Oifig chláraithe
Éilítear ar gach cuideachta de réir dlí, oifig chláraithe a bheith aici sa dlínse. Seoltar na doiciméid oifigiúla, fógraí agus páipéir chúirte ar fad chuig an seoladh seo de réir dlí.
Suíomh fisiceach
Ní mór suíomh fisiceach a bheith i gceist, agus ní uimhir bhosca oifig phoist amháin, toisc go bhfuil sé de cheart ag daoine cuairt a thabhairt ar oifig chláraithe na cuideachta le scrúdú a dhéanamh ar chláir agus doiciméid áirithe nó le doiciméid a sheachadadh de láimh.
Litir a bhfuil seoladh oifig chláraithe na cuideachta uirthi, ní mór í bheith inseolta ag An Post.
Alt 379 d’Acht 1963
Ní mór tabhairt faoi deara aon doiciméad a seoladh sa phost ná a fágadh ag áit a bhfuil taifead ag CRO mar shuíomh oifig chláraithe na cuideachta, meastar de réir dlí gur fágadh ag oifige chláraithe na cuideachta nó gur seoladh chuici in ainneoin gur féidir go bhfuil athrú tagtha ar shuíomh a hoifig cláraithe.
Seolta oifige a chur in iúl
The original registered office is entered on the form A1 to incorporate the company. Ní mór do chuideachta athruithe seolta oifige a chur in iúl don CRO agus is féidir léi é seo a dhéanamh trí Fhoirm B2 chomhlánaithe a sheoladh isteach tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta athraithe. Is féidir an fhoirm a chomhdú saor in aisce tríd an leagan gréasáin a chomhlánú ar www.core.ie
. Clárú doiciméad- Cóip Pháipéir- €15. Nasc: Foirmeacha.
Priontáil