Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe

I gcás foirceannadh ag na creidiúnaithe éilítear ar an gcuideachta cruinniú na gcreidiúnaithe a ghairm. Ní mór fógra deich lá ar a laghad a thabhairt do na creidiúnaithe agus ní mór an cruinniú s‘acu a bheith ar siúl ar an lá céanna nó an lá i ndiaidh chruinniú na gcomhaltaí ina bhfuil an rún le foirceannadh toilteanach le moladh.

Ceanglais reachtúla

I gcás foirceannadh ag creidiúnaithe ní mór don chuideachta cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm. Ní mór do na creidiúnaithe fógra ar a laghad deich lá a fháil agus ní mór a gcruinniú a thionól ar an lá céanna leis an gcruinniú de na comhaltaí ar a bhfuil an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le moladh, nó an lá ina dhiaidh sin. Ní mór comhaltaí agus creidiúnaithe a ghairm ar gach cruinniú a iarrann an leachtaitheoir. Ní mór an rún le haghaidh foirceanta, a ritheann an chuideachta, a fhógairt in Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ieLinks to external website - laistigh de 14 lá tar éis dáta a rith an rún.

Ceanglais reachtúla
Ní mór an cruinniú a fhógairt deich lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, in dhá nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta. Tá sé de cheart ag na creidiúnaithe maoirseacht a dhéanamh ar sheoladh an leachtaithe. Féadfaidh na creidiúnaithe coiste iniúchta a cheapadh ag a gcruinniú chuige sin.

Ní mór na comhaltaí agus na creidiúnaithe a ghairm ag gach cruinniú a thionólfaidh an leachtaitheoir.
I gcás fógra i scríbhinn i leith an chruinnithe sin a sheolfar chuig na creidiúnaithe –
(a) sonrófar ann dáta, am agus láthair chruinniú na gcreidiúnaithe;
(b) sonrófar ann ainm agus seoladh an duine atá beartaithe an tráth sin lena cheapadh nó lena ceapadh ina leachtaitheoir,
más ann; agus
(c) (i) ceanglófar leis liosta de chreidiúnaithe na cuideachta; nó
(ii) cuirfear in iúl don fhaighteoir san fhógra cé na cearta atá aige nó aici agus tabharfar sonraí na háite ina bhféadfar an liosta de chreidiúnaithe na cuideachta a iniúchadh.

Déanfaidh stiúrthóirí na cuideachta an méid seo a leanas –

• cuirfidh siad faoi deara ráiteas iomlán ar staid chúrsaí na cuideachta, mar aon le liosta de chreidiúnaithe na cuideachta agus méid measta a n-éileamh, a leagan faoi bhráid chruinniú na gcreidiúnaithe; agus • ceapfaidh siad duine dá líon chun bheith i gceannas ag an gcruinniú sin agus beidh sé de dhualgas ar an stiúrthóir a cheapfar amhlaidh a bheith i láthair ag cruinniú na gcreidiúnaithe agus a bheith i gceannas air.

Má chuirtear ar atráth an cruinniú de chuid na cuideachta ag a bhfuil an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach le moladh agus má ritear an rún ag cruinniú a cuireadh ar atráth, beidh feidhm ag aon rún arna rith ag cruinniú na gcreidiúnaithe amhail is dá mbeadh sé rite díreach tar éis an rún a rith chun an chuideachta a fhoirceannadh.

Ar leithligh ó cheangaltais an CRO, ní mór don chuideachta a áirithiú go bhfógrófar an leachtú san Iris Oifigiúil (alt 586).

I gcás foirceannadh ag creidiúnaithe, ní mór gnáthrún de chuid na cuideachta chun foirceannadh a dhéanamh uirthi agus leachtaitheoir a cheapadh (Foirm G2), fógra faoi cheapadh leachtaitheora (Foirm E2) agus rún creidiúnaithe a chomhdú leis an CRO. Ní mór don leachtaitheoir cruinnithe na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe a ghairm ag deireadh gach bliana, chun cuntas a thabhairt ar a chuid nó a cuid gníomhartha agus déileálacha agus ar sheoladh an fhoirceanta. Ní mór sonraí an chruinnithe a sheachadadh ar an CRO ar Fhoirm E3.

