Tarscaoileadh Pionóis

Mar fhreagairt ar líon mór ceisteanna ón phobal, ba mhian leis an CRO an fhaisnéis a chur ar fáil maidir le pionóis ar chomhdú déanach a tharscaoileadh.

Cúinsí ATÁ ina bhforais chun pionós ar chomhdú déanach a tharscaoileadh;

Measfaidh an CRO, ar bhonn gach cás é féin, iarratais ar tharscaoileadh pionóis ar chomhdú déanach inar féidir leis an gcuideachta/láithreoir taispeáint gurb iad fíorchúinsí nádúr "force majeure" ba chúis le tuairisceán bliantúil gan bheith curtha isteach don CRO roimh imeacht an spriocdháta comhdaithe as feidhm. Ina theannta sin, ceadaíonn an Oifig tarscaoileadh ar bhonn aonuaire amháin do chineálacha áirithe cuideachta.

Ní féidir cur isteach ar phionós déanach a tharscaoileadh ach leis na critéir mar seo a leanas:

A. Force Majeure

  • Cúinsí leighis a bhaineann le duine de na Stiúrthóirí nó le ball teaghlaigh an-ghar dó agus a bhfuil fianaise dhoiciméadach leis agus í ag taispeáint gaire do thréimhse chomhdaithe an Tuairisceáin Bhliantúil agus fianaise ar an dóigh ar chuir sé cosc ar chomhdú in am.
  • Meala a bhaineann le duine de na Stiúrthóirí nó le ball teaghlaigh an-ghar dó agus a bhfuil fianaise dhoiciméadach leis agus í ag taispeáint gaire do thréimhse chomhdaithe an Tuairisceáin Bhliantúil.
  • Aon fhíorchineál force majeure eile lasmuigh rialú na cuideachta nó láithreora.

B. Cuideachta seachbhrabúsacha ar leas an phobail uile agus carthanais

Cineál áirithe cuideachta neamhbhrabúsaí a bhaineann a cuid imeachtaí le hobair charthanúil amháin (lena n-áirítear imeachtaí sna réimsí oidhreachta, cultúrtha oideachais nó timpeallachta) nó leasa an phobail a chur chun cinn ina gceantair féin maidir le soláthar nó le háiseanna agus fóntas an phobail a fheabhsú.

Cuideachta sheachbhrabúsach ab ea cuideachta a fhorálann go sonrach ina meabhrán agus ina hairteagail chomhlachais:

  • go mbainfidh a cuid brabús (más ann) nó ioncam ar bith eile lena cuspóirí a chur chun cinn;
  • go gcuirtear cosc ar dhíbhinní a íoc lena cuid comhaltaí; agus
  • ar fhoirceannadh di, déanfar sócmhainní ar fad a bheadh ar fáil do na comhaltaí ar chuma eile a aistriú chuig cuideachta eile a bhfuil na srianta céanna uirthi ina meabhrán agus ina hairteagail chomhlachais.

C. Moill/neamhsheachadadh na ndoiciméad a seoladh sa phost don CRO:

Is iad na cúinsí amháin ina mbíonn moill nó cailleadh doiciméad a seoladh sa phost don CRO á meas lena tharscaoileadh ná sa chás inar féidir leis an gcuideachta fianaise dhoiciméadach neamhspleách a thabhairt gur seoladh na doiciméid sa phost ag úsáid seirbhíse a ráthaíonn am seachadta, a léiríonn gur seoladh doiciméad ar dháta nach mór seachadadh in am don CRO a ráthú. (m.sh. Ráthaíonn Seirbhís de chuid An Post Express Post seachadadh ar an gcéad lá oibre eile agus féadtar síniú a fháil ar sheachadadh).

