Foirceannadh

Is féidir cuideachta a fhoirceannadh le:

I dtromlach na gcásanna, ceaptar leachtaitheoir atá faoi cheanglas cuntais a chomhdú de réir forálacha Achtanna na gCuideachtaí. Déanfar cuideachta a dhíscaoileadh a bhfuil dáta éifeacht air trí mhí tar éis dháta cláraithe na ndoiciméad deiridh, nó nuair a ordaíonn an chúirt a dhíscaoileadh tar éis foirceanta ag leachtaitheoir oifigeach.

Ceapadh mar Leachtaitheoir

Cén duine ar féidir leis bheith mar leachtaitheoir do chuideachta? Tá an freagra ann in Alt 1883 d’Acht na gCuideachtaí 1963, alt 300 agus 300a mar atá ionsaithe ag alt 146 d’Acht na gCuideachtaí 1990 agus alt 160 d'Acht na gCuideachtaí 1990.

Ní léiríonn an tAcht daoine is féidir bheith ina leachtaitheoir ach leagann sé amach daoine nach féidir bheith ina leachtaitheoir. Cuireann Alt 183 toirmeasc ar fhéimheach neamhurscaoilte gníomhú mar leachtaitheoir, gan cead na cúirte. Léiríonn alt 160 den Acht 1990 gur féidir leis an gcúirt ordú nach gceapfar aon duine atá dícháilithe ag an Ard-Chúirt le gníomhú mar leachtaitheoir.

Léiríonn alt 300 den Acht 1963 nach féidir complacht corpraithe ceapadh mar leachtaitheoir.

Déanann alt 300a mar atá ionsaithe ag 146 den Acht 1990 liosta na ndaoine siúd nach féidir ceapadh mar leachtaitheoir.

300A - (1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas cáilithe chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar chuideachta-

  • duine atá, nó a bhí laistigh de 12 mhí ó thosach an fhoirceanta, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta;
  • ach amháin le cead na cúirte, tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh oifigigh don chuideachta;
  • duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó ag seirbhíseach don chuideachta;
  • duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar aon chomhlacht corpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin, nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin, é nó a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe.

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach don chuideachta tagairtí d'iniúchóir.

Foirceannadh a Thiontú

Ní féidir ach an Ard-Chúirt rún le haghaidh foirceanta a thiontú nuair a ritear é Chun cuideachta a thiontú ar stádas Normálta agus tús a chur le trádáil arís, ní mór cóip d’ordú na cúirte a chomhdú. Tá táille chomhdaithe €15 ar ordú cúirte.

I bhfoirceannadh ag an gcúirt, is féidir ordú a cheadú faoi alt 234 agus i bhfoirceannadh toilteanach faoi alt 280 d’Acht na gCuideachtaí 1963, a léiríonn -

Féadfaidh an leachtaitheoir nó aon ranníocóir nó creidiúnaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh uirthi aon cheist a éireoidh i bhfoirceannadh cuideachta a chinneadh, nó gach ceann nó aon cheann a fheidhmiú, maidir le glaoch a chur i bhfeidhm nó aon ní eile, de na cumhachtaí a d'fhéadfadh an chúirt a fheidhmiú dá mba ag an gcúirt a bhí an chuideachta á foirceannadh.

Más deimhin leis an gcúirt go mbeidh sé cóir agus tairbheach an cheist a chinneadh nó an chumhacht a iarradh a fheidhmiú, féadfaidh sí géilleadh don iarratas, go hiomlán nó go páirteach, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, nó féadfaidh sí cibé ordú eile is cóir léi a dhéanamh de bhun an iarratais.

Cuirfidh an chuideachta ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú cóip oifige d'ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ag neamhniú an rún chun foirceannadh a dhéanamh nó ag cur bac ar na himeachtaí san fhoirceannadh.