Níl gá le foirm E3, cuntas leachtaitheora ar a chuid nó a cuid déileálacha, más amhlaidh go leanann an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí. Má leanann an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide, áfach, ní mór Foirm E3 a chomhdú don chéad 12 mhí, agus do gach tréimhse bheacht de 12 mhí ina dhiaidh sin. Ní gá aon tréimhse níos giorra go dtí dáta an chruinnithe dheiridh a bheith clúdaithe le foirm E3.

Tá sé de dhualgas ar an leachtaitheoir a ghairm, agus fógra 7 lá á thabhairt ina leith, reáchtáil na gcruinnithe seo a leanas –

(i) más rud é go bhfuil coiste iniúchta ceaptha – cruinniú den choiste iniúchta; nó
(ii) mura bhfuil coiste iniúchta ceaptha, cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta, ar lá nach déanaí ná 28 lá tar éis an chothroim lae lena mbaineann;

agus a leagan faoi bhráid an chruinnithe sin cuntas ar a chuid nó a cuid gníomhartha agus déileálacha agus ar sheoladh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin.

Laistigh de 7 lá tar éis dháta an chruinnithe sin, seolfaidh an leachtaitheoir cóip den chuntas thuasluaite chuig an gCláraitheoir. I gcás ina ndéanfar cruinniú den choiste iniúchta a thionól, féadfaidh an coiste sin, le rún, a ordú don leachtaitheoir cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta a thionól agus, má thugtar ordú den sórt sin, cuirfidh an leachtaitheoir faoi deara go ndéanfar an cruinniú sin a thionól agus a sheoladh tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis dháta an rúin sin.

Níl gá le foirm E4, mionnscríbhinn leachtaitheora agus cuntais faoi alt 681 más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí. Más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh níos faide, áfach, ní mór Foirm E4 a chomhdú don chéad tréimhse 12 mhí agus gach tréimhse sé mhí ina dhiaidh sin, agus aon tréimhse níos giorra, suas go dtí dáta dheireadh an fhoirceanta (dáta an chruinnithe dheiridh ar Fhoirm E7). Gearrtar táille comhdaithe €15 ar Fhoirm E4. Ní mór an fhoirm E4 a chur isteach chuig an CRO laistigh de 14 lá tar éis an chothroim bliana.

Cuirtear isteach Foirm E7, Tuairisceán ar chruinnithe deireanacha na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe, nuair a bhíonn an foirceannadh curtha i gcrích agus bíonn ráiteas iomlán cuntais ag gabháil leis ina gclúdaítear ré an leachtaithe (Foirm E5). Ní mór an cruinniú deiridh a thionól le fógra ar a laghad 28 lá i scríbhinn tugtha roimh ré. Ní gá fógra a chur i nuachtán.

Gearrtar táille comhdaithe €15 an ceann ar Fhoirmeacha E2, E3, E4, G2, E7 agus E5.

Díscaoileadh
3 mhí tar éis chlárú na ndoiciméad deiridh – foirm E7 agus foirm E5, meastar go bhfuil an chuideachta díscaoilte. Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain faoi alt 708 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Ní mór cóip den ordú cúirte a sheoladh chuig an CRO (leis an táille comhdaithe €15) agus athraítear stádas na cuideachta ar ais chuig 'faoi Leachtú'. Is féidir le haon pháirtí leasmhar, laistigh de na 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear/a chláraítear na foirmeacha deiridh, iarratas a dhéanamh ar an díscaoileadh a chur siar. Ba chóir aon ordú arna dhéanamh a chur faoi bhráid an CRO go pras, nó d'fhéadfadh an chuideachta a bheith díscaoilte. Gearrtar táille comhdaithe €15 ar ordú cúirte.

Nasc: Foirmeacha 

Amharc ar Chuardach

Iontráil Cuardach Daoine Dícháilithe/Srianta