Cóipcheart

© CRO Copyright

Cóipcheart i dtéacs an láithreáin gréasáin

Is le CRO cóipcheart i dtéacs an láithreáin gréasáin seo. Ceadaíonn CRO atáirgeadh ina iomláine nó páirteach na n-ábhar ó théacs an láithreáin gréasáin seo, ar choinneáil nach ndíolfar cóipeanna fisiceacha agus go n-aithnítear an CRO mar fhoinse gach aon chóip.

Cóipcheart na faisnéise reachtúla i mBunachar Sonraí CRO

Thiomsaigh agus soláthraíonn an CRO bunachar sonraí na ndoiciméad agus na faisnéise a comhdaíodh leis an Oifig de bhun Acht na gCuideachtaí 2014 agus an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963, rud atá eagraithe ar bhealach córasach nó rianúil, Bunachar Sonraí a bhfuil rochtain air maidir le cuideachtaí ionair agus le hainmneacha gnó.

Bunachar Sonraí bunaidh is ea Bunachar Sonraí CRO de réir bhrí agus chuspóirí an Achta Cóipchirt agus Cearta a Bhaineann leis, 2000 ( Copyright and Related Rights Act, 2000 ("the Act of 2000) agus tá Ceart Bunachair Shonraí ann, de réir bhrí Ailt 321 den Acht 2000, a bhaineann leis agus is é Rialtas na hÉireann déantóir an bhunachair shonraí sin.

Is le Rialtas na hÉireann cóipcheart i mBunachar Sonraí CRO (alt 191 den Acht 2000).

Thug cuideachtaí nó daoine thar ceann na gcuideachtaí an fhaisnéis atá i mBunachar Sonraí CRO don CRO, de bhun forálacha reachtúla, agus ní dheimhníonn an CRO cruinneas na faisnéise sin ná ní féidir léi í a dheimhniú, agus níl an CRO freagrach as iarmhairtí aon earráidí nó easnamh san fhaisnéis a choimeádtar ar a Bunachar Sonraí.