Tuarascáil ón Iniúchóir
Ní mór tuarascáil ón iniúchóir do chomhaltaí na cuideachta a dhéanamh de réir alt 193 d’Acht na gCuideachtaí 1990. Éilítear ar thuarascáil an Iniúchóra lua:
(a) cibé acu a fuair nó nach bhfuair siad an fhaisnéis agus na mínithe go léir is gá, de réir mar is fearr is eol dóibh agus a chreideann siad, chun críocha a n-iniúchta,
(b) cibé acu, ina dtuairim, atá nó nach bhfuil leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an gcuideachta;
(c) cibé acu, ina dtuairim, a fuarthas nó nach bhfuarthas tuairisceáin chuí atá leordhóthanach dá n-iniúchadh ó bhrainsí de chuid na cuideachta nár thug siad cuairt orthu;
(d) cibé acu atá nó nach bhfuil clár comhardaithe na cuideachta agus (mura bhfuil sé cumtha mar chuntas comhdhlúite sochair agus dochair) a cuntas sochair agus dochair ar aon dul leis na leabhair chuntais agus leis na tuairisceáin;
(e) ach amháin i gcás cuideachta a bhain leas as aon cheann d'fhorálacha Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cibé acu, ina dtuairim, atá nó nach bhfuil clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair na cuideachta agus (más cuideachta shealbhaíochta í atá ag cur grúpchuntais isteach) na grúpchuntais, ullmhaithe go cuí de réir fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí agus cibé acu a thugann nó nach dtugann siad léargas fíorcheart-
- i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid chúrsaí na cuideachta amhail ag deireadh a bliana airgeadais;
- i gcás an chuntais sochair agus dochair (mura bhfuil sé cumtha mar chuntas comhdhlúite sochair agus dochair), ar shochar agus dochar na cuideachta dá bliain airgeadais;
- i gcás grúpchuntas atá á gcur isteach ag cuideachta shealbhaíochta, ar staid chúrsaí agus ar shochar nó dochar na cuideachta agus a fochuideachtaí a ndéileáiltear leo sa tslí sin, a mhéid a bhaineann sé le comhaltaí na cuideachta;
(f) i gcás cuideachta a bhain leas as aon cheann d'fhorálacha Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cibé acu, ina dtuairim, atá nó nach bhfuil a clár comhardaithe agus a cuntas sochair agus dochair agus (más cuideachta shealbhaíochta í atá ag cur grúpchuntais isteach) na grúpchuntais, ullmhaithe go cuí de réir fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí agus cibé acu a thugann nó nach dtugann siad léargas fíorcheart ar na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) agus, más iomchuí, i bhfomhír (iii) de mhír (e) faoi réir neamhnochtadh aon nithe (a luafar sa tuarascáil) nach gá a nochtadh de bhua na Coda sin III; agus
(g) cibé acu, ina dtuairim, a bhí nó nach raibh staid airgeadais ann ag dáta an chláir chomhardaithe a d'éileodh faoi alt 40 (1) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , cruinniú ginearálta urghnách den chuideachta a chomóradh.
(Baineann Alt 193(4) Acht na gCuideachtaí 1990 leis.)
Tuarascáil ón Iniúchóir i gcás cineálacha cuideachta áirithe atá díolmhaithe ar dhóigh eile ó chuntais a chomhdú leis an tuairisceán bliantúil
Priontáil