Ceisteanna Coitianta

Clúdaítear cuid de na ceisteanna coitianta a bhaineann leis an CRO. Pléann an dara leathanach CCanna le : tuairisceáin bhliantúla, morgáistí, leachtú, baint den chlár agus cur ar ais

Féach freisin le do thoil: Ceisteanna Coitianta R-Chomhdaithe: a bhaineann le clárú le CORE, le foirmeacha ar féidir comhdú ar líne agus táillí.

Cad é mar a dhéanfaidh mé íocaíocht as doiciméid le lóisteáil le CRO?

Is féidir íocaíocht mar seo a leanas: Airgead tirim (ní mholtar airgead tirim a sheoladh sa phost). Ordú poist, Ordú airgid, Dréacht bainc/seic.

Is féidir cárta creidmheasa/léasair a úsáid le cuardach ar líne le haghaidh cuideachtaí nó le taiscí a chur i gcuntas custaiméara. Ba chóir orduithe poist/airgid, dréachtaí bainc agus seiceanna a íoc leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (an teideal iomlán).

Ní ghlactar le hairgeadra coigríche, steirling ná míreanna euro a tharraingítear lasmuigh de Phoblacht na hÉireann, de bharr táillí seirbhíse ar imréiteach seiceanna. Ní mór dréacht bainc Euro a úsáid do na híocaíochtaí a fhaightear ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann le doiciméid a chlárú, iarratas ar dhoiciméid agus le seirbhísí ilghnéitheacha. Ní mór don bhanc i gceist a bheith i gcóras imréitigh na hÉireann. Ní bheidh CRO ag glacadh le seiceanna a thuilleadh mar mhodh íocaíochta chun Cuntas Custaiméara a bhreisiú.

Féach nasc chun Cuntas Taisce a Oscailt le CRO le do thoil.

ar ais go barr

Cad is ainm gnó?

Ainm trádála is ea ainm gnó agus is éigeantach ainm gnó a chlárú, má tá aon duine nó chomhpháirtíocht (cibé comhdhéanta de dhaoine aonair nó comhlachtaí corpraithe nó aon chomhcheangal den bheirt acu) nó aon chomhlacht corpraithe ag déanamh gnó faoi ainm nach a n-ainm dílis é. Is é is aidhm atá aige aithne na ndaoine, na gcomhpháirtithe nó na gcomhlachtaí corparáideacha is aonán dlíthiúil ar chúl an ainm ghnó iad a phoibliú. Ní chruthaítear aonán dlíthiúil nua ar chlárú an ainm ghnó. Ní thugann cruthú ainm ghnó dliteanas teoranta. Níl ar ainm gnó cuntais bhliantúla a chomhdú.

ar ais go barr

Cad is cuideachta ann?

Foirm dhlíthiúil eagraíochta gnó is ea cuideachta. Aonán dlíthiúil ar leith is ea agus dá bhrí sin, is aonán é atá idirscartha agus neamhspleách uathu siúd a bhfuil cuideachta á rith acu. Is í an chuideachta (agus ní na scairshealbhóirí aonair) ar chóir agra a dhéanamh ina coinne i gcás nach n-íocann an chuideachta as a fiachais, in ainneoin éilimh. Déantar comhlacht de chuideachta corpraithe atá cláraithe de réir Achtanna na gCuideachtaí 1963-2013 ón dáta luaite ina deimhniú corpraithe ar aghaidh Tá dliteanas teoranta ag mórchuid de na cuideachtaí corpraithe agus tá orthu tuairisceáin bhliantúla a chomhdú agus fógra a thabhairt maidir le hathrú ina gcuid sonraí.

ar ais go barr

Cad is cuideachta sheachtrach ann?

Cuideachta sheachtrach is ea i gcás cuideachta atá corpraithe i ndlínse eachtrach a mbunaíonn Bhrainse in Éirinn.

ar ais go barr

Conas is féidir liom cuideachta a chlárú?

