Tuairisceán Bliantúil a sheachadadh

Cuirtear de cheangal ar chuideachta, cibé an mbíonn sí ag trádáil nó nach mbíonn, tuairisceán bliantúil a sheachadadh don CRO uair sa bhliain ar a laghad.

Nasc: Foirmeacha            Táillí                 Bileoga Faisnéise

Doiciméid Cheangailte

Tá seicliosta gach doiciméid le ceangal le Foirm B1 ar fáil san fhoirm. I dtromlach na gcásanna, ní mór cuntais iniúchta a cheangal leis an tuairisceán bliantúil. Ní mór do na cuntais sin tráth a chlúdach a chríochnaíonn ar dháta nach déanaí ná naoi mí roimh dháta deireanach an tuairisceáin bhliantúil.

Ní mór iniúchadh a dhéanamh ar chuntais chuideachta, ach amháin nuair a bhíonn díolúine faighte ag an gcuideachta ó iniúchóir a bheith aici agus nuair a chuireann an chuideachta iarratas isteach ar an díolúine seo.

Iontráiltear liosta de na stiúrthóirí reatha agus sonraí rúnaí na cuideachta ar an bhFoirm B1. Tá an scairchaipiteal agus liosta de na baill reatha agus de na hiarbhaill sonraithe ar an bhfoirm B1 chomh maith. Sonraítear ar an bhfoirm cibé acu an bhfuil an chuideachta díolmhaithe ó iniúchadh/uimhir chlárúcháin an iniúchóra a shínigh tuarascáil an iniúchóra a ghabhann leis an bhfoirm agus freisin an bhfuiltear chun Dáta an Tuairisceáin Bhliantúil a athrú.

Ar liosta de na hIar-bhaill agus de na Baill reatha, áit a bhfuil ball den chuideachta ina chuideachta dhíscaoilte inti féin, ba cheart an fhíric sin a nochtadh ar an bhfoirm. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil an ball díscaoilte agus go bhfuil na sócmhainní dílsithe don Aire Airgeadais (faoin Acht Maoine 1954). Beidh sé amhlaidh go gcuirfear an chuideachta dhíscaoilte ar ais ar an gclár. Más cuideachta eachtrach í an chuideachta dhíscaoilte, ba cheart an comhlacht/reachtaíocht Rialtais coibhéiseach a nochtadh ar an bhfoirm chun úinéireacht iarbhír na scairsheilbhe a nochtadh.

Airgeadra

Ní mór tuairisceáin bhliantúla a chomhlánú in airgeadra aitheanta ina cheangal dlí mar atá ag dáta éifeachtach an tuairisceáin (is é sin, ní mór iad a chomhlánú in euro agus ní i bpuint Éireannacha i gcás a ndéanfar an tuairisceán suas go 1 Eanáir 2002 nó ina dhiaidh sin). Cuntais don tréimhse a chríochnaíonn 1 Eanáir 2002 nó ina dhiaidh sin, éilítear orthu freisin a chomhlánú in euro nó in airgeadra aitheanta i gceangal dlí eile mar atá ag deireadh na bliana airgeadas de chuid na cuideachta.

Foirm B1 ar líne

Tá leagan de Fhoirm B1 le fáil ar líne ag www.core.ieLinks to external website. Féadann tú do Thuairisceán Bliantúil a chomhdú ar €20 leath den chostas ar chomhdú ar pháipéar. Tá 28 lá agat ó Dháta do Thuairisceáin Bhliantúil le do thuairisceán a chomhdú ar líne. Tá 28 lá sa bhreis agat ón dáta a ríomhchomhdaíonn tú chun leathanach sínithe, cuntais agus íocaíocht a sheachadadh don CRO.

I gcás ina bhfuil tuairisceán bliantúil r-chomhdaithe ach gan ábhair le leagan isteach a chomhlíonadh laistigh den tréimhse 28 lá, is é sin, na cuntais, leathanach sínithe agus táille chomhdaithe lena mbaineann gan leagan isteach don CRO, coimeádann an oifig seo de cheart acu féin tuilleadh r-chomhdú an ábhair céanna ón chuideachta a chosc agus is féidir leo seasamh go ndéanfar an tuairisceán bliantúil a chomhdú i gcóip chrua nuair atá sé á leagan isteach arís.

 pdf logo  Bileog Faisnéise - B1 Comhdú a dhéanamh ar líne (0.71 MB, Adobe PDF) 

Ceanglais chun tuairisceán bliantúil a ullmhú agus a chomhdú

Ní mór tuairisceán bliantúil na cuideachta a chur isteach in aghaidh na bliana suas go dtí dáta áirithe roimh Dháta Tuairisceáin Bhliantúil (DTB) na cuideachta. Ní mór an tuairisceán a dhéanamh leis an gCláraitheoir laistigh de 28 lá ó ARD na cuideachta, nó, sa chás go ndearnadh tuairisceán suas le dáta níos luaithe ná ARD na cuideachta, laistigh de 28 lá ón dáta níos luaithe sin.

