Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí
Chun go ndéanfaidh comhaltaí a gcuideachta a fhoirceannadh go toilteanach mar Fhoirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí, ní mór dearbhú sócmhainneachta agus rún speisialta a chur isteach.
Ní mór do thromlach na stiúrthóirí dearbhú reachtúil a dhéanamh á rá go ndearna siad fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta, agus tar éis a dhéanta, gur tháinig siad ar an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh de cibé tréimhse, nach faide ná 12 mí ó thosach an fhoirceanta (ar an bhfoirm 12 - E1).
Ní mór do na comhaltaí, laistigh de na 28 lá díreach tar éis dearbhú reachtúil a dhéanamh, rún speisialta a rith chun an chuideachta a fhoirceannadh agus chun leachtaitheoir a cheapadh. Ní mór an rún le haghaidh foirceanta, a fhógairt in Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ie
- laistigh de 14 lá tar éis dáta a rith an rún.
Ceanglais reachtúla - Foirmeacha le cur isteach
Ar dtús, ní mór Dearbhú Sócmhainneachta a chur isteach (Foirm E1/12), rún speisialta le foirceannadh agus le leachtaitheoir a cheapadh (Foirm G1), agus Fógra faoi cheapadh Leachtaitheora (Foirm E2), a chomhdú leis an CRO. Tá táille chomhdaithe €15 gach ceann ar fhoirmeacha E1, E2 agus G1 .
Tá se an-tábhachtach an Fhoirm 12 (E1) a chomhlánú i gceart mar bheidh ar an gcuideachta iarratas a chur isteach don Ard-Chúirt le haghaidh treoraithe mura bhfuil aon éifeachtach leis an dearbhú. Féach leathanach Foirm Dhearbhaithe 12.
Foirm E3, ní gá cuntas an leachtaitheora faoina g(h)níomhartha - a chomhlíonadh i gcás ina leanfaidh an foirceannadh ar feadh tréimhse níos lú ná 12 mhí. Má tharlaíonn go leanfaidh sé tréimhse níos faide, áfach, ní mór Foirm E3 a chomhdú don chéad 12 mhí, agus do gach tréimhse 12 mhí dhíreach ina dhiaidh sin le linn an fhoirceanta. Aon tréimhse níos lú a chlúdaíonn suas le dáta an chruinnithe dheiridh, ní gá Foirm E3 sa bhreis a chur isteach. Tá táille chomhdaithe €15 ar Fhoirm E3.
Foirmeacha 22(E4) agus 23(E4), mionnscríbhinn an leachtaitheora agus cuntais Alt 306 - ní gá iad a chur isteach i gcás a leanfaidh foirceannadh ar feadh tréimhse níos lú ná dhá bhliain. Má leanann an foirceannadh níos faide, áfach, ní mór Foirmeacha 22 agus 23 (an ceann deireanach i ndúblach) a chomhdú don chéad tréimhse dhá bhliana, agus do gach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, agus d'aon tréimhse níos lú suas le dáta a chríochnaigh an foirceannadh (dáta an chruinnithe dheiridh ar Fhoirm 13). Tá táille chomhdaithe €15 ar Fhoirm 22. Níl táille ar Fhoirm 23 mar chomhdaítear in éineacht leis an bhFoirm 22 í.
Foirm 13 (E6), Ní mór ráiteas iomlán cuntais a chlúdaíonn tréimhse an leachtaithe a ghabháil le tuairisceán ar chruinniú an fhoirceanta deiridh (Foirm 14(E5). Tá táille chomhdaithe €15 gach ceann ar Fhoirmeacha 13 (E6) agus 14 (E5).
Nasc: Foirmeacha E1-E6 Nasc: Foirm G1
Díscaoileadh
Trí mhí tar éis na doiciméid dheiridh a chlárú- foirmeacha 13 agus 14, meastar go bhfuil an chuideachta díscaoilte. Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain de réir alt 310 d’Acht na gCuideachtaí 1963. Ní mór cóip d'ordú na cúirte a sheoladh chuig an CRO (agus an táille chomhdaithe €15 leis) agus fillfear an chuideachta ar Leachtú ansin.
Priontáil