Chomhdaítear go déanach
Is é spriocdháta comhdaithe an tuairisceáin bhliantúil ná 28 lá i ndiaidh dháta éifeachtach an tuairisceáin. Bíonn pionós comhdaithe déanach €100 dlite i leith tuairisceáin bhliantúil an lá tar éis an spriocdháta comhdaithe.
Bíonn pionós breise €3 le híoc in aghaidh an lae ón 30ú lá ar aghaidh, suas go dtí uasphionós €1,200 in aghaidh an tuairisceáin. Bíonn an pionós seo le híoc i dteannta le táille chaighdeánach chomhdaithe €20 (leictreonach)/€40 (páipéar) in aghaidh an tuairisceáin.
Dheimhnigh na Coimisinéirí Ioncaim nach féidir pionóis chomhdaithe déanach a asbhaint ó thaobh cánach de.
Ba chóir leabhair agus taifid na cuideachta a thabhairt do na hiniúchóirí i bhfad roimh spriocdháta an tuairisceáin bhliantúil mura dteastaíonn ón gcuideachta pionós comhdaithe déanach a thabhú.
Baineann bearta forfheidhmithe atá curtha i bhfeidhm ag an CRO leis na tuairisceáin bhliantúla atá comhdaithe ag cuideachta le blianta beaga. Nuair a theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú in am cuireann sé seo isteach ar stair chomhlíonta na cuideachta agus d’fhéadfadh an Oifig seo bearta forfheidhmithe a dhéanamh, ar nós ionchúisimh nó fíneála ar an láthair, i leith na cuideachta seo san am atá le teacht.
Féach Tarscaoileadh Pionóis
Is féidir le cuideachta iarratas ar ordú a dhéanamh chuig an gcúirt, agus é curtha in iúl don CRO, chun spriocdháta níos déanaí a fháil. Tugann sé seo níos mó ama di chun a tuairisceán a chomhdú, ach ní thiocfaidh athrú ar DTB na cuideachta sna blianta ina dhiaidh sin.
Fíneáil ar an Láthair
Faoi alt 66(1) den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí na gCuideachtaí 2001, caithfidh duine nó cuideachta mainneachtana, taobh istigh den tréimhse 21 lá tar éis fógra maidir le fíneáil ar an láthair a d'eisigh an Cláraitheoir chuig an duine sin nó chuig an gcuideachta:
- An mhainneachtain sin a leigheas tríd an tuairisceán bliantúil nó na tuairisceáin bhliantúla a chomhdú agus
- An méid a shonraítear san fhógra a íoc leis an gCláraitheoir.
Déanfar an duine nó an chuideachta mainneachtana a ionchúiseamh mura gcomhlíonfar téarmaí an fhógra um fhíneáil ar an láthair laistigh den tréimhse de 21 lá.
Cuideachtaí agus Stiúrthóirí a ionchúiseamh
Féadfar cuideachtaí agus stiúrthóirí cuideachtaí a mhainneachtóidh tuairisceán bliantúil a comhdú leis na CRO a ionchúiseamh faoi Alt 125 d'Acht na gCuideachtaí 1963. Ar ionchúiseamh is é an uasphionós do gach cion ná €1900.
Baint Neamhthoilteanach den Chlár
Ar meán, baintear breis agus 5,000 cuideachta den chlár gach bliain. Tá an feachtas sin ag leanúint ar aghaidh, agus clár ionchúiseamh na gcuideachtaí agus na stiúrthóirí.
Féadann iarmhairtí míthaitneamhacha do stiúrthóirí na gcuideachtaí sin cionn is gur féidir ordú dícháilíochta a dhéanamh ina gcoinne ag an Ard-Chúirt ar iarratas an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
Nasc: Baint Neamhthoilteanach den Chlár.
Cailleadh Díolúine ó Iniúchadh
Ní mór tabhairt faoi deara gur guma cíbe acu go dtugtar tarscaoileadh do chuideachta nó mura dtugtar, meastar go fóill go bhfuil an tuairisceán bliantúil comhdaithe go déanach. Mar gheall air sin, i gcás a bhfuil tuairisceán bliantúil comhdaithe go déanach, ní mór cuntais iniúchta a chur leis an tuairisceán bliantúil déanach sin agus leis an mbliain ina dhiaidh sin. Tá an riail seo foráilte ag Alt 32(3) D’Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh.2) 1999, agus ní féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí aon mhaolú ar an gceanglas dlí seo a thabhairt.
Féach Díolúine ó Iniúchadh
Priontáil