Athbhunú Trí Ghníomhaíocht Riaracháin

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh breis is 12 mhí, ní féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí an chuideachta seo a athbhunú chuig an gclár ó thaobh riaracháin de. Nach bhfuil breis is 20 bliain imithe thart ó díscaoileadh na cuideachta, is féidir leis an gcuideachta nó comhalta na cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár.

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh tréimhse 12 mhí nó níos lú, is féidir léi iarratas ar athbhunú a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí.

Úsáidtear formáidí iarratais difriúla do chúiseanna scriosta difriúla i.e. nuair a (a) theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú leis an CRO/scriosadh deonach nó (b) sonraí riachtanacha a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim.

Nuair a theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil (tuairisceáin bhliantúla) a chomhdú

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár de bhun alt 311 d’Acht na gCuideachtaí 1963 nó alt 12(3) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982, is féidir léi iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár. Ba chóir Foirm H1(Táille €300) a úsáid tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a dhíscaoiltear an chuideachta chun críocha an iarratais seo. Nuair a sheachadtar na tuairisceáin bhliantúla ar fad chuig an CRO nach mbíonn curtha isteach ag an gcuideachta, tugtar cumhacht don Chláraitheoir ainm na cuideachta a athbhunú chuig an gclár.

Ní ghlacfaidh le CRO le haon chuntas cónasctha a chlúdaíonn níos mó ná bliain airgeadais amháin, i gcás ina bhfuil níos mó ná tuairisceán bliantúil amháin á chomhdú.

Tá fógra á thabhairt anois do gach cuideachta agus láithreoir don CRO nach nglacfaidh an CRO a thuilleadh le cuntais mhalgamaithe fara sochar bliantúil a fuair an CRO le héifeacht ón 31 Nollaig 2011. Ar an 1 Eanáir 2012 ar aghaidh éileofar sraith chuntas ar leith a chomhdú i ndáil le gach bliain airgeadais cuideachta. Is dó an méid seo do dheimhniú comhlíontachta leis an 4ú Treoir Dlí Cuideachta 78/660/EEC de 25ú Iúil 1978 a chuireann san áireamh go bhféadfadh sraitheanna aonair cuntas do gach bliain airgeadais a bheith ann.  Is é éifeacht an mhéid sin roimhe seo go n-éilíonn gach tuairisceán bliantúil a fuair an CRO ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012 go mbeidh sraith chuntas in éineacht leo do bhliain airgeadais dár críoch nach luaithe ná naoi mí roimh dháta éifeachtach an tuairisceáin, sraith chuntas a chuimsíonn an tréimhse ó chríoch na tréimhse a chuimsíonn na cuntais a ceanglaíodh le tuairisceán bliantúil roimhe seo na cuideachta. Ní bheifear in ann a thuilleadh iltuairisceáin bhliantúla a chomhdú leis an CRO agus ní féidir go nglacfar le sraith chuntas malgamaithe ag cuimsiú roinnt blianta airgeadais in éineacht leis na tuairisceáin sin. 

Ní mór do gach tuairisceán bliantúil a shraith chuntas féin a bheith ceangailte d’fhonn déanamh de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí 1963 - 2009 maidir le réiteach agus comhdú na gcuntas. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh an méid sin roimhe seo i bhfeidhm mar an gcéanna ón 1 Eanáir 2012 i gcás cuideachtaí díscaoilte á gcur ar ais ar an gclár, bíodh sé sin ar Fhoirm H1/H1R nó trí iarratas cúirte don chur ar ais san áit go bhfuil an cur ar ais ar feitheamh ar 31 Nollaig 2011.

Is féidir úsáid a bhaint as an modh mear le cuideachta dhíscaoilte a athbhunú ar an gcoinníoll go dtéann oifigeach na cuideachta (stiúrthóir nó rúnaí) chuig Oifig Íocaíochtaí na CRO agus go bhfanann sé/sí san Oifig go dtí go mbíonn scrúdú déanta ar na doiciméid ar fad, go bpróiseáiltear iad agus go n-athbhunaítear an chuideachta.

