Iarratas ar Bhaint Thoilteanach den Chlár

Ní neamhthoilteanach i gcónaí é baint den chlár. Cuideachta atá scortha trádála agus nach bhfuil creidiúnaithe amuigh aici, féadann sí iarraidh ar an gCláraitheoir an chuideachta a bhaint den chlár.

Tugann Alt 311 Acht na gCuideachtaí 1963 (mar a leasaítear) cumhacht don Chláraitheoir cuideachtaí a bhaint den chlár.

Is cumhacht shaorthoilteanach a mbainfidh sé úsáid as, áfach, i gcás ina gcuirfidh stiúrthóir cuideachta iarratas foirmiúil isteach ar ainm a chuideachta/a cuideachta a bhaint den chlár agus go gcomhlíonfaidh an t-iarratas ar bhaint ina iomláine le ceanglais an Chláraitheora.

Tá an iarraidh sin coinníollach ar na nithe seo a leanas a fháil:

  • Chomhdaigh an chuideachta gach tuairisceán bliantúil amuigh
  • Éilítear litir dheimhnithe ó na Coimisinéirí Ioncaim
  • leathanach iomlán an nuachtáin a bhfuil an fógra air (ní ghlactar le fótachóipeanna)

Céim a hAon

Chomhdaigh an chuideachta gach tuairisceán bliantúil amuigh dhá sheachtain ar a laghad roimh dháta a rinneadh an t-iarratas ar bhaint, agus íocadh gach táille ábhartha agus pionós maidir le comhdú déanach.

Céim a Dó

Éilítear litir dheimhnithe ó na Coimisinéirí IoncaimLinks to external website nach bhfuil agóid ann a chur le Foirm H15.

Ní mór í seo a iarraidh i scríbhinn ó:

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Aonad na gCuideachtaí, Ceantar Ioncaim Lár na Cathrach, 9/15 Sráid Uí Chonaill Uachtarach, Baile Átha Cliath 1. Teileafón: 01 865 5000 ext 32989/32991/32993/32994/32997.

I ndiaidh eisiúint di, tá an litir dheimhnithe nach bhfuil agóid ann bailí ar feadh tréimhse sé mhí.

Céim a Trí

Cuirtear fógra, cosúil leis an téacs samplach thíos, i nuachtán laethúil amháin a fhoilsítear agus a scaiptear ar fud an náisiúin i bPoblacht na hÉireann, agus cuirtear le Foirm H15 é. Ní mór an fógra seo a bheith ar taispeáint i nuachtán a foilsíodh nach mó ná ceithre sheachtain roimh sheachadadh an iarratais ar bhaint thoilteanach chuig an CRO. Ní mór leathanach iomlán an nuachtáin ar a bhfuil an fógra ar taispeáint a chur isteach chuig an CRO in éineacht leis an bhFoirm H15, mar tá sé riachtanach go bhfuil ainm an nuachtáin agus dáta an fhoilseacháin ar taispeáint leis an bhfógra. Bíodh a fhios agat gur féidir úsáid a bhaint as fógra aonar le rún a fhógairt le haghaidh iarratais ar bhaint thoilteanach do suas le sé chuideachta. Sna cásanna seo, caithfear Foirm H15 ar leith a chur isteach do gach cuideachta.

Céim a Ceathair

Cuireann stiúrthóir na cuideachta, taifeadta leis an CRO faoi láthair dá réir, iarratas ar bhaint na cuideachta den chlár agus úsáid Foirm H15 lastall. pdf logoH15 form irish fillable (0 MB, Adobe PDF)     

NÓTA: De bhrí go nglacfaidh sé tamall le céimeanna 1 agus 2 thuasluaite a chomhlánú, ní mór gan an fógra a chur isteach go dtí go bhfuil an chuideachta cinnte go gcomhdaíodh sí gach tuairisceán bliantúil atá amuigh leis an CRO nach mó ná 2 sheachtain ó dháta foilseacháin an fhógra, agus go bhfuil litir nach bhfuil argóint ann ó na Coimisinéirí Ioncaim faighte aici agus go mbeidh sí in ann Foirm H15 a sheachadadh don CRO laistigh de 4 sheachtain ó dháta foilseacháin an fhógra.

Tuairisceáin Bhliantúla Suas chun dáta

Baineann an Cláraitheoir cuideachtaí den chlár ar bhonn reatha. Bíodh a fhios agat chun teideal bainte toilteanach a bheith agat, ní mór don chuideachta bheith suas chun dáta lena ceanglais chomhdaithe mar atá ag dáta a chuireann sí iarratas ar bhaint thoilteanach den chlár isteach don CRO, iarratas a chomhlíonann gach ceanglas mar atá leagtha amach thuas. Ciallaíonn sé sin mar tharlaíonn nach gcomhlíonann iarratas ar bhaint toilteanach den chlár le ceann ar bith de na ceanglais seo agus gur seoltar ar ais don duine a chur isteach é, beidh ar an gcuideachta cinntiú go bhfuil sí suas chun dáta le ceanglais chomhdaithe a cuid tuairisceán bliantúil ag dáta a chuireann sí an t-iarratas isteach arís, iarratas a chomhlíonann gach ceanglas na CRO.

