Gníomhaíocht ar siúl i bPoblacht na hÉireann
Ciallaíonn gníomhaíocht gníomhaíocht ar bith ag a bhfuil cead dlíthiúil ag cuideachta bheith ar siúl aici, lena n-áirítear réadmhaoin de chineál ar bith a choinneáil, a fháil nó a dhiúscairt.
Ní ionchorprófar cuideachta ach amháin nuair is dóigh do Chláraitheoir na gCuideachtaí go mbeidh, nuair a bheidh sí cláraithe. "Gníomhaíocht" sin "gníomhaíocht ar bith ag a bhfuil cead dlíthiúil ag cuideachta bheith ar siúl aici, lena n-áirítear réadmhaoin de chineál ar bith a choinneáil, a fháil nó a dhiúscairt."
Cuimsítear ráiteas i bhFoirm A1 go bhfoirmítear an chuideachta, i measc cuspóirí eile, chun gníomhaíocht a bheith ar siúl aici sa Stát. Cuimsítear na sonraí seo a leanas sa ráiteas:
- nádúr ginearálta na gníomhaíochta agus an cód NACE cuí (Comhbhonn is ea an cód NACE le gníomhaíochtaí eacnamaíocha san AE a rangú ó thaobh staitistice de. Is féidir é a rochtain ar www.cro.ie.)
- an áit/na háiteanna sa Stát atá i gceist an ghníomhaíocht a bheith ar siúl
- an áit sa Stát, nó lasmuigh den Stát, a ndéanfar riarachán lárnach na cuideachta a riar go hiondúil
Nace Codes:
Nace Codes (0 MB, Adobe PDF)
I gcás go bhfuil cuideachta á fhoirmiú chun dhá ghníomhaíocht nó níos mó a bheith ar siúl sa Stát aici, baineann na sonraí a sholáthraítear i bhFoirm A1 leis an bpríomhghníomhaíocht.
Déantar an dearbhú de bhun Achta i dTaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938, agus ní mór é a shíniú i láthair nótaire poiblí, coimisinéir mionn, dlíodóir cleachtach nó feidhmeannach síochána. Féach leathanach Dearbhuithe Reachtúla.
Gach duine a dhéanfaidh dearbhú reachtúil a bheidh, go fios dó, bréagach nó mí-threorach in aon phonc tábhachtach beidh sé inchurtha faoi ionchúiseamh sa Chúirt Dhúiche, agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nó príosúnacht nó an bheirt acu araon air.
Priontáil