Aonán dlíthiúil ar leith is ea cuideachta atá idirscartha agus neamhspleách uathu siúd a bhfuil cuideachta á rith acu. Éilítear líon céimeanna a leanadh chun Cuideachta a chorprú. Foirm A1 a chomhlánú agus a chur isteach in éineacht le meabhrán agus airteagail chomhlachais.

ar ais go barr

Conas a cuir Ainm Cuideachta in áirithe?

Tá an tsaoráid chun ainm cuideachta a fhorchoimeád, rud a ligeann ainm cuideachta a fhorchoimeád ar feadh tréimhse suas le 28 lá, tá sé ar fáil i bhfoirm leictreonach amháin agus is féidir í a aimsiú in CORE - www.core.ieLinks to external website -sa rannóg "Comhdaigh Foirm". Tá faisnéis a bhaineann leis an tsaoráid ar fáil in CORE freisin agus ní mór dul i mbun comhairle leis le linn cur isteach ar iarratas a mheas. Is é €25 an táille ar iarratas ar fhorchoimeád ainm cuideachta agus is féidir í seo a fhritháireamh in aghaidh iarratais ar chuideachta nua má chuirtear deimhniú an ainm forchoimeádta isteach leis an bhFoirm iarratais A1 laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá. Féach Cuir Ainm in áirithe.

ar ais go barr

An gciallaíonn clárú cuideachta go bhfuil trádmharcanna faoi chosaint freisin?

Ní chiallaíonn. Féach Ainm Cuideachta le haghaidh faisnéise faoi fhorálacha maidir le hainmneacha. Tá idirdhealú idir dlí trádmharcanna agus dlí cuideachta. Féach láithreán gréasáin Oifig na bPaitinní -www.patentsoffice.ie - le tuilleadh faisnéise a fháil faoi thrádmharcanna.

ar ais go barr

Cé chomh tapaidh agus is féidir liom cuideachta a ionchorprú?

Braitheann ionchorprú chuideachta ar an Modh Clárúcháin. Is féidir clárúchán a dhéanamh tri leas a bhaint as scéimeanna A1 ar líne nó Fé Phráinn. Tá suiteáil ag teastáil sna scéimeanna seo agus mar sin níl siad oiriúnach le haghaidh ionchorprú aonuaire chuideachta. Úsáideann láithreoirí a chomhdaíonn go minic na scéimeanna seo.

ar ais go barr

An féidir liom meabhrán agus airteagail chomhlachais a cheannach ón CRO?

Ní féidir. Ní sholáthraíonn an CRO dréacht-mheabhráin nó dréacht-airteagail chomhlachais le húsáid ag cuideachtaí. Is féidir samplaí de na doiciméid seo a fháil ó stáiseanóirí dlíthiúla, cuntasóirí, dlíodóirí, nó gníomhairí foirmithe cuideachta.

ar ais go barr

An féidir liom uimhir bhosca oifig phoist a úsáid mar sheoladh?

Ní féidir, ní mór gur suíomh fisiceach é an oifig chláraithe. Féach faisnéis faoi Oifig Chláraithe. Ní mór don stiúrthóir a ghnáthsheoladh/a gnáthsheoladh a lua.

ar ais go barr

Conas a athraím oifig chláraithe na cuideachta?

Cuirtear Foirm B2 isteach. Is féidir an fhoirm chun an oifig chláraithe a athrú a chomhlánú ar líne saor in aisce ag https://core.cro.ie.

ar ais go barr

An féidir liom séala cuideachta a fháil ón CRO?

Ní féidir Séala Cuideachta a cheannach ón CRO. Gheobhaidh tú ceann ó stáiseanóirí dlí/dlíthiúla.

ar ais go barr

An mbíonn ar an gcuideachta gnó a dhéanamh sa Stát?

Bíonn, bíonn ar an gcuideachta gníomhaíocht a dhéanamh sa Stát? Tá faisnéis faoi chódrangú Nace ar fáil anseo freisin. Féach Gníomhaíocht sa Stát le do thoil.

ar ais go barr

An féidir le féimheach neamhscaoilte a bheith ina stiúrthóir?

