Céimeanna Ceanglais
Chun cuideachta a chlárú cuir na doiciméid seo a leanas isteach, in éineacht leis an táille chlárúcháin chuig an CRO: Meabhrán comhlachais, Airteagail chomhlachais agus an Fhoirm A1. Is féidir ainm cuideachta a cur in áirithe freisin i CORE ar líne.
Meabhrán comhlachais
Leagtar amach sa doiciméid seo na coinníollacha le cuideachta a ionchorprú. Ní mór dó forálacha a chuimsiú a phléann le hábhair áirithe, m.sh. ainm agus cuspóirí na cuideachta agus, más cuideachta theoranta ó thaobh fiachais de atá ann, ní mór é seo a shonrú freisin. Ní mór don mheabhrán a bheith de réir an tábla cuí sa Chéad Sceideal d’Acht na gCuideachtaí, 1963, nó chomh cosúil leis agus is féidir sna himthosca. Ní mór dó a bheith clóite, roinnte de réir míreanna agus uimhrithe go comhleanúnach.
| |
|---|
| Cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna | Tábla B |
| Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal | Tábla C |
| Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal | Tábla D |
| Cuideachta neamhtheoranta | Tábla E |
| Cuideachta phoiblí theoranta | An Dara Sceideal d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1983 |
Airteagail chomhlachais
Leagtar amach sa doiciméad seo na rialacháin a úsáidfidh an chuideachta lena cúrsaí a rialú. Ní mór do chuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal nó cuideachta neamhtheoranta a n-airteagail a chlárú. Ní mór do na hairteagail a bheith clóite, roinnte de réir míreanna agus uimhrithe go comhleanúnach. Is féidir le cuideachta faoi theorainn scaireanna nó cuideachta ráthaíochta gan scairchaipiteal, airteagail a chlárú leis an CRO. Tá airteagail shamplacha leagtha amach sa Chéad Sceideal d’Acht na gCuideachtaí 1963.
| |
|---|
| Cuideachta phoiblí theoranta | Tábla A Cuid I |
| Cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna | Tábla A Cuid II |
| Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta gan scairchaipiteal | Tábla C |
| Cuideachta faoi theorainn ráthaíochta ag a bhfuil scairchaipiteal | Tábla D |
| Cuideachta neamhtheoranta | Tábla E |
Ní sholáthraíonn an CRO dréacht-mheabhráin nó dréacht-airteagail chomhlachais le húsáid ag cuideachtaí. Is féidir samplaí de na doiciméid seo a fháil ó stáiseanóirí dlíthiúla, cuntasóirí, aturnaetha nó gníomhairí foirmithe cuideachta.
Foirm A1
Ní mór duit sonraí a sholáthar ar an bhfoirm seo maidir le hainm na cuideachta, a hoifig chláraithe, sonraí ar a rúnaí agus a stiúrthóirí, a dtoiliú lena bpoist, na suibscríobhaithe agus sonraí ar a scaireanna. Ionchorpraítear ráiteas reachtúil sa bhfoirm gur cloíodh le dualgais Achtanna na gCuideachtaí. Tugtar sonraí freisin ar an gcineál gníomhaíochta a bheidh á dhéanamh ag an gcuideachta.
Is féidir iarratais ar chuideachtaí a ionchorprú a chur isteach faoi cheann ar bith de na scéimeanna seo a leanas agus caighdeáin seirbhíse dhifriúla do chustaiméirí acu (faoin dá scéim dheireanacha ní mór toiliú a fháil roimh ré ón CRO le haghaidh an mheabhráin agus na n-airteagal comhlachais. Dá bhrí sin, ní oireann siad ach do na hiarratais a chuirtear faoi bhráid na CRO ar an mórchóir, m.sh. ag aturnaetha, gníomhairí foirmithe cuideachta, srl):
- An Ghnáthscéim 15 lá oibre
- An Scéim Fé Phráinn 10 lá oibre
- An Scéim CRODisk 5 lá oibre
Daoine ar mhian leo cuideachta nua a chorprú, ní mór dóibh príomhghníomhaíocht na chuideachta a rangú ag baint úsáide as rangú NACE do ghníomhaíochtaí geilleagracha. Seiceáil do chód NACE:
Nace rev1 (0 MB, Adobe PDF)
Féach freisin:
Éileofar Fíorú sa Bhreis go minic ar Dhearbhaithe reachtúla a chuirfear faoi mhionn thar lear. Dearbhú Reachtúil agus Modhanna clárúcháin agus Cineál cuideachta.
Oibleagáidí Teagmhasacha
Áirítear sna oibleagáidí teagmhasacha chun corpraithe:
Priontáil