Clárú Cuideachta
Foirm dhlíthiúil eagraíochta gnó is ea cuideachta. Aonán dlíthiúil ar leith is ea agus dá bhrí sin, is aonán é atá idirscartha agus neamhspleách uathu siúd a bhfuil cuideachta á seoladh acu. Is í an chuideachta (agus ní na scairshealbhóirí aonair) ar chóir agra a dhéanamh ina coinne i gcás nach n-íocann an chuideachta as a fiachais, in ainneoin éilimh.
Tá
Céimeanna Ceanglais roimh chorprú ann. Is féidir cuideachta a chorprú faoi
Mhodhanna difriúla Cláraithe.
Tá Oibleagáidí Teagmhasacha freisin.
Cineál cuideachta
Go bunúsach, tá dhá chineál cuideachta ann, cuideachta phríobháideach agus cuideachta phoiblí. Cuideachtaí príobháideacha is ea formhór na gcuideachtaí atá cláraithe in Éirinn, agus is cuideachtaí beaga an chuid is mó díobh siúd, nach bhfuil ach comhalta amháin nó beirt chomhaltaí acu.
Tá ceithre chineál cuideachta príobháidí:
- Cuideachta phríobháideach faoi theorainn scairchaipitil
- Cuideachta phríobháideach chomhalta aonair faoi theorainn caipitil
- Cuideachta neamhtheoranta
- Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal
Tá trí chineál cuideachta poiblí:
- Cuideachta phoiblí theoranta
- Cuideachta phoiblí neamhtheoranta
- Cuideachta ráthaíochta gan scairchaipiteal
Cuideachta Teoranta
Is leis na scairshealbhóirí scaireanna na cuideachta. Más cuideachta theoranta ó thaobh fiachais de atá ann, má theipeann ar an gcuideachta, ní chailleann na scairshealbhóirí ach an méid airgid atá fós le híoc as a gcuid scaireanna. Breathnaítear ar chuideachta mar eintiteas dlíthiúil ar leith agus, dá bhrí sin, is eintiteas í atá scartha agus neamhspleách ó na daoine a fheidhmíonn an chuideachta. Is í an chuideachta (agus ní hiad na scairshealbhóirí aonair) ar chóir agra a dhéanamh ina coinne i gcás nach n-íocann an chuideachta as a fiachais in ainneoin éilimh.
Tá ceithre chineál cuideachta teoranta:
- Cuideachta phríobháideach theoranta faoi theorainn scaireanna: Má dhéantar an chuideachta a fhoirceannadh, ní chailleann na comhaltaí ach an méid airgid atá fós le híoc as a gcuid scaireanna. Ní cheadaítear ach 99 gcomhalta ar an iomlán.
- Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal: Is cuideachta phoiblí í seo agus, dá bhrí sin, ní mór seachtar comhalta a bheith inti ar a laghad. Má dhéantar an chuideachta a fhoirceannadh, ní chailleann na comhaltaí ach an méid airgid atá tiomnaithe acu a thabhairt do shócmhainní na cuideachta, níos lú ná méid áirithe agus faoi réir ag íosmhéid €1. Mura mbíonn scairchaipiteal ag cuideachta ráthaíochta, ní gá do na comhaltaí scaireanna cuideachta a cheannach. Meán oiriúnach is ea an chuideachta seo do mhórán comhlachtaí carthanachta agus gairmiúla toisc go dteastaíonn uathu na sochair a dhaingniú a bhaineann le pearsantacht dhlíthiúil ar leith agus dliteanas teoranta, gan a bheith orthu cistí a chruinniú ó na comhaltaí.
- Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal: Is cuideachta phríobháideach í seo agus, dá bhrí sin, ní cheadaítear ach 99 gcomhalta a bheith inti ar an iomlán. Bíonn comhaltaí na cuideachta seo faoi dhliteanas i dhá chás; ar dtús, an méid airgid atá fós le híoc as a gcuid scaireanna, agus sa dara chás, an méid airgid atá tiomnaithe acu a thabhairt do shócmhainní na cuideachta, faoi réir ag íosmhéid €1, má dhéantar an chuideachta a fhoirceannadh.
- Cuideachta phoiblí theoranta: Ní mór don chuideachta seo seachtar comhalta a bheith aici ar a laghad. Ní chailleann siad ach an méid airgid atá fós le híoc as a gcuid scaireanna. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach ceart aon saghas réamheolaire a eisiúint ach amháin de réir Achtanna na gCuideachtaí 1963-2009.
Scaireanna Iompróra
Féadfaidh Cuideachta Phoiblí Theoranta, má údaraíonn a cuid airteagal di é amhlaidh, scaireanna iompróra a eisiúint faoi alt 88 Acht na gCuideachtaí 1963. Níl an t-údarú sin i dTábla A de mheabhrán agus d’airteagail a chiallaíonn go mbeadh ar chuideachta phoiblí theoranta údarú sainráite a chur san áireamh ina cuid airteagal comhlachais sula bhféadfaidh sí scaireanna iompróra a eisiúint. Ní cheadaítear do chuideachta Phríobháideach scaireanna iompróra a eisiúint. Éilíonn Alt 33 d’Acht na gCuideachtaí 1963 go gcuireann cuideachta phríobháideach srian leis an gceart a cuid scaireanna a aistriú ina cuid airteagal comhlachais. Bheadh scaireanna iompróra, a aistrítear go simplí trí scairbharántas a sheachadadh, contrártha de shrianta dá leithéid. Sonraítear i Rialúchán 2 de Thábla A cuid 2 (d) nach mbeidh cumhacht ag an gcuideachta scairbharántais a eisiúint d’iompróir.
Cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna
Cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna nó cuideachta ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal is ea cuideachta comhalta aonair, atá ionchorpraithe le comhalta amháin, nó a bhfuil comhalta amháin fágtha aici. Ní mór don chuideachta beirt stiúrthóirí agus rúnaí amháin a bheith aici ar a laghad, áfach. Is féidir leis an gcomhalta aonair cinneadh a dhéanamh le Cruinnithe Ginearálta a ligean thar ceal, lena n-áirítear Cruinnithe Ginearálta Bliantúla (CGB).
Ní mór mionathraithe áirithe a dhéanamh mar atá leagtha amach i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí Teoranta Príobháideacha Comhalta Aonair) 1994.
Na cuntais agus na tuarascálacha a chuirfeadh i láthair de ghnáth ag CGB, ní mór iad a ullmhú agus a chur ar aghaidh chuig an gcomhalta aonair.
Cuideachta neamhtheoranta: I gcuideachta neamhtheoranta, níl teorainn ar bith le dliteanas na gcomhaltaí. Is féidir le creidiúnaithe dul i muinín na scairshealbhóirí i leith dliteanas a d’fhéadfadh a bheith fós le híoc ag an gcuideachta. Ní mór do chuideachta den sórt seo beirt scairshealbhóirí a bheith aici ar a laghad más cuideachta phríobháideach í nó seachtar scairshealbhóir ar a laghad más cuideachta phoiblí í.
UCIT: Cuideachta phoiblí theoranta is ea UCIT a foirmíodh faoi Rialachán de chuid an AE (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe) 1989 & 1999) agus Achtanna na gCuideachtaí 1963-2006. Is é cuspóir aonair an UCIT caipiteal a cruinníodh ón bpobal a chomhinfheistiú in urrúis inaistrithe, a fheidhmíonn ar phrionsabal an riosca a leathadh. Banc Ceannais na hÉireann is ea an t-údarás inniúil a thugann ceadú cláraithe do na UCIT ar fad ar mian leo gníomhú sa Stát.
EEIG - Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch: Grúpáil Eorpach um Leas Eacnamaíoch is ea EEIG. Meicníocht is ea í seo inar féidir le gnólachtaí san AE feidhmiú le haghaidh tráchtála trasteorann. Is é cuspóir EEIG gníomhaíochtaí eacnamaíocha a gcomhaltaí a éascú nó a fhorbairt. Ní mór do EEIG beirt chomhaltaí a bheith aici ar a laghad, cuideachtaí nó daoine nádúrtha, a thagann ó Bhallstáit dhifriúla. Is féidir le duine nádúrtha nó comhlacht corparáideach a bheith ina bhainisteoir ar an nGrúpáil.
Societas Europaea (SE): Cuideachta phoiblí theoranta Eorpach is ea Societas Europaea nó SE a foirmíodh faoi Rialachán de chuid an AE (Rialachán ón gComhairle 2157/2001) agus Ionstraim Reachtúil 21 de 2007. Is féidir SE a bhunú de bharr cumaisc, mar chuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta nó trí chomhshó cpt.
Ina theannta sin, ní mór do dhá de na comhaltaí ar a laghad a bheith ag feidhmiú i mBallstáit dhifriúla; ach amháin nuair a bhíonn fochuideachta SE á fhoirmiú ag SE.
Cumasc trasteorann is ea i gcás a ndéanann cuideachta cumasc le cuideachta nó cuideachtaí eile (ceann amháin ar a laghad acu atá ina cuideachta de chuid LEE) de réir Rialacháin de chuid an AE, Ionstraim Reachtúil 157 de 2008. (Nasc: Oifig an Ard Aighne
) agus is féidir cuideachta nua a fhoirmiú leis seo.
Is féidir cumasc trasteorann a baint amach i mbealaí éagsúla, agus ceanglais difriúla ag gach ceann acu:
- cumasc trí éadálach
- cumasc trí chuideachta nua a fhoirmiú
- cumasc trí ionsú
Déantar téarmaí dréachta coitianta a chomhlánú agus a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm CBM1 don CRO. Ní mór fógra a thabhairt in dá nuachtán maidir leis na téarmaí. Ní mór cóip oifige den ordú cúirte a cheadaíonn an cumasc, ní mór é a chur isteach don CRO. Má tá an cuideachta le scriosadh ón gclár, ní féidir é sin a dhéanamh go dtí go bhfaightear fógra ó na húdaráis chuí.
Nasc le Leathanach na bhFoirmeacha CBM1 Nasc le Leathanach na mBileoga Faisnéise
Priontáil