Próiseas fada is ea baint den chlár agus iarrfar ar an gcuideachta go foirmiúil ar dhá uair ar leith, mí ó chéile, más mian léi baint den chlár go fóill. Déanfaidh an Cláraitheoir a rún chun ainm na cuideachta a bhaint den chlár a fhoilsiú agus sa deireadh, mí ina dhiaidh sin, bainfear an chuideachta den chlár agus díscaoilfear í.

Téacs samplach an fhógra

I gcás ar athraigh an chuideachta a hainm laistigh de thréimhse 12 mhí roimh dháta foilseacháin an fhógra, ní mór an t-ainm a bhí ann roimhe chomh maith leis an ainm reatha a thaispeáint san fhógra.

Éilítear gach ainm gnó atá á úsáid ag an gcuideachta ná a bhí á úsáid aici le linn tréimhse 12 mhí roimh dháta foilseacháin an fhógra, éilítear iad a chuimsiú san fhógra.

I gcás a bhfoilsítear an fógra laistigh de bhliain amháin i ndiaidh don chuideachta a seoladh cláraithe a athrú, ní mór a seoladh cláraithe roimhe seo chomh maith leis an seoladh cláraithe reatha a thaispeáint san fhógra.

CINEÁL 1 - Do aon chuideachta

Tá sé beartaithe ag XY Teoranta [EFG Teoranta roimhe seo], ag trádáil mar Z, [agus ag trádáil mar W roimhe seo], atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (scrios de réir mar is cuí), a bhfuil a oifig cláraithe ag [ ] {agus a raibh a oifig cláraithe roimhe seo ag [ ]} agus a bhfuil a phríomháit ghnó lonnaithe ag [ ], agus gan sócmhainní ná dliteanais a bheith aige, tá sé beartaithe cur in iúl do Chláraitheoir na gCuideachtaí nach bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó agus iarraidh ar an gCláraitheoir ar an mbonn sin lena chuid cumhachtaí a fheidhmiú de bhun alt 311 d’Acht na gCuideachtaí 1963 le hainm na cuideachta a bhaint den chlár.

De Réir Ordú an Bhoird

{Ainm} Stiúrthóir/Rúnaí (de réir mar is cuí)

CINEÁL 2 - Do dhá chuideachta ghaolta nó níos mó ná sin (uaslíon 6) - (oifig chláraithe céanna agus príomháit ghnó céanna)

(a) XY Teoranta, [ABC Teoranta roimhe seo], [ag trádáil mar D], tá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), agus

(b) Tá sé beartaithe ag VW Teoranta, [EFG Teoranta roimhe seo], ag trádáil mar Z, [agus ag trádáil mar W roimhe seo], atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), a bhfuil a oifig cláraithe ag an bheirt acu ag [ ] agus a raibh a n-oifig cláraithe roimhe seo acu ag [ ] agus a bhfuil a bpríomháit gnó lonnaithe ag [ ], agus gan sócmhainní ná dliteanais a bheith ag ceann ar bith acu, tá sé beartaithe acu fógairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí nach bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó agus iarraidh ar an gCláraitheoir ar an mbonn sin lena chuid cumhachtaí a fheidhmiú de bhun alt 311 d’Acht na gCuideachtaí 1963 le hainm na gcuideachta a bhaint den chlár.

Trí Ordú an Bhoird

Ainm Stiúrthóra/rúnaí (mar is cuí)

CINEÁL 3 - Do dhá chuideachta neamhghaolta nó níos mó ná sin (uaslíon 6) - (oifigí cláraithe difriúla agus príomháit ghnó difriúla)

(a) XY Teoranta, [ABC Teoranta roimhe seo], [ag trádáil mar D], a bhfuil a oifig chláraithe ag [ ] agus a raibh a oifig chláraithe roimhe ag [ ] agus a bhfuil príomháit ghnó aige ag [ ] atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), agus

(b) Tá sé beartaithe ag VW Teoranta, [EFG Teoranta roimhe seo], ag trádáil mar Z, [agus ag trádáil mar W roimhe seo], a bhfuil a oifig chláraithe ag [ ] agus a raibh a oifig chláraithe roimhe ag [ ] agus a bhfuil príomháit ghnó aige ag [ ], atá scortha trádála/nár thrádáil riamh (de réir mar is cuí), agus gan sócmhainní ná dliteanais a bheith ag ceann ar bith acu, tá sé beartaithe acu fógairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí nach bhfuil an chuideachta ag seoladh gnó agus iarraidh ar an gCláraitheoir ar an mbonn sin lena chuid cumhachtaí a fheidhmiú de bhun alt 311 d’Acht na gCuideachtaí 1963 le hainm na gcuideachta a bhaint den chlár.

Trí Ordú an Bhoird

Ainm Stiúrthóra/rúnaí (mar is cuí)