Clárú
Is féidir leat cineálacha éagsúla cuideachtaí a chlárú leis an CRO. Is féidir leat Cuideachta, Ainm Gnó (Ainm Trádála), Cuideachta Choigríche (Cuideachta Sheachtrach) nó Comhpháirtíocht Theoranta a chlárú leis an CRO.
Pléann Clár na gCara-Chumann le clárú Cumainn Tionscail & Choigiltis, Ceardchumainn, agus Cara-Chumainn.
Déantar comhlacht corpraithe de chuideachta atá cláraithe de réir Achtanna na gCuideachtaí ón dáta luaite ina deimhniú corpraithe ar aghaidh. Tá pearsantacht dhleathach ar leith ag cuideachta - rud dleathach idirscartha agus neamhspleách atá ann. Ní hé clárú ainm chuideachta a dhéanfaidh aonán a chruthú a bhfuil pearsantacht dhleathach aice. Is leis an aonán dlíthiúil ainm an ghnó - an duine (na daoine) aonair nó cuideachta a chláraigh an t-ainm. Is é úinéir ainm na cuideachta an te a ndéanfar teagmháil nó agairt leis - an duine (na daoine) aonair nó cuideachta a chláraigh an t-ainm.
Priontáil