith aige, ag tosach tráth nach luaithe ná dáta an tarlaithe is cúis le ceanglas an bhanna. Ní mór don Urra faoi bhanna bheith ina chomhalta ar rangú a shonraítear - is é sin banc, cumann foirgníochta, cuideachta árachais nó institiúid chreidmheasa. 
https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in/Bileoga-Faisn%C3%A9ise  

I gcás, i ndiaidh corpraithe, a chuireann cuideachta isteach ar dheimhniú agus má bhronntar é ó chláraitheoir cuideachtaí, ag deimhniú go bhfuil fíorcheangal leanúnach le gníomhaíocht gheilleagrach amháin nó níos mó atá á seoladh sa Stáit, beidh an chuideachta sin díolmhaithe ó na ceanglais chun stiúrthóir amháin a chónaíonn i mBallstát an LEE a bheith aice ó dháta an deimhnithe, fad agus a bhíonn an deimhniú i bhfeidhm. Déantar iarratais ar an deimhniú seo ar Fhoirm B67, agus ní mór ráiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur leis a rinneadh laistigh de dhá mhí ó dháta an iarratais agus iad ag rá go bhfuil forais réasúnacha acu creidiúint go bhfuil an ceangal sin ag an gcuideachta.

Naisc Foirmeacha : https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foirmeacha-CRO  

Tá brainse cuideachta seachtraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá cláraithe le CRO agam. An mbeidh orm clárú arís? Ní chaithfidh cuideachtaí seachtracha atá corpraithe sa Ríocht Aontaithe clárú leis an CRO arís. Nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe LEE, beidh cuideachtaí seachtracha na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas na tuairisceáin bhliantúla a chomhdú a bhaineann le reachtaíocht thír neamh-LEE. Tá feidhm ag ailt 1305/1306 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir leis an tuairisceáin bhliantúla. Tá feidhm ag Alt 1304 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le hathruithe ar bith ar fhaisnéis na cuideachtaí a chur isteach. 

Aisíocaíochtaí a chur ar ais le haghaidh cáiliú ar líne C1/C1a 

Is é € 40 an táille chomhdaithe do C1/C1A. Íoctar é seo ar líne trí chuntas custaiméara nó cárta creidmheasa. Ón 1 Feabhra 2020, ní aisíocfaidh an CRO €40 a thuilleadh le haghaidh C1/C1A a diúltaíodh / a cuireadh ar ais.

Má roghnaigh tú íoc le cárta creidmheasa, tógfar an íocaíocht láithreach bonn agus ní bheidh sé in-aisíoctha (toisc nach féidir linn sonraí cártaí a stóráil). Más fearr leat íoc le cuntas custaiméara, ní bhainfear íocaíocht as do chuntas custaiméara go dtí go bhfaightear agus go bpróiseálfar an aighneacht. Má tá an C1/C1A comhdaithe go mícheart, seolfar ar ais é agus is féidir leis an láithreoir é a leasú agus a chur isteach arís chuig an CRO, nuair a bheidh sé taobh istigh den teorainn 21 lá den dáta a bhí an muirear cruthaíodh. Níl aon táille bhreise ag teastáil. Diúltófar muirear atá lasmuigh den 21 lá.

Féadfar cuntais a oscailt ar líne: téigh go dtí Cuntas ar líne agus roghnaigh 'Níl cuntas agat? Cláraigh anois', comhlánaigh an fhaisnéis agus cliceáil ar 'Cuir an t-iarratas isteach' https://search.cro.ie/company/AccountLogin.aspx.

ÚINÉIRACHT THAIRBHIÚIL 

Ba ionann líon na gcuideachtaí a raibh a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil cláraithe leis an RBO ag deireadh mhí na Samhna agus 175,000 nó 79% den líon iomlán, agus ba ionann líon na gcumann tionscail agus coigiltis a bhí cláraithe agus 549 (57%).

Tá an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil (RBO) fós oscailte chun comhdúcháin a ghlacadh ó chuideachtaí agus ó chumainn nach bhfuil a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil comhdaithe acu go fóill.

Tugtar comhairle do chuideachtaí agus do chumainn nach bhfuil comhdú déanta acu cheana féin leis an RBO é a dhéanamh mar ábhar práinne d’fhonn ionchúiseamh a sheachaint.

Chun cloí leis an gCeathrú Treoir ón Aontas Eorpach maidir leis an Sciúradh Airgid, ceanglaítear ar an gCláraitheoir na sonraí arna n-iontráil sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i leith gach úinéara thairbhiúil a bhailíochtú. Déantar amhlaidh chun a chinntiú go bhfuil an duine nádúrtha ann agus go bhfuil sé/sí beo agus chun dúbláil ar an gClár a sheachaint.

Mar chuid den phróiseas bailíochtaithe, cuireann an Cláraitheoir na sonraí arna gcomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i gcomparáid leis na sonraí atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí don duine sin.

Go dtí seo, is í an chúis is coitianta a ndiúltaítear d’aighneacht ná nach ionann ceann amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas agus na sonraí atá i seilbh na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí:
- Céadainm,
- Sloinne,
- UPSP agus/nó
- Dáta Breithe.

Is iad seo na neamhréireanna ainm is coitianta:
- an sloinne roimh phósadh a úsáid in ionad an ainm pósta, agus a mhalairt,
- lárainm nach bhfuil cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a úsáid (ní gá lárainmneacha a thabhairt sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil),
- leagan giorraithe nó leagan difriúil d’ainm, i gcás go bhfuil an leagan iomlán/foirmiúil ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí,
- leagan Gaeilge d’ainm a úsáid i gcás gurb é an leagan Béarla an leagan atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, agus a mhalairt.

Sula n-iontrálann sé/sí sonraí d’úinéir tairbhiúil, ba cheart don chumann/don chuideachta a chinntiú go bhfuil sé/sí ag baint úsáid as Céadainm, Sloinne, UPSP
agus Dáta Breithe atá comhionann leo sin atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí don duine sin. Is féidir leis an úinéir tairbhiúil na sonraí sin a sheiceáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag http://www.welfare.ie/en/Pages/Personal-Public-Service-Number-Registration-Centres-by-Count.aspx

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil i gceist choitianta 14.1 ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil ag www.rbo.gov.ie faoi na cúiseanna coitianta a ndiúltaítear d’aighneachtaí a chlárú.

Please login or register to post comments.

Theme picker