Ní féidir leis. Ní féidir le féimheach neamhscaoilte feidhmiú mar oifigeach comhlachta. Féach s824-865 d’Acht na gCuideachtaí 2014 ionadaíocht air.

ar ais go barr

An féidir liom stiúrthóir amháin a bheith agam?

Ní féidir, ní mór don chuideachta beirt stiúrthóir agus rúnaí amháin ar a laghad a bheith inti - féach Faisnéis faoi Oifigigh na Cuideachta.

ar ais go barr

An bhfuil ar na stiúrthóirí bheith ina gcónaí in Éirinn?

Níl, ba cheart stiúrthóir amháin bheith ina chónaí sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ina mhalairt de chás is féidir banna a chomhdú. Féach Faisnéis faoi Oifigigh na Cuideachta.

ar ais go barr

Conas a athraím faisnéis faoi stiúrthóir na cuideachta?

Déantar foirm B10 a chomhlánú chun Faisnéis Faoi Stiúrthóir nó faoi Rúnaí a Athrú. Baintear úsáid as Foirm B10 chun athrú ar sheoladh, ar éirí as oifig, ar cheapadh nó ar bhás stiúrthóra nó rúnaí a thaifeadadh. Is féidir an fhoirm B10 a chomhlánú ar líne saor in aisce ag https://core.cro.ie.

ar ais go barr

Cén faisnéis nach mór taispeáint ar chinn litreach na cuideachta?

Féach leathanach Cinn Litreach agus Bileog Faisnéise 7 le haghaidh sonraí le do thoil.

ar ais go barr

Cén áit ar féidir liom foirm Aistriú Scaireanna a fháil?

Ní gá do chuideachta aistriú scaireanna a fhógairt don CRO ag am an aistrithe. Léireofar an t-aistriú sa chéad tuairisceán bliantúil eile a chomhdóidh an chuideachta. Ní mór é a fhógairt do na Coimisinéirí Ioncaim, áfach , ar Fhoirm Aistrithe Stoc ar féidir cheannach ag stáiseanóirí dlí/dlíthiúla Ní foirm de chuid CRO í an Fhoirm Aistrithe Stoc agus níor cheart í a chomhdú leis an CRO Ba cheart í a chomhdú leis na Coimisinéirí Ioncaim - www.revenue.ieLinks to external website - amháin.

ar ais go barr

Conas is féidir liom Ainm Gnó a chlárú?

Ní dhéanann clárú ainm gnó aonán a chruthú a bhfuil pearsantacht dhleathach ar leith leis. Tá roinnt céimeanna riachtanacha ann chun Ainm Ghnó a Chlárú a bhaineann le duine aonair, comhpháirtíocht nó cuideachta a nochtann go bhfuil sé/sí/siad ag déanamh gnó faoi ainm gnó nach ainm ná ainmneacha na gcomhpháirtithe uile ná ainm corpraithe é, gan aon chur leis, dé réir mar atá. Is leis an aonán dlíthiúil ainm an ghnó - an duine (na daoine) aonair nó cuideachta a chláraigh an t-ainm.

ar ais go barr

Conas a athraím an fhaisnéis faoi ainm gnó?

Ní mór foirm RBN2 a chomhlánú. Tá trí chineál ann. Féach Athrú Faisnéise - leathanach Ainmneacha Gnó.

ar ais go barr

Conas is féidir liom ainm gnó a scor?

Cuirfear Foirm RBN3 isteach agus níl táille chomhdaithe le híoc.

ar ais go barr

Cén faisnéis nach mór taispeáint ar chinn litreach d’ainm gnó?

Féach Bileog Faisnéise 7 le haghaidh sonraí le do thoil.

ar ais go barr

Tuilleadh CCanna

Ceisteanna a bhaineann le Tuairisceáin Bhliantúla, Baint Thoilteanach den Chlár agus Cur Ar Ais, Deimhnithe Dúblacha . Nasc leis an gDara leathanach Eile CCanna.

ar ais go barr