Nasc: Foirm H1           Nasc: Táille CRO              Nasc:Bileog Faisnéise 11

Nuair a theipeann ar chuideachta sonraí riachtanacha a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár de bhun alt 12A d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982, is féidir léi Foirm H1R a úsáid le hiarratas a dhéanamh ar athbhunú tráth nach déanaí ná 12 mhí ón dáta a díscaoileadh an chuideachta. Ní mór deimhniú scríofa ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur isteach le Foirm H1R, a léiríonn go bhfuil na ráitis go léir faighte acu ón gcuideachta a bhíonn ag teastáil faoi alt 882 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Tabhair faoi deara le do thoil gur gá na tuairisceáin bhliantúla atá fós le comhdú a chur isteach in éineacht le Foirm H1/H1R.

Is féidir úsáid a bhaint as an modh mear le cuideachta dhíscaoilte a athbhunú ar an gcoinníoll go dtéann oifigeach na cuideachta (stiúrthóir nó rúnaí) chuig Oifig Íocaíochtaí na CRO agus go bhfanann sé/sí san Oifig go dtí go mbíonn scrúdú déanta ar na doiciméid ar fad, go bpróiseáiltear iad agus go n-athbhunaítear an chuideachta.

Nasc: Foirm H1/H1R           Nasc: Táille CRO

Teorainn 12 Mhí

Caithfear iarrtas a dhéanamh laistigh de 12 mhí de dháta an díscaoilte. Caithfear Foirm H1a thaisceadh le CRO an lá roimh cothrom aon bhliana ón lá ar díscaoileadh an chuideachta. Ní féidir cuideachta a chur ar ais ar an gclár de réir riaracháin níos moille ná 12 mhí i ndiaidh dhíscaoileadh na cuideachta.

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh breis is 12 mhí, ní féidir le Cláraitheoir na gCuideachtaí an chuideachta seo a athbhunú chuig an gclár ó thaobh riaracháin de. Ar an gcoinníoll, áfach, nach bhfuil breis is 20 bliain imithe thart ó díscaoileadh na cuideachta, is féidir leis an gcuideachta nó comhalta na cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár, i gcás go mbíonn an chuideachta scriosta go deonach as an gclár ar iarratas uaithi féin, nó ag oifigeach nó comhalta na cuideachta i gcás gur scriosadh an chuideachta as an gclár toisc gur theip uirthi a tuairisceáin bhliantúla a chomhdú nó ar iarratas ó na Coimisinéirí Ioncaim nuair a theipeann ar chuideachta ráiteas a sheachadadh chucu.

Nuair a theipeann ar chuideachta tuairisceán bliantúil (tuairisceáin bhliantúla) a chomhdú

Is féidir an fhoirm H1-OMC a úsáid chun Cuideachta Bainistíochta Úinéirí a chur ar ais ar an gclár.

Ní féidir an fhoirm H1-OMC a úsáid ach do Chuideachtaí Bainistíochta Úinéirí amháin. Is féidir cuideachta dá sórt a chur ar ais ó thaobh riaracháin de laistigh de shé bliana ón dáta díscaoilte. Ní mór na teastais ábhartha bheith ag gabháil leis an bhfoirm sula féidir í a chur ar ais ar an gclár. Féach ar an nótaí faoi Fhoirm HI-OMC.

Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár de bhun alt 311 d’Acht na gCuideachtaí 1963 nó alt 12(3) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982, is féidir léi iarratas a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCuideachtaí chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár. Ba chóir Foirm H1-OMC (Táille €300) a úsáid tráth nach déanaí ná 6 bliana ón dáta a dhíscaoiltear an chuideachta chun críocha an iarratais seo. Nuair a sheachadtar na tuairisceáin bhliantúla ar fad chuig an CRO nach mbíonn curtha isteach ag an gcuideachta, tugtar cumhacht don Chláraitheoir ainm na cuideachta a athbhunú chuig an gclár.

