Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí

Ionas gur féidir le comhaltaí a gcuideachta a fhoirceannadh go toilteanach mar Fhoirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí, ní mór dearbhú sócmhainneachta agus rún speisialta a chur isteach.

Ní mór do thromlach na stiúrthóirí dearbhú reachtúil a dhéanamh á rá go ndearna siad fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta, agus, tar éis a dhéanta, gur tháinig siad ar an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh de thréimhse nach faide ná 12 mhí ó thosach an fhoirceanta (ar an bhfoirm E1). Laistigh de mhí amháin ó dháta déanta an dearbhaithe sócmhainneachta, ní mór do na comhaltaí rún speisialta a rith chun foirceannadh a dhéanamh agus leachtaitheoir a cheapadh. Ní mór an rún le haghaidh foirceanta, a fhógairt in Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ieLinks to external website - laistigh de 14 lá tar éis dáta a rith an rún. 

Ceanglais reachtúla – Foirmeacha nach mór a chomhdú
Ar dtús, ní mór an Dearbhú Sócmhainneachta (Foirm E1-SAP/E1-41) a chomhdú leis an CRO, mar aon le rún speisialta um fhoirceannadh agus leachtaitheoir a cheapadh (Foirm G1), agus Fógra faoi cheapadh leachtaitheora (Foirm E2).

Ní mór go mbeadh an rún speisialta um fhoirceannadh ina rún speisialta (Foirm G1) sa chás ina bhfuil leas á bhaint as an Nós Imeachta Formheasta Achomair. Faoin nós imeachta dá bhforáiltear in alt 580 d'Acht na gCuideachtaí 2014, féadfaidh an rún um fhoirceannadh a bheith ina ghnáthrún. Is féidir leis an rún chun leachtaitheoir a cheapadh i gceachtar cás a bheith ina ghnáthrún a ritheadh i gcruinniú ginearálta.

An nós imeachta dá bhforáiltear in alt 580 d'Acht na gCuideachtaí 2014, ní bhaineann sé ach amháin le cuideachtaí a chomhlíonann riachtanais áirithe – ní mór don chuideachta a bheith ina cuideachta ré socraithe/imeachta shocraithe. Féadfar an nós imeachta a thosú ar dhul in éag don tréimhse atá socraithe i leith ré chuideachta ina bunreacht, nó, má tharlaíonn a leithéid, má tharlaíonn cibé teagmhas a bhforáiltear i mbunreacht cuideachta go ndéanfar an chuideachta a dhíscaoileadh nuair a tharlóidh sé.

Ar leithligh ó cheangaltais an CRO, ní mór don chuideachta a áirithiú go bhfógrófar an leachtú san Iris Oifigiúil (alt 581).

Gearrtar táille comhdaithe €15 an ceann ar Fhoirmeacha E1-SAP/E1-41, E2, G1, agus G2. 
Tá se an-tábhachtach an Fhoirm E1 a chomhlánú i gceart mar bheidh ar an gcuideachta iarratas a chur isteach don Ard-Chúirt le haghaidh treoraithe mura bhfuil aon éifeachtach leis an dearbhú. Féach leathanach Foirm E1 Dhearbhaithe .

Níl gá le foirm E3, cuntas leachtaitheora ar a chuid nó a cuid déileálacha, más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí. Má leanann an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide, áfach, ní mór Foirm E3 a chomhdú don chéad 12 mhí, agus do gach tréimhse bheacht de 12 mhí i rith an fhoirceanta. I gcás aon tréimhse níos giorra suas go dtí dáta an chruinnithe dheiridh, ní gá Foirm E3 bhreise a chur isteach. Gearrtar táille comhdaithe €15 ar Fhoirm E3.

Tá sé de dhualgas ar an leachtaitheoir tionól cruinnithe ghinearálta den chuideachta a ghairm, agus fógra 7 lá á thabhairt aige nó aici ina leith sin, do lá tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis chothrom lae rite an rúin um fhoirceannadh; agus a leagan faoi bhráid an chruinnithe sin cuntas ar a chuid nó a cuid gníomhartha agus déileálacha agus ar sheoladh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin. Laistigh de 7 lá tar éis dháta an chruinnithe sin, seolfaidh an leachtaitheoir cóip den chuntas thuasluaite (foirm E3) chuig an gCláraitheoir.

Níl gá le foirm E4, mionnscríbhinn leachtaitheora agus cuntais faoi alt 681, más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí. Más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh níos faide, áfach, ní mór Foirm E4 a chomhdú don chéad tréimhse 12 mhí agus gach tréimhse sé mhí ina dhiaidh sin, agus aon tréimhse níos giorra, suas go dtí dáta dheireadh an fhoirceanta (dáta an chruinnithe dheiridh ar an bhFoirm E6). Gearrtar táille comhdaithe €15 ar Fhoirm E4. Ní mór an fhoirm E4 a chur isteach chuig an CRO laistigh de 14 lá tar éis an chothroim bliana.

Ní mór ráiteas iomlán cuntais a chlúdaíonn tréimhse an leachtaithe – Foirm E5 – a bheith ag gabháil le Foirm E6, Tuairisceán ar an gcruinniú foirceanta deiridh. Gearrtar táille comhdaithe €15 an ceann ar Fhoirm E6 agus ar Fhoirm E5. Ní mór an cruinniú deiridh a thionól le fógra ar a laghad 28 lá i scríbhinn tugtha roimh ré. Ní gá fógra a chur i nuachtán.

Díscaoileadh
3 mhí tar éis dháta cláraithe na ndoiciméad deiridh – foirm E6 agus foirm E5, meastar go bhfuil an chuideachta díscaoilte. Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain faoi alt 708 d'Acht na gCuideachtaí. Ní mór cóip den ordú cúirte a sheoladh chuig an CRO (leis an táille comhdaithe €15) agus athraítear stádas na cuideachta ar ais chuig 'faoi Leachtú'. Is féidir le haon pháirtí leasmhar, laistigh de na 3 mhí tar éis an dáta ar a bhfaightear/a gcláraítear na foirmeacha deiridh, iarratas a dhéanamh ar an díscaoileadh a chur siar. Ba chóir aon ordú arna dhéanamh a chur faoi bhráid an CRO go pras, nó d'fhéadfadh an chuideachta a bheith díscaoilte. Gearrtar táille comhdaithe €15 ar ordú cúirte. 

Nasc: Foirmeacha