Fógraí faoi Bhaint den Chlár

Foilseofar fógraí faoi bhaint den chlár san Iris Oifigiúil, iris oifigiúil an Stáit. Cuideachta atá fógartha ar na liostaí sin, tá mí amháin aici, ó dháta a foilsíodh an liosta, gach tuairisceán bliantúil atá amuigh a chomhdú, nó bainfear de chlár na gcuideachtaí í.

Próiseas Bainte den Chlár

Chun mionchur síos ar phróiseas bainte den chlár, téigh chuig na leathanaigh Baint Den Chlár ar Baint Neamhthoilteanach agus Baint Toilteanach. Bíodh a fhios agat go gcuirfear liostaí le foilsiú le chéile lá nó dhá roimh fhoilseachán. Is féidir, mar sin, gur chomhdaigh cuideachta atá ar an liosta na tuairisceán ina dhiaidh.

Cuirfear na liostaí atá foilsithe thíos le chéile tar éis na liostaí oifigiúla a fhoilsiú, agus is féidir gur fágtar roinnt cuideachtaí amach as na liostaí oifigiúla, cuideachtaí a chomhdaigh tuairisceáin idir an dá linn.

Déantar gach iarracht na liostaí thíos a chur le chéile chomh luath agus is féidir tar éis liostaí san Iris Oifigiúil a chur le chéile.

Fógraí faoi Bhaint den Chlár

Roghnaigh bliain le do thoil, le rochtain a fháil ar liosta na bhfógraí bainte den chlár ó gach bliain. Bíodh a fhios agat gur ó Dheireadh Fómhair 2004 foilsíodh gach fógra bainte den chlár in Iris CRO.

TitleIris
Iris 2011Iris 2010 Iris 2009Iris 2008 Iris 2007Iris 2006Iris 2005Iris 2004
Bliain 2004
Fógraí faoi Bhaint den Chlár 2004
Bliain 2003
Fógraí faoi Bhaint den Chlár 2003
Bliain 2002
Fógraí faoi Bhaint den Chlár 2002
Bliain 2000
Fógraí faoi Bhaint den Chlár 2000