Tá fógra á thabhairt anois do gach cuideachta agus láithreoir don CRO nach nglacfaidh an CRO a thuilleadh le cuntais mhalgamaithe fara sochar bliantúil a fuair an CRO le héifeacht ón 31 Nollaig 2011. Ar an 1 Eanáir 2012 ar aghaidh éileofar sraith chuntas ar leith a chomhdú i ndáil le gach bliain airgeadais cuideachta. Is dó an méid seo do dheimhniú comhlíontachta leis an 4ú Treoir Dlí Cuideachta 78/660/EEC de 25ú Iúil 1978 a chuireann san áireamh go bhféadfadh sraitheanna aonair cuntas do gach bliain airgeadais a bheith ann.  Is é éifeacht an mhéid sin roimhe seo go n-éilíonn gach tuairisceán bliantúil a fuair an CRO ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012 go mbeidh sraith chuntas in éineacht leo do bhliain airgeadais dár críoch nach luaithe ná naoi mí roimh dháta éifeachtach an tuairisceáin, sraith chuntas a chuimsíonn an tréimhse ó chríoch na tréimhse a chuimsíonn na cuntais a ceanglaíodh le tuairisceán bliantúil roimhe seo na cuideachta. Ní bheifear in ann a thuilleadh iltuairisceáin bhliantúla a chomhdú leis an CRO agus ní féidir go nglacfar le sraith chuntas malgamaithe ag cuimsiú roinnt blianta airgeadais in éineacht leis na tuairisceáin sin. 

Ní mór do gach tuairisceán bliantúil a shraith chuntas féin a bheith ceangailte d’fhonn déanamh de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí 1963 - 2009 maidir le réiteach agus comhdú na gcuntas. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh an méid sin roimhe seo i bhfeidhm mar an gcéanna ón 1 Eanáir 2012 i gcás cuideachtaí díscaoilte á gcur ar ais ar an gclár, bíodh sé sin ar Fhoirm H1/H1R nó trí iarratas cúirte don chur ar ais san áit go bhfuil an cur ar ais ar feitheamh ar 31 Nollaig 2011.

Tabhair faoi deara le do thoil: má chomhlánaíonn oifigeach Cuideachta Bainistíochta Úinéara Foirm H1 sa chéad 12 mhí ó dhíscaoileadh cuideachta, ní gá Foirm H1-OMC a chomhdú i gcúinsí dá sórt. Nuair a dhéantar iarratas, áfach, ar chuideachta a chur ar ais sa chlár taobh istigh de thréimhse 1-6 bliana ó dhíscaoileadh cuideachta, ní mór don oifigeach Foirm HI OMC a chomhlánú ina ionad. Níl Foirm H1 bailí ach go ceann bliain amháin ó dhíscaoileadh cuideachta agus baineann líon níos lú riachtanas leis ná mar a bhaineann le Foirm H1-OMC. Má dhéanann ball cuideachta iarratas ar an gcuideachta a chur ar ais ar an gclár, ní mór foirm H1-OMC a chomhlánú.

Ba chóir tabhairt faoi deara go ndiúltófar d’fhoirm H1-OMC mura bhfuil gach doiciméad riachtanach comhdaithe. Ní mór cóip dheimhnithe den ghníomhas aistrithe, maidir le comhlimistéir, bheith ag gabháil le Foirm H1-OMC, mar aon le deimhniúchán aturnae nó cuntasóra. Ní mór an gníomhas a dhátú tráth nach déanaí ná an lá roimh dháta díscaoilte na cuideachta. Ní leor gníomhas gan dáta/gan síniú.

Nasc:   Foirm H1-OMC         Nasc:   Táille CRO            Nasc:Bileog Faisnéise 11