Baint Neamhthoilteanach den Chlár
Go traidisiúnta, is bocht leibhéal comhlíonta na gcuideachtaí Éireannach-bhunaithe maidir lena ndualgais chun tuairisceáin bhliantúla a chomhdú. Tá an CRO tiomnaithe aghaidh a thabhairt air seo. Dóigh amháin chun comhlíonadh a spreagadh is ea bagairt chun cuideachtaí a bhaint den chlár.
Ar meán, baintear breis agus 5,000 cuideachta den chlár gach bliain. Tá an feachtas sin ag leanúint ar aghaidh, agus clár ionchúiseamh na gcuideachtaí agus na stiúrthóirí.
Iarmhairtí as Baint den Chlár
Rud an-dáiríre do chuideachta atá ag trádáil fós is ea iarmhairtí as baint den chlár;
- Éiríonn sócmhainní na cuideachta faoi úinéireacht an Stáit ar dhíscaoileadh na cuideachta;
- Beidh deireadh leis an gcuideachta mar aonán dlíthiúil le héifeacht ó dháta a baineadh den chlár agus a díscaoileadh;
- Cailltear cosaint dliteanais teoranta le héifeacht ón dáta sin, agus má leanann gnó a seoladh tríd an chuideachta roimhe, bíonn na húinéirí ag trádáil ar a gcumas pearsanta féin;
- Ba cheart nach mbeadh na bainc sásta airgead a thabhairt ar iasacht d’aonán a bhfuil, go héifeachtach, deireadh leis;
- Féadann iarmhairtí míthaitneamhacha do stiúrthóirí na gcuideachtaí sin cionn is gur féidir ordú dícháilíochta a dhéanamh ina gcoinne ag an Ard-Chúirt ar iarratas an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
In ainneoin gur féidir cuideachta a chur ar ais i gcuid mhór cásanna, fhéadfadh an nós imeachta seo bheith an-chostasach.
Cúiseanna le Baint den Chlár
De réir alt 12 Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982 féadann an Cláraitheoir tús a chur le nósanna imeachta le cuideachta a bhaint den chlár i gcás:
- ar theip ar chuideachta tuairisceán bliantúil a thabhairt don CRO, nó,
- de bhun alt 12A Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982, i gcás ina bhfaigheann cuideachta fógra (Foirm 11F CRO) i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim nár thug an chuideachta ráiteas mar a éilítear uirthi seachadadh de réir alt 882 Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 (Baint den chlár ag na gCoimisinéirí Ioncaim).
Ní mór do chuideachtaí agus a gcuid comhairleoirí tabhairt faoi deara gur féidir cuideachta a bhaint den chlár má theipeann uirthi tuairisceán bliantúil a chomhdú do bhliain amháin.
Próiseas Bainte den Chlár
Mar a leanas atá próiseas bainte den chlár:
Cuideachta nach bhfuil tuairisceán comhdaithe aici do bhliain amháin, faigheann sí fógra meabhrúcháin.
Cuirfear tús leis an bpróiseas le baint den chlár trí fhógra reachtúil le baint den chlár a eisiúint do chuideachtaí atá i mainneachtain fós. Ní éilítear ach fógra bainte den chlár reachtúil amháin a eisiúint de réir ailt 12 agus 12A. Seoltar an fógra do sheoladh cláraithe na hoifige mar atá i dtaifid CRO.
Mí amháin tar éis an fógra reachtúil chun baint den chlár a chur amach do chuideachta, déanfar fógra chun baint den chlár a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, ach amháin gur comhdaíodh gach tuairisceán bliantúil nó gur tugadh isteach an ráitis (Foirm 11F CRO) atá amuigh do na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar is cuí.
Mí amháin tar éis an fógra reachtúil chun baint den chlár a chur amach do chuideachta, déanfar fógra chun baint den chlár a fhoilsiú san Iris Oifigiúil, ach amháin gur comhdaíodh gach tuairisceán bliantúil nó gur tugadh isteach an ráitis (Foirm 11F CRO) atá amuigh do na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar is cuí.
Tar éis cuideachta a bhaint den chlár, foilseofar fógra a a dhíscaoileann an chuideachta san Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ie
.
Má cuirfear tús leis an bpróiseas le cuideachta a bhaint den chlár, ní stadfar é ach amháin gur comhdaíodh gach tuairisceán bliantúil atá amuigh nó gur tugadh isteach na ráitis atá amuigh do na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar is cuí.
Dícháilíocht
De bhreis ar sin, féadfaidh an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach iarratas ar ordú a dhéanamh dá éis sin chuig an Ard Chúirt, de bhun alt 160 d'Acht na gCuideachtaí 1990, arna leasú, ag dícháiliú stiúrthóirí na cuideachta ó ghníomhú mar stiúrthóirí nó iad a dhícháiliú ó aon bhaint a bheith acu le bainistíocht aon chuideachta, mar aon le hOrdú do na costais dlí tabhaithe ag an Oifig Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus í ag tionscnamh iarratais den sórt sin agus na costais tabhaithe ag an Oifig sin agus an t-ábhar seo á fhíosrú.
Eisítear fógraí bainte den chlár trí phost cláraithe do sheoladh cláraithe na cuideachta atá comhdaithe sa CRO.
Má tharlaíonn gur athraigh cuideachta a seoladh gan é a fhógairt don CRO, is féidir go mbeidh sí bainte den chlár gan fios di go dtí tréimhse níos moille. Bheadh sé tábhachtach, dá réir, go mbeadh seoladh na cuideachta atá comhdaithe sa CRO ceart. Má tá athrú ar seoladh cláraithe do chuideachta, ba cheart duit an seoladh nua a fhógairt don CRO ar fhoirm B2 láithreach. Is féidir Foirm B2 a chomhdú saor in aisce ag baint úsáide as CORE - www.core.ie
.
Nasc: Foirmeacha Nasc:Táillí CRO
Priontáil