Modhanna Cláraithe

Is féidir iarratais ar chuideachtaí a chorprú a chur isteach faoi cheann ar bith de thrí scéim, gach ceann acu a bhfuil caighdeán seirbhíse dhifriúil do chustaiméirí aice.

Scéimeanna

  • Gnáthscéim: cé nach bhfuil leibhéal seirbhíse ráthaithe, eisítear laistigh de 15 lá oibre de réir cleachtais é.
  • Fé Phráinn: deich lá oibre.
  • A1 ar Líne: cúig lá oibre

Déantar doiciméid a phróiseáil in ord cróineolaíoch agus atá faoi réir seiceála. Doiciméid a sheoltar ar ais le haghaidh ceartúcháin, déantar próiseáil orthu de réir dáta a chuirtear isteach don CRO arís iad.

Cuir ainm in áirithe

Tá an tsaoráid chun ainm cuideachta a fhorchoimeád, rud a ligeann ainm cuideachta a fhorchoimeád ar feadh tréimhse suas le 28 lá, tá sé ar fáil i bhfoirm leictreonach amháin agus is féidir í a aimsiú in CORE - www.core.ieLinks to external website -sa rannóg "Comhdaigh Foirm". Tá faisnéis a bhaineann leis an tsaoráid ar fáil in CORE freisin agus ní mór dul i mbun comhairle leis le linn cur isteach ar iarratas a mheas. Is é €25 an táille ar iarratas ar fhorchoimeád ainm cuideachta agus is féidir í seo a fhritháireamh in aghaidh iarratais ar chuideachta nua má chuirtear deimhniú an ainm forchoimeádta isteach leis an bhFoirm iarratais A1 laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá. Féach Cuir Ainm in áirithe.

Fé Phráinn

Tá scéim ionchorpraithe cuideachta á fheidhmiú ag an CRO a dhéanann ionchorprú na gcuideachtaí a éascú a theastaíonn ó thionscnóirí na cuideachta iad a úsáid láithreach chun críocha tráchtála. Faoin Scéim seo, tugann an CRO ráthaíocht do na rannpháirtithe go soláthrófar deimhniú ionchorpraithe dóibh tráth nach déanaí ná deich lá oibre ó na doiciméid ábhartha a thaisceadh leis an CRO, ar an gcoinníoll go mbíonn siad comhlánaithe i gceart.

Baineann an scéim le cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna, cuideachtaí neamhtheoranta agus cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta.

Cuireann tionscnóirí cuideachta dréacht-mheabhrán agus dréacht-airteagail chomhlachais faoi bhráid na CRO le ceadú a fháil.

Nuair a cheadaítear na doiciméid seo, clónn an t-iarratasóir an dréacht, de réir sonraíochtaí na CRO, agus úsáidfear é mar théacs caighdeánach le scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais ar fad as sin amach. Coimeádann an CRO cóip de leagan clóite an mheabhráin agus na n-airteagal le hiad a chur i gcomparáid leis na hiarratais a fhaightear ó rannpháirtithe. Déantar é seo lena chinntiú nach n-athraítear na hábhair ó iarratas amháin go chéile.

Ní bhíonn an gnáthleibhéal airde ag teastáil ag na cuideachtaí ar taisceadh faoin scéim seo nuair a bhíonn siad á ionchorprú, toisc go ndearnadh scrúdú orthu cheana a chiallaíonn gur féidir deimhnithe a eisiúint ina leith tráth nach déanaí ná an teorainn deich lá oibre.

Is é cuspóir na scéime cabhrú le tionscnóirí cuideachta a theastaíonn ionchorpraithe tapa uathu, agus dá bhrí sin, ní féidir an téacs ceadaithe a leasú gan cead a fháil roimh ré ón CRO.

Tugtar breac-chuntas ar na coinníollacha a bhaineann le páirt a ghlacadh sa scéim ar an bhfoirm iarratais Le haghaidh sonraí breise faoin scéim déan teagmháil leis an CRO ar 01 804 5384/5277.

pdf logo Foirm Fe Phrainn (0.13 MB, Adobe PDF) 

Ní chruthaíonn Ballraíocht scéim ‘Fé Phráinn’ comhpháirtíocht, caidreamh, gníomhaireacht nó comhfhiontar d’aon chineál idir an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Comhalta.

Ní thabharfaidh Comhalta scéim ‘Fé Phráinn’ le tuiscint go bhfuil sé bainteach leis nó ag gabháil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí nó go bhfuil sé ag déanamh ionadaíochta di nó eile. Gan teorainn an méid roimhe seo, ní úsáidfidh Comhalta scéim ‘Fé Phráinn’, nó ní dhéanfaidh sé tagairt don CRO agus/nó dá lógó ar a láithreán gréasáin nó i bhfógraíocht, margaíocht, litríocht tionscnaimh nó preaseisiúint nó ráiteas ar bith gan toiliú i scríbhinn a fháil roimh ré ón CRO.

A1 ar Líne

Scéim ionchorpraithe cuideachta leictreonach is ea A1 ar Líne atá ceaptha le cabhrú leis na láithreoirí a theastaíonn uathu a gcuideachtaí a ionchorprú go tapa gan a bheith orthu na doiciméid a thaisceadh de láimh in Oifig Íocaíochtaí na CRO. Cuirtear faisnéis na cuideachta ar fáil ar dhiosca bog.

Tabhair faoi deara le do thoil: Maidir le hIonchorprú Singil - Tá an scéim oscailte do láithreoirí a ghlacann ballraíocht i Scéim Fé Phráinn agus dóibhsiúd amháin, tá suiteáil cuntas taisce riachtanach chomh maith. Mar thoradh, tá tréimhse ama i gceist roimh A1 ar Línea úsáid. Níl córas A1 ar Líne oiriúnach le haghaidh ionchorprú aonuaire ach is láithreoirí a chomhdaíonn doiciméidí go rialta a bhaineann leas as.

