Cuntais

Éilítear ar chuideachtaí leabhair chuntas a choinníoll a thugann cuntas fíor ceart ar chúrsaí airgid na cuideachta. Éilítear ar chuideachtaí sonra í a gcuntas a nochtadh ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) agus cóip de na cuntais sin a cheangal leis an tuairisceán bliantúil agus a chomhdú leis an CRO. Ina theannta sin, éilítear orthu caighdeáin ar leith a chomhlíonadh le cuntais a ullmhú, ag leanúint le formáidí samplacha agus ag nochtadh faisnéise ar leith trí nótaí leis na cuntais.

Éilíonn Acht na gCuideachtaí 2014 ar stiúrthóirí gach cuideachta na cuntais agus tuarascálacha a leagan faoi bhráid chomhaltaí na cuideachta ag an CGB:

  • cuntas sochair agus dochair (nó cuntas ioncaim agus caiteachais mura bhfuil an chuideachta ag trádáil le haghaidh brabúis)
  • clár comhardaithe
  • tuarascáil ó na stiúrthóirí
  • tuarascáil ón iniúchóir

Ní mór do bheirt stiúrthóir cuntais bhliantúla agus tuarascáil ón stiúrthóir a shíniú thar cheann na stiúrthóirí.

Éilítear go gcuirfear na doiciméid thuasluaite i gceangal le tuairisceán bliantúil na cuideachta teoranta ar sheachadadh dóibh don CRO (alt 347 d’Acht na Cuideachta 2014). Tá díolúintí ar leith ag Cuideachtaí Beaga agus Meánmhéide). Ina theannta sin, ní mór deimhniú a chur leis, é sínithe ag stiúrthóir agus an rúnaí araon, a dheimhníonn gur cóipeanna dílse na gcuntas agus tuarascálacha iad siúd a leagadh faoi bhráid nó atá le leagan faoi bhráid CGB na cuideachta.

Má theipeann ar chuideachta ceanglais alt 347 den Acht 2014 a chomhlíonadh, diúltóidh an CRO an tuairisceán bliantúil. Ina theannta sin, fágfar an chuideachta gach oifigeach na cuideachta atá i mainneachtain faoi dhliteanas fíneála nach mó ná €5,000.

Ní éilítear cuntais a chur i gceangal leis an gcéad tuairisceán bliantúil a sheachadann cuideachta iarchorpraithe. Éilítear an tuairisceán sin a dhéanamh suas le dáta atá sé mhí i ndiaidh dháta corpraithe na cuideachta. Éilítear cuntais a chur i gceangal le gach tuairisceán bliantúil ina dhiaidh sin a chomhdaíonn cuideachta, ach amháin gur Cuideachta Phríobháideach Neamhtheoranta í.

Ullmhaíonn cuideachtaí poiblí teoranta (Cúid 17) agus cuideachtaí príobháideacha teoranta cuntais bhliantúla de réir Cúid 6 Acht na gCuideachtaí 2014. Thug an tAcht sin isteach chun dlíthe Ceathrú Treoir an CE ar chuntais bhliantúla cuideachtaí go ginearálta.

Ceanglais na gCuntas

Tá sonraí maidir le ceanglais na gcuntas ar chineálacha agus méideanna difriúla cuideachtaí sna leathanaigh mar seo a leanas -

Cuideachtaí teoranta:

Éilítear ar chuideachtaí poiblí teoranta agus cuideachtaí phríobháideacha teoranta cuntais bhliantúla a ullmhú agus a chomhdú de réir Cúid 6 Acht na gCuideachtaí 2014. Thug an tAcht sin isteach chun dlíthe Ceathrú Treoir an CE ar chuntais bhliantúla cuideachtaí go ginearálta.

Bainc agus institiúidí airgeadais:

Ní mór cuntais bhliantúil agus cuntais chomhdhlúite na mbanc nó na n-institiúidí airgeadais eile a ullmhú de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Cuntais Ghrúpa), 2015 (I.R. 266 de 2015).