Sonraigh, le do thoil, cibé an é an dáta deiridh bliana airgeadais atá á athrú deireadh bliana airgeadais na cuideachta faoi láthair nó an deireadh bliana airgeadais roimhe seo ar Foirm B83. Sa chás ina dtugtar an fógra seo don Chláraitheoir— (a) beidh gach dáta deiridh bliana airgeadais ina dhiaidh sin ar chothrom lae an dáta deiridh bliana airgeadais nua arna shonrú san fhógra seo; agus (b) dá dhroim sin, déantar tús gach ceann de na blianta airgeadais a leanfaidh an dáta deiridh bliana airgeadais nua arna shonrú amhlaidh a chur siar, nó, de réir mar a bheidh, a thabhairt ar aghaidh an tréimhse chuí ama.
Ní fhéadfaidh Cláraitheoir na gCuideachtaí glacadh le foirm B83:
Maidir le pointe (v), tá díolúine ann ón riail 5 bliana faoi alt 288(10) d'Acht na Cuideachtaí 2014 i gcás foghnóthais nó gnóthas sealbhaíochta de ghnóthas eile de chuid LEE más mar an gcéanna an dáta nua um dheireadh bliana airgeadais arna shonrú agus an ceann atá ag an ngnóthas LEE eile nó sa chás ina bhfuil sé á fhoirceannadh. Maidir le hiarratais a rinneadh leis an ODCE faoi alt 288(10)(c) CA 2014, tabhairt do d’aire le do thoil go bhfuil cumhacht an Stiúrthóra lánroghnach. Féadfar an t-iarratas a dhiúltú.