TAKING CARE OF BUSINESS Beidh ‘Taking Care of Business’ ar siúl san Ionad Comhdhála, Caisleán Bhaile Átha Cliath BAC2 ar an 25 Márta, 2020 idir 8:15rn agus 2.00in. Ceapadh an t-imeacht uathúil seo go sonrach chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus gnólachtaí nua-thionscanta tuiscint a fháil ar na seirbhísí a chuireann go leor dár gcuid oifigí agus gníomhaireachtaí Stáit ar fáil, agus tairbhe a bhaint astu. Cláraigh ar líne ag https://www.eventbrite.ie/e/taking-care-of-business-dublin-2020-tickets-90288030931. Ní ghearrfar aon táille isteach.
an tAcht um Aistriú Urrús Rannpháirteach 2019 Tháinig an tAcht um Aistriú Urrús Rannpháirteach 2019 i bhfeidhm an 29 Eanáir 2020. Is féidir Foirm B90 a chur isteach maidir le riachtanais Alt 10(1). Déanfaidh eisitheoir rannpháirteach ar mian leis aontú le haistriú dá dtagraítear in Alt 4 an fhoirm a chur faoi bhráid an CRO, mar aon le dearbhú go gcomhlíontar forálacha an Achta agus go n-aontaítear leis an aistriú. Muirear a Chomhlíonadh - na Cúiseanna is Coitianta le cur ar ais foirmeacha C6/C7 chuig an láithreoir Faigheann CRO líon thar a bheith ard d’fhoirmeacha C6/C7 a bhíonn comhlánaithe go mícheart/go neamhiomlán. Tá na ceithre chúis is coitianta le cur ar ais foirmeacha C6/C7 chuig an láithreoir liostaithe thíos againn.
Má theipeann ort na foirmeacha sin a chomhlánú go ceart beidh moilleanna neamhriachtanacha ar mhuirear a chomhlíonadh ina dtoradh air sin. Is féidir an fhaisnéis riachtanach a fháil ó láithreán gréasáin CRO trí chuardach ar chuideachta a dhéanamh. Má tá ceisteanna ar bith agat, déan teagmháil leis an Rannóg Morgáistí cro.mortgages@dbei.gov.ie nó 01-8045232. Brexit Beag beann ar an dóigh a scoirfidh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach, tiocfaidh athrú ar an dóigh a dtrádálaimid leis an Ríocht Aontaithe. D’ullmhaigh an Roinn “Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht” chun cabhrú le gnóthais a dhéanamh amach cé na bearta is gá dóibh a dhéanamh láithreach chun ullmhú dó. Áirítear leis an seicliosta liosta de na tacaí atá ar fáil do ghnóthais, mar aon le sonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí a riarann na tacaí sin. Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht Rud ba dhéanaí fós, sheol an Rialtas leabhrán dar teideal ‘Getting your Business Brexit Ready – Practical Steps’. Leagtar amach sa leabhrán seo na 9 bpríomhchéim ba cheart do ghnóthais a bhreithniú láithreach chun a chinntiú go mbeidh siad chomh hullmhaithe agus is féidir do Bhreatimeacht gan mhargadh: Getting your business Brexit ready - Practical Steps
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a bhféadfadh an Breatimeacht dul i gcion ar do ghnóthas, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Rialtas na hÉireann ar an mBreatimeacht ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/ Breatimeacht Amhail an 31 Eanáir 2020 tá an RA imithe ón Aontas Eorpach ach beidh forálacha idirthréimhseacha i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2020. Le linn na tréimhse sin beidh caidreamh trádála na RA leis an AE mar an gcéanna. Leanfaidh an RA le rialacha AE a chomhlíonadh freisin. Le linn na hidirthréimhse fanfaidh an RA faoi dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus fanfaidh sí laistigh den mhargadh aonair agus den aontas custam. Beidh rialacháin AE uile fós infheidhme maidir leis an RA, lena n-áirítear athruithe a dhéantar ar na rialacháin sin le linn na tréimhse sin. Ina dhiaidh sin, áfach, mura bhfuil aon chomhaontú i bhfeidhm, éileofar ar stiúrthóirí atá ina gcónaí sa RA alt 137 d’Acht na gCuideachtaí 2014 a chomhlíonadh. I gcás nach mbeidh beart ar bith comhaontaithe idir an Ríocht Aontaithe agus AE, fágfaidh an Ríocht Aontaithe láithreach agus i gcás nach bhfuil ag cuideachta ach stiúrthóirí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathrú. Ag fágáil LEE don Ríocht Aontaithe (an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch), theastódh banna ina áit sin. Díolúine ón gCeanglas chun Stiúrthóir as Ballstát an LEE a bheith sa chuideachta Ní mór do stiúrthóir amháin ar a laghad a bheith ina c(h)ónaí i mballstát Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní bhaineann an ceanglas seo le haon chuideachta, áfach, ag a bhfuil banna i bhfeidhm aici ar luach 25,000 euro san fhoirm atá leagtha. Forálann an banna, nuair a theipeann ar