Ainm Gnó a Chlárú Ar Líne/Úsáid a bhaint as Córas Cuntas CRO
Úsáid a bhaint as Córas Cuntas CRO
Is féidir doiciméid a cheannach, trí Shaoráid Cuardaigh Cuideachta a úsáid ar láithreán gréasáin CRO, má tá cuntas agat linne agus má íocann tú le cárta creidmheasa. Ní mór creidmheas a choinneáil sa chuntas i gcónaí nó ní féidir doiciméid a cheannach. Is féidir an cuntas seo a úsáid chun doiciméid a lóisteáil le CRO.
Agus tú mar shealbhóir cuntais leis an Oifig seo, féadann tú iarraidh go seolfar asphrionta cuideachta agus íomhánna doiciméad ar ais chugat trí fhacs nó r-phost. Achoimre cuideachta is iad asphrionta, ina bhfuil sonraí faoi stiúrthóirí, oifig chláraithe, doiciméid a fuarthas agus muirir mhorgáiste atá cláraithe in aghaidh na cuideachta. Facsamhail doiciméid a fuarthas ón gcuideachta is ea íomhá dhoiciméid. Áirítear sna cineálacha doiciméad ná tuairisceán bliantúil agus cuntais, fógraí ar athrú stiúrthóirí na cuideachta nó athrú ar oifig chláraithe.
Stádas cuideachtaí
Ba cheart do shealbhóirí cuntais modhanna íocaíochta a thabhairt faoi deara mar tá teorainn ar mhodhanna íocaíochtaí don CRO faoi láthair. Is féidir breisiú creidmheasa a dhéanamh ar an gcuntas ar an láithreán.
Chun cuntas a oscailt, comhlánaigh Foirm A/C1 ac1 form Irish fillable (0.19 MB, Adobe PDF) le do thoil
Ní mór an fhoirm iarratais a phriontáil, a chomhlánú ina hiomláine agus a fhilleadh chugainn sa phost le híocaíocht. Nuair a fhaigheann CRO d’fhoirm iarratais agus íocaíocht tógfar uimhir chuntas custaiméara agus uimhir PIN duit. Nuair a fhaigheann tú uimhir chuntais agus uimhir PIN beidh tú i dteideal seirbhísí ar ár láithreán gréasáin CRO.
Chun asphrionta cuideachta nó íomhánna scanta na ndoiciméad nó an bheirt acu araon a iarraidh ní mór creidmheas a bheith i do chuntas i gcónaí.
Údarú Íocaíochta
Má tá cuntas agat leis an CRO, féadann tú údarú a thabhairt don CRO do chuntas a bhreacadh do dhochar agus tú ag cur foirmeacha isteach don CRO trí Fhoirm um Údarú Íocaíochta a úsáid (PAF). Nuair atá an fhoirm iarratais ceadaithe (A/c1), seolfar leabhar Foirmeacha um Údarú Íocaíochta (PAF) sa phost chuid an duine teagmhála, sa chás a comhlánaíodh an chuid ábhartha den fhoirm a/c1 amháin.
Ní mór PAF comhlánaithe a lóisteáil le gach tacar doiciméad a chuirtear le comhdú sa CRO. Ní féidir ach iad siúd atá liostáilte ar an bhfoirm a/c1 PAF a shíniú. I gcás ar mian le custaiméir sínitheoir nua-údaraithe a chur leis, ní mór dó/di an fhoirm a chomhlánú agus a chur isteach arís don CRO roimh PAF a chur isteach.
D’AINM GNÓ A CHLÁRÚ AR LÍNE
Céim 1 - Riachtanais an chórais
Chun comhdú ar líne beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:
- Cuntas r-phoist atá ag obair.
- Adobe Reader 5, nó leagain níos déanaí, ar do ríomhaire (saor in aisce ó www.adobe.com).
- Printéir chun leathanach na sínithe a phriontáil.
- Má tá bogearraí frithvíreas ar do ríomhaire, cumasaigh Míreanna Anuas chun amharc ar leathanach na sínithe.
Céim 2 - Clárú
Chun comhdú ar líne beidh ort: clárú le CORE sa chéad dul síos. Is próiseas simplí é seo. Logáil isteach ar CORE
.
