Cara-Chumann
Foirceannadh
Cealú
Feadann Cláraitheoir clárú cumainn a chealú
- má mheasann sé oiriúnach é ar iarraidh an chumainn, nó le faomhadh an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta;
- ar chruthúnas sásúil go bhfuarthas an clárú trí chalaois nó earráid;
- go bhfuil an cumann ag feidhmiú ar chúis neamhdhleathach nó go sáraíodh, i ndiaidh fógra ón Cláraitheoir, aon fhoráil na n-Achtanna.
Bhain an Cláraitheoir úsáid as an bhforáil deireanach sin le blianta beaga anuas le clárú cumann a chealú, cumainn ar theip orthu tuairisceáin bhliantúla a chur isteach, in ainneoin meabhrúchán, ceann i ndiaidh na cinn eile.
Cumann atá ag iarraidh a chlárú a chealú, ní mór dó na foirmeacha cuí a iarraidh ón gClárlann.
Díscaoileadh
Modh eile díscaoilte is ea trí ionstraim díscaoilte le toil agus síniú a fháil ó trí cheathrú de líon na gcomhaltaí i gcás cumann nach cara-chumainn iad agus ó chúig shéú de líon na gcomhaltaí i gcás cara-chumainn. Tá na foirmeacha cuí ar fáil ar iarratas don Chlárlann.
Nasc: Foirmeacha
Priontáil