chuideachta fíneáil nó cuid d’fhíneáil a íoc a fhorchuirtear i leith ciona faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó pionós faoin acht dheireanach, go n-úsáidfear an t-urra chun íoc as dliteanas na cuideachta, chomh hard le luach an bhanna. Ní mór don bhanna tréimhse dhá bliana bailíochta ar a laghad a bheith aige, ag tosach tráth nach luaithe ná dáta an tarlaithe is cúis le ceanglas an bhanna. Ní mór don Urra faoi bhanna bheith ina chomhalta ar rangú a shonraítear - is é sin banc, cumann foirgníochta, cuideachta árachais nó institiúid chreidmheasa. https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in/Bileoga-Faisn%C3%A9ise. I gcás, i ndiaidh corpraithe, a chuireann cuideachta isteach ar dheimhniú agus má bhronntar é ó chláraitheoir cuideachtaí, ag deimhniú go bhfuil fíorcheangal leanúnach le gníomhaíocht gheilleagrach amháin nó níos mó atá á seoladh sa Stáit, beidh an chuideachta sin díolmhaithe ó na ceanglais chun stiúrthóir amháin a chónaíonn i mBallstát an LEE a bheith aice ó dháta an deimhnithe, fad agus a bhíonn an deimhniú i bhfeidhm. Déantar iarratais ar an deimhniú seo ar Fhoirm B67, agus ní mór ráiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur leis a rinneadh laistigh de dhá mhí ó dháta an iarratais agus iad ag rá go bhfuil forais réasúnacha acu creidiúint go bhfuil an ceangal sin ag an gcuideachta. Naisc Foirmeacha : https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foirmeacha-CRO. Úinéiracht Thairbhiúil Ba ionann líon na gcuideachtaí a raibh a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil cláraithe leis an RBO ag deireadh mhí na Samhna agus 177,000 nó 80% den líon iomlán, agus ba ionann líon na gcumann tionscail agus coigiltis a bhí cláraithe agus 572 (59.4%). Tá an Clár um Úinéireacht Thairbhiúil (RBO) fós oscailte chun comhdúcháin a ghlacadh ó chuideachtaí agus ó chumainn nach bhfuil a gcuid sonraí um úinéireacht thairbhiúil comhdaithe acu go fóill. Tugtar comhairle do chuideachtaí agus do chumainn nach bhfuil comhdú déanta acu cheana féin leis an RBO é a dhéanamh mar ábhar práinne d’fhonn ionchúiseamh a sheachaint. Chun cloí leis an gCeathrú Treoir ón Aontas Eorpach maidir leis an Sciúradh Airgid, ceanglaítear ar an gCláraitheoir na sonraí arna n-iontráil sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i leith gach úinéara thairbhiúil a bhailíochtú. Déantar amhlaidh chun a chinntiú go bhfuil an duine nádúrtha ann agus go bhfuil sé/sí beo agus chun dúbláil ar an gClár a sheachaint. Mar chuid den phróiseas bailíochtaithe, cuireann an Cláraitheoir na sonraí arna gcomhdú leis an gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil i gcomparáid leis na sonraí atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí don duine sin. Go dtí seo, is í an chúis is coitianta a ndiúltaítear d’aighneacht ná nach ionann ceann amháin nó níos mó de na sonraí seo a leanas agus na sonraí atá i seilbh na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí:
- Céadainm, - Sloinne, - UPSP agus/nó - Dáta Breithe. Is iad seo na neamhréireanna ainm is coitianta: - an sloinne roimh phósadh a úsáid in ionad an ainm pósta, agus a mhalairt, - lárainm nach bhfuil cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a úsáid (ní gá lárainmneacha a thabhairt sa Chlár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil), - leagan giorraithe nó leagan difriúil d’ainm, i gcás go bhfuil an leagan iomlán/foirmiúil ag an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, - leagan Gaeilge d’ainm a úsáid i gcás gurb é an leagan Béarla an leagan atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, agus a mhalairt. Sula n-iontrálann sé/sí sonraí d’úinéir tairbhiúil, ba cheart don chumann/don chuideachta a chinntiú go bhfuil sé/sí ag baint úsáid as Céadainm, Sloinne, UPSP agus Dáta Breithe atá comhionann leo sin atá cláraithe leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí don duine sin. Is féidir leis an úinéir tairbhiúil na sonraí sin a sheiceáil ach teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí ag http://www.welfare.ie/en/Pages/Personal-Public-Service-Number-Registration-Centres-by-Count.aspx Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil i gceist choitianta 14.1 ar shuíomh Gréasáin an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil ag www.rbo.gov.ie faoi na cúiseanna coitianta a ndiúltaítear d’aighneachtaí a chlárú.