Is féidir le comhaltaí na Scéime Fé Phráinn páirt a ghlacadh sa scéim. Soláthróidh an CRO bogearraí le hiontráil sonraí a bhainistiú, foirmeacha a tháirgeadh agus diosca a chruthú. I dteannta leis an diosca, bíonn na gnáthdhoiciméid ionchorpraithe ag teastáil freisin agus iad comhlánaithe go hiomlán. Tá sonraí na foirmeacha ar fáil ar an diosca freisin, áfach.

Tréithe an chórais:

  • Eisítear deimhniú ionchorpraithe laistigh de cúig lá oibre
  • Ní gá ciúáil le doiciméid a thaisceadh san oifig íocaíochtaí
  • Ní gá airgead tirim a láimhseáil
  • Comhéadan cairdiúil, a dhéanann aithris ar dhearaí na bhfoirmeacha atá ag an CRO i láthair na huaire

Ní mór do láithreoirí cuntas taisce CRO a oscailt. Rannóg Cuntas - 059-9178828.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise déan teagmháil le: Rannóg na gCuideachtaí Nua ag 01 804 5277 nó info@cro.ie. Téilefóin ar  01 804 5277 or (01) 804 5384, 804 5478  and 804 5381.

Meabhrán agus airteagal chomhlachais chláraithe

D’fhoráil an tAcht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachta, 2001, chun Meabhráin agus Airteagail Chomhlachais pro forma nó "Tagartha" a chlárú, in éifeacht ag ligean an scéim Fé Phráinn a chur ar bhonn reachtúil.

De bhun fhorálacha nua an Achta um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachtaí 2001, is féidir tagairt a dhéanamh do mheabhráin agus airteagail chomhlachais chláraithe agus cuideachtaí á ionchorprú as sin amach agus ní gá iad a chomhdú a thuilleadh i gcás ionchorpraithe nua.

M&A Tagartha a Chlárú

Tá an CRO ag glacadh ó láithreoirí le haghaidh cláraithe anois, cóipeanna M&A Tagartha maidir le gach cineál cuideachta atá ceadaithe chun cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963-2009.

Iarratais M&A Thag

Ní mór an Meabhrán agus na hAirteagail Chomhlachais Thagartha (M & A Thag) a chur faoi bhráid na CRO go leictreonach i.e. mar dhoiciméad Word ar dhiosca nó dlúthdhiosca. Ní mór dóibh bheith i ngnáth-théacs le míreanna uimhrithe agus gan fonótaí nó ceann-nótaí ann. Duine ar bith a bhfuil deacracht aige chun diosca nó CD a dhéanamh, ní mór dó teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Cuideachtaí Nuabhunaithe chun socraithe eile a dhéanamh.

Déantar scrúdú ar gach M & A Thag agus tugtar uimhir chlárúcháin dó. Is féidir an uimhir chlárúcháin seo a lua nuair a bhíonn iarratas CRODisk á chur faoi bhráid na hOifige agat. Déanfaidh an CRO an doiciméad a mhionathrú trí cheanntásc agus buntásc a shannadh a bheas uimhir thagartha ann. Tiontóimid an doiciméad go díreach go híomhá TIFF le stóráil ar ár gcóras íomhaithe. Déanfar cóipeanna a phriontáil amach agus a thabhairt don láithreoir mar ríomhchóip agus ar pháipéar.

Féadann an láithreoir léamh profaí a dhéanamh ar an leagan stóráilte le cinntiú go bhfuil sé ceart. Nuair a bheas sé sásta go bhfuil sé in ord, cuirfidh sé isteach an t-iarratas deireanach chun an doiciméad a chlárú.

Iarratais ar chorprú

Ar chlárú, déanfar na doiciméid chorpraithe agus M&A Tagartha a chumasc isteach in íomhá TIFF amháin agus taispeánfar mar dhoiciméad singil iad ar chuardach nó ar aisghabháil dóibh ina dhiaidh de réir an Achta.

* 80.-(1) Is féidir le cláraitheoir na gcuideachta glacadh le haghaidh cláraithe doiciméad a bhfuil gnáthfhoirm téacs ann ó chlásal cuspóra meabhráin chomhlachais nó ó airteagail chomhlachais agus déanfaidh uimhir thagartha a shannadh do gach doiciméad a chláraítear dá réir.

(2) In ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní gá le doiciméad a chomhdaítear de bhun fo-alt (1) é a bhaint le cuideachta ar leith nó uimhir cláraithe cuideachta a bheith ann .

(3) Féadann ráiteas a bheith ann sa mheabhrán nó airteagail chomhlachais go bhfuil téacs doiciméid réamhchláraithe le corprú leis an gcláraitheoir de bhun fo-alt (1), rud a shainaithnítear le huimhir thagartha a shann an cláraitheoir dó.

(4) I gcás a bhfuil an ráiteas thuasluaite i bhfo-alt (3) sa mheabhrán nó sna airteagail chomhlachais, measfar é a bheith chun gach críocha téacs an doiciméid ábhartha a chomhdaíodh leis an gcláraitheoir de bhun fo-alt (1) a chorprú istigh ann, sa dóigh is go mbeidh sé i bhfoirm agus léite mar dhoiciméad amháin ina iomláine, agus i gcás ar chláraigh an cláraitheoir an meabhrán nó na hairteagail chomhlachais sin agus a ndéanfaidh aon dhuine scrúdú orthu, cuirfear an cláraitheoir an doiciméad ábhartha a chomhdaíodh bhun fo-alt (1) ar fáil le haghaidh scrúdaithe.