Glacadóireacht
Tá glacadóir ceaptha ag cuideachta atá faoi ghlacadóireacht chun a cuid sócmhainní a réadú agus a ghlacadh agus /nó a gcuid cúrsaí a bhainistiú sa dóigh go mbeidh sé ag súil le fiacha atá amuigh don sealbhóir bintiúir a cheap é/í a íoc.
Féadann duine ar bith nach comhlacht corpraithe nó féimheach neamhurscaoilte é bheith ina ghlacadóir. Is féidir é/í a cheapadh sa Chúirt nó as an gCúirt le feidhmiú mar ghlacadóir mhaoin na cuideachta. Feidhmeoidh sé/sí a cuid sochar, cearta, leasa, de réir mar atá treoraithe agus déanfaidh cuntais ar fháltais aige/aici le linn tréimhse a cheapacháin/ceapacháin. Is gnáth obair an ghlacadóra a leagadh amach san ionstraim faoi na téarmaí ina bhfuil sé/sí ceaptha.
Ceanglais reachtúla
Ní mór fógra faoi cheapadh glacadóra (Foirm E8) a chomhdú leis an CRO laistigh de sheacht lá tar éis an glacadóir a cheapadh agus ní mór é a fhoilsiú freisin san Iris Oifigiúil - www.irisoifigiuil.ie
agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta.
Ar cheapadh glacadóra ní mór é sin a shonrú ar fhógra ar gach sonrasc, ordú ar earraí nó litir ghnó eisithe ag an gcuideachta nó a eisítear thar a ceann.
I gcás ina gceaptar glacadóir thar ceann sealbhóirí bintiúr, atá daingnithe ag muirear comhlúthach, ní mór ráiteas ar cúrsaí na cuideachta (E10/Foirm 17) a chur isteach don ghlacadóir, nach mór dó cóip de a chomhdú leis an CRO.
Ní mór don shealbhóir achomaireacht ar a chuid/cuid fáltas agus íocaíochtaí a chomhdú ar Fhoirm E9, ar gach tréimhse sé mhí ón dáta an cheapacháin agus ar aon tréimhse dheireanach níos lú suas leis an dáta a scorann sé/sí de ghníomh . Ní mór ansin fógra i dtaobh scor de ghníomhú a chomhdú ar Fhoirm E11.
Tá táille chomhdaithe €15 ar gach doiciméad glacadóireachta.
Ar scor dó, ach amháin go bhfuil an chuideachta faoi leachtú cheanna, éilítear ar an nglacadóir, de réir Alt 52 den Acht um Fhorfheidhmiú Dlí Cuideachta 2001, ráiteas a dhearbhaíonn, ag an dáta scortha, go raibh an chuideachta sócmhainneach nó nach raibh. Comhdaítear an ráiteas sin le hachomaireacht dheiridh an ghlacadóra. Cuireann an CRO an tuarascáil sin ar aghaidh d’Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
Nasc: Foirmeacha E8-E11
Priontáil