Cuideachta (eachtrach) sheachtrach

Is féidir le cuideachta (eachtrach) sheachtrach atá cláraithe thar lear brainse nó áit ghnó a bhunú sa Stát.

Brainse nó Áit ghnó

Cuideachta ar bith atá ionchorpraithe lasmuigh den Stát agus a bhunaíonn áit ghnó sa Stát, ní mór di a bheith cláraithe leis an CRO faoi Rialacháin an AE (Nochtadh Brainse) 1993 (I.R. Uimh. 395 de 1993). Ní mór an chuideachta a chlárú tráth nach déanaí ná mí amháin ón am a bhunaítear áit ghnó sa Stát. Féach Bileoga Faisné ise 5.

Cuideachta ar bith atá ionchorpraithe lasmuigh den Stát agus a bhunaíonn áit ghnó sa Stát, ní mór di a bheith cláraithe leis an CRO faoi Chuid XI d’Acht na gCuideachtaí 1963. Ní mór an chuideachta a chlárú tráth nach déanaí ná mí amháin ón am a bhunaítear áit ghnó sa Stát. Féach Bileog Faisnéise 5

Nasc: Foirmeacha                Nasc: Táillí            Nasc: Bileoga Faisnéise

Rialacháin an AE

Ba iad Rialacháin um Nochtadh Brainse 1993 a chuir 11ú Treoir ón gComhairle de chuid na gComhphobal Eorpach i bhfeidhm maidir le ceanglais nochta na mbrainsí siúd a d’oscail cineálacha áirithe cuideachtaí i mBallstát, cuideachtaí atá faoi riail dlí Stáit eile. Feidhmíonn na Rialacháin le coibhéis na gcuideachtaí Éireannacha faoi dliteanas teoranta, atá corpraithe i Stát eile, agus a bhfuil brainse bunaithe sa Stát seo aice: Tá roinnt difríochtaí idir na ceanglais a chuirtear ar chuideachta as Ballstát an Aontais Eorpaigh agus cuideachtaí as tíortha eile.

Ní brainsí (i dtéarmaí ginearálta) de réir bhrí na Treorach iad áiteanna gnó a dhéanann oibríochtaí atá coimhdeach nó teagmhasach le gnó na cuideachta. Níor bhrainsí iad oifigí clárúcháin scaireanna. Níor bhrainsí iad oifigí a rachadh i mbun gníomhaíochtaí cur cinn le haghaidh ghnó na cuideachta (agus aon ghó a éireodh as á phlé ag ionadaithe na cuideachta sa Stát dúchais).

Níl ann sa nóta seo ach míniú ar chur chuige ag An Roinn Fiontair, Trádála agus Nuálaíochta/CRO maidir leis na Rialacháin a chuireann an 11ú Threoir ón gComhairle chun feidhme nach bhfuil ceaptha chun comhairle a sholáthar maidir le cuideachta áirithe.