Ar thaobh na láimhe deise den leathanach, cliceáil ar CLÁRAIGH atá le feiceáil faoin cheist NUA DO CORE? agus lean na treoracha ar an scáileán Má tá tú cláraithe le comhdú ar líne cheana, féadann tú d’ainm úsáideora agus focal faire atá agat a úsáid.
Céim 3 - Comhlánú na foirme
Cliceáil ar "Comhdaigh Foirm" agus roghnaigh "Clárú Ainm Gnó" ón spás oibre. Lean na treoracha, ag cinntiú go léann tú gach teachtaireacht a théann aníos go cúramach. Tuilleadh sonraí le cuidiú leat. Nuair atá sí réidh, cliceáil Cuir Foirm Isteach. Osclóidh an cnaipe "Cabhair" leathanach treoracha.
Roghnaigh cineál Ainm Gnó a bha mhian leat clárú m.sh. duine aonair agus cliceáil Ar Aghaidh.
Céim 4 - Iontráil sonraí faoin ainm gnó
Tabhair an t-ainm gnó faoina bhfuil sé ar intinn agat trádáil agus nádúr an ghnó. Ní mór cur síos iomlán a dhéanamh. Cliceáil Aimsigh le cuardach aicme NACE a dhéanamh do do ghnóthas.
Ní mór áit an ghnó bheith i bPoblacht na hÉireann. Iontráil an chéad dá líne den seoladh ar a laghad agus cliceáil Bailíochtaigh seoladh. Déanfar an seoladh a bhailíochtú in aghaidh geo-eolaire An Post.
Céim 5 - Iontráil sonraí faoin duine ar leis/léi an t-ainm gnó.
Iontráil sonraí faoi úinéir an ainm ghnó. Más náisiúnaí neamh-AE tú, beidh ort d’Uimhir Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce a iontráil. Nuair a bheas tú réidh cliceáil Ar Aghaidh.
Céim 6 - Sonraí ar an Láithreoir
Chomhlánódh sonraí ar an Láithreoir roimh ré le sonraí a iontráladh ar chlárú le CORE. Is é seo an seoladh a seolfar Deimhniú an Ainm Ghnó chuige. Cliceáil Ar Aghaidh. Taispeántar Amharc Iomlán duit ar shonraí a d’iontráil tú le hathbhreithniú. Ón scáileán sin cliceáil ar Seiceáil Foirm le cinntiú gur iontráladh an fhaisnéis uile atá de dhíth. Má fágadh aon fhaisnéis amach, iarrtar ort faisnéis atá ar iarraidh a iontráladh.
Céim 7 - Déan an leathanach sínithe a phriontáil agus a shíniú
Nuair a dhéanfar an cnaipe Cuir Isteach a chliceáil, ginfear leathanach sínithe, a bheas ort é a phriontáil agus a shíniú. Ba cheart an leathanach sínithe a sheoladh chuig an CRO le clárú in éineacht le doiciméadú riachtanach eile Tá táille chomhdaithe €20 le híoc (tá sé seo níos saoire ná iarratas a chomhlánú ar pháipéar, ar a bhfuil táille chomhdaithe €40 mar tá próiseas clárúcháin níos faide ag baint leis).
Do Spás Oibre
Tá an leathanach agus an doiciméad clárúcháin ar fáil i do spás oibre mar thagairt duit sa todhchaí. Is féidir cóip den leathanach sínithe a phriontáil anseo má bhí aon deacracht agat tríd an bpróiseas níos luaithe.
Má sheoltar an doiciméad ar ais chugat do chúis ar bith, féadfaidh tú eagrú a dhéanamh air i do spás oibre trí chliceáil ar an Íocón Cuir in Eagar & Athchuir Isteach. Beidh ort leathanach nua sínithe a ghiniúint má dhéanann tú athrú ar an bhfoirm. Ní mheasfar gur glacadh leis an doiciméad sa CRO go dlíthiúil go dtí go bhfuarthas an leathanach sínithe agus an táille.
Déan teagmháil le láithreán gréasáin CORE
Má bhíonn fadhbanna agat le húsáid CORE, tá cnaipí cabhair ar fáil ar gach leathanach. Féadann tú teagmháil a dhéanamh leis an rannóg Ríomhchomhdaithe ag (01) 804 5355, 5374, 5307 nó r-phost a sheoladh chuig an Rannóg Ríomhchomhdaithe. Féach freisin Úsáid leathanaigh CORE. Tá liosta de CCanna a bhaineann le CORE ar fáil freisin.
Priontáil