Más Dé Sathairn, Dé Domhnaigh nó saoire phoiblí é dáta éaga na tréimhse comhdaithe 28 lá, síneofar an tréimhse 28 lá go dtí an chéad lá oibre eile ina dhiaidh.

Nuair is gá cuntais a chur i gceangal leis an tuairisceán bliantúil26 is é an spriocdháta comhdaithe:

DTB na cuideachta móide 28 lá, nó deireadh na bliana airgeadais de chuid na cuideachta móide naoi mí agus 28 lá, cibé dáta acu sin is luaithe.

Pionós comhdaithe déanach

Bíonn pionós comhdaithe déanach €100 dlite i leith tuairisceáin bhliantúil an lá tar éis an spriocdháta comhdaithe

Is féidir le cuideachta iarratas ar ordú a dhéanamh chuig an gcúirt, agus é curtha in iúl don CRO, chun spriocdháta níos déanaí a fháil. Tugann sé seo níos mó ama di chun a tuairisceán a chomhdú, ach ní thiocfaidh athrú ar DTB na cuideachta sna blianta ina dhiaidh sin.

Nasc: Áireamhán um Pionós ar Chomhdú Déanach

Ceanglais chuntas

Ní mór do na cuntais a chuirtear i gceangal le tuairisceán bliantúil,:

(a) i gcás an chéad thuairisceáin bhliantúil lena gcuirtear cuntais, an tréimhse ó ionchorpraíodh an chuideachta ar aghaidh a chlúdú;

(b) i ngach aon chás eile, ó dheireadh na tréimhse is déanaí ar aghaidh a comhdaíodh cuntais leis an CRO.

Ina theannta sin, ní mór na cuntais a chur le chéile suas go dtí dáta tráth nach luaithe ná naoi mí ón dáta go dtí go gcuireadh an tuairisceán bliantúil le chéile (an "riail naoi mí").

Dáta sonrach bliantúil is ea an DTB a leagtar amach de bhun reachta do na cuideachtaí go léir ar gá dóibh tuairisceán bliantúil a chomhdú. D’fhéadfadh cuideachta a DTB a athrú toisc gur gá cuntais a chur i gceangal le tuairisceán bliantúil, cuntais a cuireadh le chéile tráth nach déanaí ná naoi mí roimh DTB na cuideachta ("an riail naoi mí"). Athraítear an DTB trí DTB níos lú nó níos déanaí a roghnú.

Cuntais nach n-éilítear leis an gcéad tuairisceán

Tá díolúine ag cuideachta nuabhunaithe ó cheanglas chun cuntais a chur i gceangal lena chéad tuairisceán bliantúil, an tuairisceán sin a dhéanamh suas le dáta tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis a corpraithe. Éilítear uirthi, áfach, cuntais a chur i gceangal lena dara tuairisceán bliantúil, an tuairisceán sin a dhéanamh suas le dáta tráth nach déanaí ná 18 mí tar éis a corpraithe, agus é a chomhdú laistigh de 28 lá.

Beidh deacrachtaí ag cuid mhór cuideachta nuabhunaithe lena gcuid cuntas bheith réidh le comhdú 19 mí iarchorpraithe. Rogha amháin atá ar fáil di ná dara DTB na Cuideachta a shíniú go dtí dáta níos déanaí chun tairbhe is mó a bhaint as an mbearna naoi mí idir deireadh na bliana airgeadas agus DBT aici. Ní chuirfidh sé seo isteach ar an gceanglas, áfach, go dtionólfaidh an chuideachta a chéad CGB nach déanaí ná 18 mí tar éis an chuideachta a chorprú (Alt 131 d’Acht na gCuideachtaí 1963) nó ar an gceanglas chun cuntais a leagadh faoi bhráid a CGB laistigh de 9 mí tar éis dáta an chláir chomhardaithe (Alt 148 d’Acht na gCuideachtaí 1963). Cion coiriúil is ea na hailt sin a shárú (131 & 148).

Ní mór iniúchadh a dhéanamh ar na cuntais mura bhfuil an chuideachta i dteideal Díolúine ó Iniúchadh a éileamh agus a dhéanann amhlaidh.

Liostaí de scairshealbhóirí

Glacfaimid le liostaí de scairshealbhóirí ar CD. Níl siad inghlactha ach san fhormáid mar a leanas.

Ní mór gur comhaid .csv camóg-theormharcáilte iad. Ní mór colúin A-I a bheith iontu.

Colún A - Ainm

Colún B - Seoladh 1

Colún C - Seoladh 2

Colún D - Seoladh 3

Colún E - Seoladh 4

Colún F - Seoladh 5

Colún G - Seoladh 6

Colún H - Seoladh 7

Colún I - Sealúchas