Cé leis dul i dteagmháil:

Ní mór gach iarratas ar tharscaoileadh pionóis ar chomhdú déanach a chur i scríbhinn. Seol d’iarratas do cheachtar na ndaoine seo a leanas:

An tUas. John Steele nó Bean Uas. Fiona Yule, Oifig Chláraithe na gCuideachtaí, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

Nós Imeachta Achomharc

Is féidir achomhairc in aghaidh cinntí ag baill fhoirne de chuid CRO a bhaineann le pionóis ar chomhdú déanach a dhéanamh don Chláraitheoir Cúnta, an tUas Harry Lester, CRO, 14 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1 agus i ndeireadh na dála do Chláraitheoir na gCuideachtaí, Bean Uas Helen Dixon, CRO, 14 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath 1.

Cúinsí NACH BHFUIL ina bhforais chun pionós ar chomhdú déanach a tharscaoileadh:

Faigheann an CRO sruth leanúnach iarrataí ar tharscaoileadh pionós ar chomhdú déanach ó chuideachtaí agus láithreoirí, iarrataí nach gcomhlíonann critéir atá sonraithe ag A, B nó C thuas agus ní mór iad a dhiúltú dá bharr.

Ba mhian leis an CRO taispeáint nach bhfuil CEANN AR BITH de na forais mar seo a leanas ina chúis le pionóis ar chomhdú déanach a tharscaoileadh agus nach dtarscaoileann an CRO pionóis ar aon cheann de na forais sin riamh.

Níor thrádáil an chuideachta agus ní bheidh ag trádáil;

Moill/neamhsheachadadh litreacha sa phost, idir chuig an CRO nó ón CRO; lena n-áirítear meabhrúcháin/fógraí faoi Thuairisceán Bliantúil (féach C thuas);

  • Cuideachtaí nach féidir an pionós a íoc;
  • Tá taifead comhdaithe sármhaith roimhe ag an gcuideachta;
  • Briseadh síos cumarsáide idir cuideachta agus gníomhaire/láithreoir;
  • Cuideachta bhainistíochta atá sa chuideachta (ag bainistiú ceap árasán srl.), mar ní cuideachta ar leas an phobail iad don chuid is mó;
  • Theip ar láithreoir/cuntasóir na cuideachta comhdú in am;
  • Tá díospóireacht ar siúl idir an láithreoir/cuntasóir agus an chuideachta agus a cuid oifigeach;
  • Níor thuig oifigigh na cuideachta a gceanglas le comhdú nó ní raibh sé ar eolas acu;
  • tuairisceáin bhliantúla r-chomhdaithe a gabhadh mall (laistigh den tréimhse 28 lá a cheadaítear ón DTB);
  • tuairisceáin bhliantúla r-chomhdaithe a gabhadh in am ach go raibh paiste/leathanach sínithe/cuntais seachadta go déanach don CRO (laistigh den 28 lá a cheadaítear i ndiaidh á ngabháil);
  • Earráidí/neamhábaltacht ríomhchomhdú, ach gur earráid de chuid CRO í an fhadhb agus gur féidir é seo a thaispeáint/cinntiú;
  • Foirm B73 comhdaithe mícheart nó B1 comhdaithe le cuntais agus le foirm B73, ag athrú DTB;
  • Díospóireachtaí/briseadh síos cumarsáide laistigh den chuideachta;
  • Dearmad déanta ar chomhdú, nó nach raibh ar fáil le comhdú in am.

Má tharla go bhfuair an chuideachta tharscaoileadh roimhe sin, ní féidir dara tharscaoileadh a cheadú.

Cailleadh Díolúine ó Iniúchadh

Ní mór tabhairt faoi deara gur guma cíbe acu go dtugtar tarscaoileadh do chuideachta nó mura dtugtar, meastar go fóill go bhfuil an tuairisceán bliantúil comhdaithe go déanach. Mar gheall air sin, i gcás a bhfuil tuairisceán bliantúil comhdaithe go déanach, ní mór cuntais iniúchta a chur leis an tuairisceán bliantúil déanach sin agus leis an mbliain ina dhiaidh sin. Tá an riail seo foráilte ag Alt 32(3) D’Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh.2) 1999, agus ní féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí aon mhaolú ar an gceanglas dlí seo a thabhairt.