Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe

I gcás foirceannadh ag na creidiúnaithe éilítear ar an gcuideachta cruinniú na gcreidiúnaithe a ghairm. Ní mór fógra deich lá ar a laghad a thabhairt do na creidiúnaithe agus ní mór an cruinniú s‘acu a bheith ar siúl ar an lá céanna nó an lá i ndiaidh chruinniú na gcomhaltaí ina bhfuil an rún le foirceannadh toilteanach le moladh.

Ceanglais reachtúla

Ní mór fógra an chruinnithe a fhoilsiú deich lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, i dhá nuachtán laethúil a scaiptear timpeall cheantar oifig chláraithe na cuideachta. Tá an ceart ag creidiúnaithe reáchtáil an leachtaithe a chur faoina maoirseacht. Chuige sin, is féidir leis na creidiúnaithe coiste imscrúdaithe a cheapadh ag an gcruinniú s’acu. Ní mór comhaltaí agus creidiúnaithe a ghairm ar gach cruinniú a iarrann an leachtaitheoir. Ní mór an rún le haghaidh foirceanta, a ritheann an chuideachta, a fhógairt in Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ieLinks to external website - laistigh de 14 lá tar éis dáta a rith an rún.

Foirmeacha le comhdú leis an CRO

I gcás foirceanta ag na creidiúnaithe, ní mór gnáthrún na cuideachta lena foirceannadh agus le leachtaitheoir a cheapadh (Foirm G2), fógra faoi cheapadh leachtaitheoir (Foirm E2) agus rún na gcreidiúnaithe, nó fógra nár ritheadh rún ag cruinniú na gcreidiúnaithe a chomhdú leis an CRO.

Ní mór don leachtaitheoir cruinnithe na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe a ghairm ag deireadh gach bliain, le cuntas a thabhairt faoina ghníomhartha/gníomhartha agus bearta agus faoi reáchtáil an fhoirceanta. Ní mór sonraí an chruinnithe a sholáthair don CRO ar Fhoirm E3.

Foirm E3, Cuntas an Leachtaitheora faoina g(h)níomhartha agus a b(h)earta - ní gá í a chomhlíonadh I gcás ina leanfaidh an foirceannadh ar feadh tréimhse níos lú ná 12 mhí. Má tharlaíonn go leanfaidh sé tréimhse níos faide, áfach, ní mór Foirm E3 a chomhdú don chéad 12 mhí, agus do gach tréimhse 12 mhí dhíreach ina dhiaidh. Ní gá tréimhse níos lú go dtí dáta an chruinnithe dheiridh a chlúdach le Foirm E3.

Foirmeacha 22(E4) agus 23(E4), Mionnscríbhinn an Leachtaitheora ná cuntais Alt 306 - ní gá iad a chur isteach i gcás a leanfaidh foirceannadh ar feadh tréimhse níos lú ná dhá bhliain. Má leanann an foirceannadh níos faide, áfach, ní mór Foirmeacha 22 agus 23 (an ceann deireanach i ndúblach) a chomhdú don chéad tréimhse dhá bhliana, agus do gach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, agus d'aon tréimhse níos lú suas go bhfuil an foirceannadh déanta (dáta an chruinnithe dheiridh ar Fhoirm 13a(E7)).

Foirm 13A (E7), Seoltar tuairisceán ar chruinnithe deiridh na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe ar chomhlíonadh an leachtaithe agus gabhann ráiteas iomlán cuntais leis a chlúdaíonn tréimhse an leachtaithe (Foirm 14(E5)).

Tá táille chomhdaithe €15 gach ceann ar Fhoirmeacha E2, E3, G2, 13a (E7) agus 14(E5). Tá táille chomhdaithe €15 ar Fhoirm 22 (E4) agus gabhann Foirm 23 (E4) leis nach bhfuil táille uirthi.

Díscaoileadh

Trí mhí i ndiaidh na doiciméid dheiridh a chlárú- 13a(E7) agus 14(E5), meastar go bhfuil an chuideachta díscaoilte. Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain de réir alt 310 d’Acht na gCuideachtaí 1963. Ní mór cóip d'ordú na cúirte a sheoladh chuig an CRO (agus an táille chomhdaithe €15 leis) agus fillfear an chuideachta ar Leachtú ansin.

Nasc: Foirmeacha E2- E7             Nasc: Foirmeacha G1-G2

Amharc ar Chuardach

Iontráil Cuardach Daoine Dícháilithe/Srianta