Cuideachta eachtracha a Fhoirceannadh
Fógra maidir le leachtú/dócmhainneacht/dúnadh brainse
Éilítear ar bhrainsí sonraí a fhógairt maidir le foirceannadh na cuideachta, ceapadh leachtaitheora, foirceannadh leachtaithe, imeachtaí dócmhainneachta, socruithe, comhshuímh nó aon imeachtaí analógacha lena bhfuil a chuideachta faoi réir agus dúnadh an bhrainse. Tráth Foirm F14 nach déanaí ná 14 lá tar éis na himeachta [Rial. 4(3)/7(3) de Rial. Bhrainse an AE 1993]. Táille: €15.
Nasc: Foirm F14 Nasc:Táillí CRO
Áit Ghnó a Fhoirceannadh
I gcás a scoireann aon chuideachta, atá cláraithe faoi Chuid XI d’Acht na gCuideachtaí 1963, d’áit ghnó a bheith aice sa Stát, ní mór fógra scoir a chomhdú. De bhrí nach bhfuil foirm fhorordaithe ann, ní mór a fógra a thabhairt ar pháipéar ceannlitreacha na cuideachta agus é sínithe ag duine údaraithe.
Priontáil