Láthair

Teach Pharnell, 14 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1.
DX Number 145001

Is féidir an Oifig a shroicheadh trí shiúl suas Sráid Uí Chonaill, agus ag leanúint go díreach ar aghaidh go barr Cearnóige Parnell. Tá an oifig suite ar dheis, díreach os comhair Ghairdín na Cuimhne.

Is féidir post áirithe a sheoladh chuig an CRO Seoladh Cheatharlach Déanfar an CRO a dhílárú go Ceatharlach amach anseo.

Oifig Phoiblí na CRO

Tá Oifig Phoiblí na CRO ag Teach Pharnell, 14 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1. Níl aon oifig phoiblí i gCeatharlach.

Map to CRO office

Post Ceatharlach

Más mian leat doiciméid a chur ar an bpost, ba chóir duit iad a sheoladh chuig:

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach, Contae Cheatharlach.

Ní mór na hábhair seo a leanas a sheoladh go Ceatharlach:

  • Tuairisceáin Bhliantúla
  • Gach rún agus Meabhráin agus Airteagail,
  • Ainmneacha Ghnó,
  • Gach doiciméad a bhaineann le Leachtú, le Glacadóireacht agus le Scrúdaitheoireacht,
  • Gach Réamheolaire,
  • H15  - iarratais ar Bhaint Thoilteanach den Chlár
  • Doiciméid le comhdú chun cuntas custaiméara a oscailt nó a nuashonrú.

agus gach ábhar chun:

  • faisnéis faoi stiúrthóir/rúnaí a athrú.
  • Oifig Chláraithe na cuideachta a athrú,
  • Scairchaipiteal a athrú,
  • athrú ó nó go stádas cuideachta aonchomhalta,
  • faisnéis faoin Iniúchóir a athrú,
  • clár na gcomhaltaí, na sealbhóirí bintiúr, conartha seirbhíse na stiúrthóirí a athrú srl.

Seoladh R-phoist: Crocarlow@djei.ie

Poist Teach Pharnell

D’fhonn cabhrú leis na doiciméid seo a leanas a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, ba chóir iad a chur ar an bpost chuig na rannóga ainmnithe i gCearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1:

  • Foirmeacha J (Iarratais Leictreonacha ag Gníomhairí Comhdaithe)
  • Iarratais ar Chuideachta a Scriosadh go Toilteanach
  • Comhfhreagras Ginearálta.
  • Comhdú reachtúil le haghaidh:
  • ¤ Cuideachtaí Nua, ¤ Morgáistí/Muirear
  • ¤ Athchláraithe Cuideachta ¤ Athraithe ar Ainm Cuideachta
  • ¤ Cuideachtaí Seachtracha

Ba chóir don rannóg ábhartha a bheith marcáilte go soiléir ar an gclúdach de réir an liosta thuas (m.sh. MORGÁISTÍ).

Seoladh Teach Pharnell:

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Teach Pharnell, 14 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1.

DX Number 145001

Tharscaoileadh Táille ar Chomhdú Déanach

Ní mór gach iarratas ar tharscaoileadh pionóis ar chomhdú déanach a chur i scríbhinn. Measfaidh an CRO, ar bhonn gach cás é féin, iarratais ar tharscaoileadh pionóis ar chomhdú déanach inar féidir leis an gcuideachta/láithreoir taispeáint gurb iad fíorchúinsí nádúr "force majeure" ba chúis le tuairisceán bliantúil gan bheith curtha isteach don CRO roimh imeacht an spriocdháta comhdaithe as feidhm. Féach leathanach Tarscaoileadh Pionós le tuilleadh sonraí le do thoil.

Seol d’iarraidh do cheachtar na ndaoine seo a leanas:

An tUas. Damien McDonell nó Bean Uas. Fiona Yule, CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.