Important notice

CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy

Hide this message


Cóipcheart

 © CRO Copyright

Cóipcheart i dtéacs an láithreáin gréasáin

Is le CRO cóipcheart i dtéacs an láithreáin gréasáin seo. Ceadaíonn CRO atáirgeadh ina iomláine nó páirteach na n-ábhar ó théacs an láithreáin gréasáin seo, ar choinneáil nach ndíolfar cóipeanna fisiceacha agus go n-aithnítear an CRO mar fhoinse gach aon chóip.

Cóipcheart na faisnéise reachtúla i mBunachar Sonraí CRO

Thiomsaigh agus soláthraíonn an CRO bunachar sonraí na ndoiciméad agus na faisnéise a comhdaíodh leis an Oifig de bhun Achtanna na gCuideachtaí 1963-2012 agus an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963, rud atá eagraithe ar bhealach córasach nó rianúil, Bunachar Sonraí a bhfuil rochtain air maidir le cuideachtaí ionair agus le hainmneacha gnó.

Bunachar Sonraí bunaidh is ea Bunachar Sonraí CRO de réir bhrí agus chuspóirí an Achta Cóipchirt agus Cearta a Bhaineann leis, 2000 ( Copyright and Related Rights Act, 2000 ("the Act of 2000) agus tá Ceart Bunachair Shonraí ann, de réir bhrí Ailt 321 den Acht 2000, a bhaineann leis agus is é Rialtas na hÉireann déantóir an bhunachair shonraí sin.

Is le Rialtas na hÉireann cóipcheart i mBunachar Sonraí CRO (alt 191 den Acht 2000).

Thug cuideachtaí nó daoine thar ceann na gcuideachtaí an fhaisnéis atá i mBunachar Sonraí CRO don CRO, de bhun forálacha reachtúla, agus ní dheimhníonn an CRO cruinneas na faisnéise sin ná ní féidir léi í a dheimhniú, agus níl an CRO freagrach as iarmhairtí aon earráidí nó easnamh san fhaisnéis a choimeádtar ar a Bunachar Sonraí.