Cuirtear de cheangal ar na cuideachtaí go léir, lena n-áirítear cuideachtaí príobháideacha, ag a mbíonn brainse acu sa Stát, na doiciméid seo a leanas a chomhdú:
Ní mór Foirm F7 a chur isteach leis na doiciméid chuntasaíochta. (alt 1303/1305 Acht na gCuideachtaí 2014)
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táillí CRO
Tá brainse cuideachta seachtraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá cláraithe le CRO agam. An mbeidh orm clárú arís? Ní chaithfidh cuideachtaí seachtracha atá corpraithe sa Ríocht Aontaithe clárú leis an CRO arís. Nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe LEE, beidh cuideachtaí seachtracha na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas na tuairisceáin bhliantúla a chomhdú a bhaineann le reachtaíocht thír neamh-LEE. Tá feidhm ag ailt 1305/1306 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir leis an tuairisceáin bhliantúla. Tá feidhm ag Alt 1304 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le hathruithe ar bith ar fhaisnéis na cuideachtaí a chur isteach.
Ní mór sonraí morgáistí/muirear áirithe a chruthaíonn an chuideachta a sheachadadh don CRO tráth nach déanaí ná 21 lá ón dáta a chruthaítear an muirear. Mura ndéantar na sonraí. For further information on procedures to be followed and the forms to be used, féach Morgáistí/muirir
Foirm F2 - Athrú ar an gcairt (meabhrán & airteagail, srl.). Laistigh de 30 lá
Foirm F3 - Tuairisceán ar athruithe stiúrthóirí/rúnaí/nó duine údaraithe le hionadaíocht a dhéanamh do chuideachta nó Athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát atá údaraithe glacadh le himeachtaí thar ceann na cuideachta nó athrú ar sheoladh dhuine atá ina c(h)ónaí sa Stát ar gá dó/dí comhlíonadh a chinntiú. Laistigh de 30 lá
Foirm F4 - Athrú ar sheoladh brainse sa Stát €15. Cóip Leictreonach Saor Laistigh de 30 lá
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táillí CRO Nasc: CORE
Fógra maidir le leachtú/dócmhainneacht/dúnadh brainse
Éilítear ar bhrainsí sonraí a fhógairt maidir le foirceannadh na cuideachta, ceapadh leachtaitheora, foirceannadh leachtaithe, imeachtaí dócmhainneachta, socruithe, comhshuímh nó aon imeachtaí analógacha lena bhfuil a chuideachta faoi réir agus dúnadh an bhrainse.
F14 - Tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis na himeachta.
Nasc: Foirmeacha