Scrúdaitheoireacht

Cuideachta atá i scrúdaitheoireacht, gabhann sé faoi imscrúdú ag scrúdaitheoir sa dóigh is gur féidir leis/léi tuarascáil a thabhairt ar ais don Ard-Chúirt le tograí do marthanas na cuideachta.

Thug Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1990 an próiseas scrúdaitheoireachta isteach chun meicníocht a chur ar fáil chun cuideachtaí, atá breoite ach a bhfuil féidearthacht inmharthana aici, a shábháil agus biseach a chur orthu. Déanann Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh.2) 1999 mionathrú ar chuid d’fhorálacha Acht Leasaithe na gCuideachtaí 1990. De réir reachtaíochta go dtí seo, bhí ar an gcuideachta ionchas marthanais de chineál éigin a bheith aici - tá an chliath sin ardaithe go hionchas réasúnta marthanais. Le linn iarratas a bhronnadh chun cuideachta a chur faoi scrúdaitheoireacht, cuirfear tuilleadh faisnéise ar fáil don chúirt, is é sin, tuarascáil ó chuntasóir neamhspleách. Tugadh an ceart éisteachta do chreidiúnaithe le linn éisteacht na cúirte agus ceapadh scrúdaitheora do chuideachta á mheas. Is féidir, áfach nach mbeidh foirceannadh ar bun, toilteanach nó éigeantach.

Déanann an Chúirt ordú chun scrúdaitheoir a cheapadh atá mar aidhm aige cúrsaí na cuideachta a imscrúdú agus an obair sin a dhéanamh maidir leis an gcuideachta de réir mar a chuireann an tAcht air.

Féadann an chuideachta nó a cuid stiúrthóirí, creidiúnaí nó meitheal nó creidiúnaí ionchasach (fostaí san áireamh) na cuideachta, nó comhaltaí a bhfuil nach lú ná deichniú amháin den chaipiteal íoctha i seilbh acu achainí a chur faoi bhráid na Cúirte chun scrúdaitheoir a cheapadh.

I gcás ina gceapann an Chúirt scrúdaitheoir do chuideachta, is féidir léi, ag an am céanna, nó ag aon tráth ina dhiaidh sin, ordú a dhéanamh chun scrúdaitheoir a cheapadh do chuideachta ghaolmhara.

70 lá ón dháta a cuireadh achainí faoi bhráid na cúirte is ea tréimhse cosanta na cúirte.

Ceanglais reachtúla

Ní mór don achainíoch fógra faoi achainí ar scrúdaitheoir a cheapadh (Foirm E24) a thabhairt don CRO laistigh de thrí lá tar éis an dáta a cuireadh faoi bhráid na Cúirte í. €15 an Táille Chomhdaithe. Níl an achainí ar scrúdaitheoir iarbhír a chomhdú.

Déanfaidh an scrúdaitheoir socrú chun sonraí a cheapacháin/ceapacháin lena n-áirítear dáta a ceapadh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ieLinks to external website - agus i dhá nuachtán laethúil a scaiptear timpeall cheantar oifig chláraithe na cuideachta.

Déanfaidh an scrúdaitheoir, laistigh de thrí lá tar éis é/í a cheapadh, cóip den ordú sin, a cheapann é/í a sheachadadh don CRO.

Is leis an scrúdaitheoir an fhreagracht cúrsaí na cuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt don Chúirt.

Nasc: Foirm E24

Orduithe Cúirte

Ní mór cóip oifige de na horduithe de bhun ailt 13A, 24 agus 27 a sheachadadh don CRO. Tá táille chomhdaithe €15 ar ordú cúirte. Is iad na horduithe seo:

(a) ordú faoi alt 13A den Acht 1990, tar éis éisteachta maidir le mírialtachtaí a bhaineann le cúrsaí na cuideachta -alt 13(a)(10) - Féadann an Chúirt, de réir mar a mheasann cuí a dhéanamh, ordú go dtabharfaidh an scrúdaitheoir, nó duine eile mar a shonraítear, cóip oifige den ordú faoi fho-alt (9) do chláraitheoir na gcuideachtaí;

(b) ordú faoi alt 24 den Acht 1990, athdhaingniú tograí;

(c) ordú faoi alt 27 den Acht 1990, ordú a dhaingníonn tograí a ath-chúlghairm.

Déanann alt 29 d’Acht na gCuideachtaí leasú ar alt 30 den Acht (Leasú) 1990 trí foráil go ndéanfar scrúdaitheoir nó duine eile de réir mar a ordaíonn an chúirt, laistigh de 14 lá tar éis gach ordú de réir alt 13A, 24 nó 27 a sholáthar don CRO, an soláthar sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Orduithe faoi alt 17 den Acht a lean tar éis éisteachta cúrsaí a d’éirigh as tuarascáil scrúdaitheora, ní éilítear iad a chomhdú sa CRO a thuilleadh, mar rinneadh aisghairm ar an gcuid sin.