Foirceannadh ag an gCúirte

Féadfaidh an Chúirt cuideachta a fhoirceannadh ar ghríosú aon chomhalta nó aon chreidiúnaí na cuideachta nó an Aire in imthosca cuí. Ceapann an Chúirt an leachtaitheoir agus éiríonn sé/sí ina oifigeach/hoifigeach na Cúirte agus oibríonn faoina maoirseacht.

(Ciallaíonn an Chúirt, a úsáidtear maidir le cuideachta, an Ard-Chúirt)

Ceanglais reachtúla

Ní mór achainí a chur faoi bhráid na Cúirte agus nuair a dhéantar ordú foirceanta ní mór cóip oifige a sheachadadh don CRO. Cóip ar a bhfuil síniú iarbhír an fhianaí is ea cóip oifige den ordú cúirte. Tá táille chomhdaithe €15 ar ordú cúirte.

Mura bhfoirceannfar an chuideachta ina iomlán laistigh de dhá bhliain, is amhlaidh nach mór don leachtaitheoir taifead cuntas a chur isteach trí Foirmeacha 22 (E4) agus 23 (E4) a chomhdú, (an ceann deireanach i ndúblach). Ní gá Foirm E3 a chomhdú i gcás leachtaithe cúirte. Tá táille chomhdaithe €15 ar Fhoirm 22 (E4), Mionscríbhinn an Leachtaitheora, agus gabhann Foirm 23 (E4) leis, cuntais an leachtaitheora de réir alt 306, nach bhfuil táille uirthi.

Ní mór don leachtaitheoir, ar cheapadh dó, fógra an cheapacháin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ieLinks to external website.

Ní mór cóip d’aon ordú eile ina dhiaidh sin a thiontaíonn nó a sheasann foirceannadh nó díscaoileadh na cuideachta, ní mór iad a sheachadadh le haghaidh cláraithe.

Ní gá Foirmeacha 22(E4) agus 23(E4) a chur isteach i gcás a leanfaidh foirceannadh ag an gCúirt ar feadh tréimhse níos lú ná dhá bhliain. Má leanann sí níos faide, áfach, ní mór na chéad fhoirmeacha 22(E4) agus 23(E4) (an ceann deireanach i ndúblach) a chur isteach don tréimhse dár tús dáta a cuireadh an achainí faoi bhráid na Cúirte nó dáta a ceapadh an leachtaitheoir, agus iad a thabhairt síos do dháta dhá bhliana ón am ar thosaigh an foirceannadh, agus ní mór Foirmeacha 22(E4) agus 23(E4) (an ceann deireanach i ndúblach) sa bhreis a chur isteach do gach tréimhse 12 mhí ina dhiaidh sin, agus d'aon tréimhse níos lú suas go dáta dheimhniú deiridh an scrúdaitheora (má tá sé ann), nó suas go dáta a soláthraíodh Ordú na Cúirte a dhíscaoil an chuideachta lena chlárú.

Díscaoileadh

Cuirfear an foirceannadh i gcrích i ndiaidh ordú na cúirte a dhíscaoileann an chuideachta, deimhniú na scrúdaitheora (má tá sé ann) agus na Foirmeacha E4/22 agus E4/23 (an ceann deireanach i ndúblach) a thaisceadh leis an CRO.

Nuair a dhéanfaidh an Chúirt ordú chun cuideachta a dhíscaoileadh, is féidir léi ordú go ndíscaoilfear an chuideachta ó dháta a chuirfear an t-ordú faoi bhráid na CRO.

Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain de réir alt 310 d’Acht na gCuideachtaí 1963. Ní mór cóip d'ordú na cúirte a sheoladh chuig an CRO (agus an táille chomhdaithe €15 leis) agus fillfear an chuideachta ar Leachtú ansin.

Nasc: Foirmeacha E4/22/23

Amharc ar Chuardach

Iontráil Cuardach Daoine Dícháilithe/Srianta