Cuntais
Éilítear ar chuideachtaí leabhair chuntas a choinníoll a thugann cuntas fíor ceart ar chúrsaí airgid na cuideachta. Éilítear ar chuideachtaí sonra í a gcuntas a nochtadh ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) agus cóip de na cuntais sin a cheangal leis an tuairisceán bliantúil agus a chomhdú leis an CRO. Ina theannta sin, éilítear orthu caighdeáin ar leith a chomhlíonadh le cuntais a ullmhú, ag leanúint le formáidí samplacha agus ag nochtadh faisnéise ar leith trí nótaí leis na cuntais.
Éilíonn Achtanna na gCuideachtaí 1963-2009 ar stiúrthóirí gach cuideachta na cuntais agus tuarascálacha a leagan faoi bhráid chomhaltaí na cuideachta ag an CGB:
- cuntas sochair agus dochair (nó cuntas ioncaim agus caiteachais mura bhfuil an chuideachta ag trádáil le haghaidh brabúis)
- clár comhardaithe
- tuarascáil ó na stiúrthóirí
- tuarascáil ón iniúchóir
Ní mór do bheirt stiúrthóir cuntais bhliantúla agus tuarascáil ón stiúrthóir a shíniú thar cheann na stiúrthóirí.
Éilítear go gcuirfear na doiciméid thuasluaite i gceangal le tuairisceán bliantúil na cuideachta teoranta ar sheachadadh dóibh don CRO (alt 7 d’Acht na Cuideachta (Leasú) 1986). Tá díolúintí ar leith ag Cuideachtaí Beaga agus Meánmhéide). Ina theannta sin, ní mór deimhniú a chur leis, é sínithe ag stiúrthóir agus an rúnaí araon, a dheimhníonn gur cóipeanna dílse na gcuntas agus tuarascálacha iad siúd a leagadh faoi bhráid nó atá le leagan faoi bhráid CGB na cuideachta.
Má theipeann ar chuideachta ceanglais alt 7 den Acht 1986 a chomhlíonadh, diúltóidh an CRO an tuairisceán bliantúil. Ina theannta sin, fágfar an chuideachta gach oifigeach na cuideachta atá i mainneachtain faoi dhliteanas fíneála nach mó ná €1,905.
Ní éilítear cuntais a chur i gceangal leis an gcéad tuairisceán bliantúil a sheachadann cuideachta iarchorpraithe. Éilítear an tuairisceán sin a dhéanamh suas le dáta atá sé mhí i ndiaidh dháta corpraithe na cuideachta. Éilítear cuntais a chur i gceangal le gach tuairisceán bliantúil ina dhiaidh sin a chomhdaíonn cuideachta, ach amháin gur Cuideachta Phríobháideach Neamhtheoranta í.
Ullmhaíonn cuideachtaí poiblí teoranta agus cuideachtaí príobháideacha teoranta cuntais bhliantúla de réir Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986. Thug an tAcht sin isteach chun dlíthe Ceathrú Treoir an CE ar chuntais bhliantúla cuideachtaí go ginearálta.
Ceanglais na gCuntas
Tá sonraí maidir le ceanglais na gcuntas ar chineálacha agus méideanna difriúla cuideachtaí sna leathanaigh mar seo a leanas -
Cuideachtaí teoranta:
Éilítear ar chuideachtaí poiblí teoranta agus cuideachtaí phríobháideacha teoranta cuntais bhliantúla a ullmhú agus a chomhdú de réir Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986. Thug an tAcht sin isteach chun dlíthe Ceathrú Treoir an CE ar chuntais bhliantúla cuideachtaí go ginearálta.
Cuideachtaí seachbhrabúsacha teoranta:
Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta nach bhfuil ag trádáil chun go bhfaighidh na comhaltaí gnóthachan, éilítear orthu cuntais bhliantúla a ullmhú agus a chomhdú de réir Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986 (is é sin, cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal). Cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta nach bhfuil ag trádáil chun go bhfaighidh na comhaltaí gnóthachan, éilítear orthu cuntais bhliantúla a ullmhú agus a chomhdú de réir Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986 (is é sin, cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal).
Grúpchuntais:
Thug Rialacháin 1992 (I.R. 2001 de 1992) na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Cuntais Ghrúpa) Seachtú Treoir CE ar cuntais chomhdhlúite ghrúpa isteach sa dlí. Baineann na Rialacháin le gach bliain airgeadais a thosaíonn ar 1 Meán Fómhair 1992 nó ina dhiaidh sin. Thug Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Grúpchuntais) 1992 (I.R. 2001 de 1992) Seachtú Treoir CE ar ghrúpchuntais chomhdhlúite isteach sa dlí. Baineann na Rialacháin le gach bliain airgeadais a thosaíonn ar 1 Meán Fómhair 1992 nó ina dhiaidh sin. Baineann na Rialacháin le cuntais ullmhaithe do bhlianta airgeadais a thosaíonn ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 1994.
Bainc agus institiúidí airgeadais:
Ní mór cuntais bhliantúil agus cuntais chomhdhlúite na mbanc nó na n-institiúidí airgeadais eile a ullmhú de réir Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí: Cuntais Ghrúpa), 1992 (I.R. 294 de 1992). Baineann na Rialacháin le cuntais aonair agus ghrúpa a dhréachtaítear maidir le gach bliain airgeadais a thosaíonn ar nó i ndiaidh 1Eanáir 1993 Urrúis Inaistrithe) 1992 (I.R. Uimh. 294 de 1992). Baineann na Rialacháin le cuntais ullmhaithe do bhlianta airgeadais a thosaíonn ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 1994.
Gnóthais árachais:
Ní mór cuntais bhliantúla agus cuntais chomhdhlúite na ngnóthas árachais a ullmhú de bhun Rialacháin 5 agus 10 de I.R. Uimh. 23 de 1996 (Rialacháin CE (Gnóthas Árachais: Cuntais) 1996).
Baineann na Rialacháin le cuntais ullmhaithe do bhlianta airgeadais a thosaíonn ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 1994.
Cuideachta neamhtheoranta agus comhpháirtíochtaí:
Ní gá go bhfuil díolúine ag cuideachta neamhtheoranta ón gceanglas chun cuntais a chomhdú mar tá ceanglas ar roinnt cuideachtaí neamhtheoranta agus comhpháirtíochtaí (lena n-áirítear comhpháirtíochtaí teoranta) áirithe cuntais a chomhdú agus a sheachadadh don CRO. Éilítear cuntais ó na haonáin sin de bhua Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuntais) 1993 (I.R. 396 de 1993). Is é sin le rá, cuideachta neamhtheoranta nó comhpháirtíocht nach bhfuil teorainn ar dhliteanas ag a cuid comhaltaí, is cuideachtaí iad faoi theorainn scaireanna nó faoi ráthaíocht agus éilítear orthu cuntais a chomhdú. Baineann na Rialacháin le cuntais ullmhaithe do bhlianta airgeadais a thosaíonn ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 1994.
Priontáil