Tuairisceáin Bhliantúla a Chomhdú - Earráidí Coitianta

Féach na clásail sa nóta um Dhíolúiní Iniúchta atá ceangailte leis seo.

In 2009, Fuair an Oifig um Chlárú Cuideachtaí 175,000 Tuairisceán Bliantúil (foirm B1) 27,000 acu (15.4%) a seoladh ar ais chuig an té/cuideachta a sheol. Is ráta earráide an-ard é seo a dhéanann obair sa bhreis do chách a bhaineann leis. Déantar liostú thíos ar na fáthanna is coitianta a seoltar Tuairisceáin Bhliantúla ar ais agus ar réitigh féideartha chun seoladh ar ais a sheachaint nó a laghdú. 

Fáth ar seoladh ar ais Réiteach féidearthacht       
Tá an Tuairisceán Bliantúil mall agus táille chomhdúcháin mhall bheith dlite ach gan bheith faoi iamh. 33%Comhdaítear in am, agus go leictreonach más féidir. Féadann suas le naoi mí móide 28 lá bheith tar éis deireadh a mbliana airgeadais bheith ag cuideachtaí chun a dTuairisceán Bliantúil a chomhdú. Faigheann cuideachta 28 lá breise ó dháta gafa an e-B1 a fháil chun a cuid cuntas a chomhdú más rud é go gcomhdaítear go leictreonach iad Bíonn táille €20 ar e-B1.Bíonn dhá rogha ar fáil do chuideachta chun an ARD a shíneadh amach chuig na naoi mí iomlána, mura mbaineann sí leas as a naoi mí iomlána tar éis deireadh na bliana airgeadais: (1) is féidir léi foirm B73 a chomhdú d'fhonn an dáta ARD a shíneadh chuig suas le sí mhí, ach ní foláir B73 a chomhdú le B1 in am, agus ní féidir í a chomhdú ach uair amháin gach cúig bliana; (2) is féidir léi an dara tuairisceán bliantúil a chomhdú leis na cuntais chéanna, leis an bhfoirm B1 déanta go dtí an dáta ARD nua agus an bosca "Ní hea" bheith ticeáilte ar an B1 (caitheann an dáta gan bheith níos mó ná naoi mí tar éis deireadh na bliana airgeadais).Ba cheart go meabhródh an té a thugann isteach an tuairisceán bliantúil leas a bhaint as Mearphost lena ráthaítear seachadadh don chéad lá oibre eile, má tá sé/sí ag cur tuairisceáin bhliantúil sa phost chuig an CRO. Mar mhalairt rogha is féidir é a sheachadadh de láimh chuig an CRO, Cearnóg Parnell.
Níl an chuideachta i dteideal díolúine ó iniúchadh a éilimh mar go bhfuil an Tuairisceán Bliantúil reatha déanach NÓ mar go raibh an Tuairisceán Bliantúil roimhe déanach (14%). Dála mar atá thuas.Cailltear an díolúine iniúchta ar feadh dhá bhliain - an bhliain reatha agus an bhliain dá héis - má bhíonn an Tuairisceán Bliantúil mall. Níl aon chumhacht ag an gCláraitheoir maolú ón gceangaltas dlíthiúil sin a bhronnadh.
Tá an Tuairisceán Bliantúil déanta go dtí dáta níos luaithe ná ARD reatha na cuideacha, agus níor ticeáladh ceachtar den dá bhosca mar fhreagra don cheist ARD ar leathanach 1 den fhoirm B1. 7%Sa chás go ndéanann tú do B1 chuig dáta níos luaithe ná do dháta ARD, ní foláir duit tabhairt le fios an dteastaíonn uait do dháta ARD reatha a choinneáil (trí "Is ea" a thiceáil) nó an dáta nua níos luaithe a ghlacadh (trí "Ní hea" a thiceáil). Déantar cinnte i gcónaí de go dticeáiltear ceann amháin den dá bhosca seo ar an bhfoirm B1.
Tá an clár comhardaithe neamh-iomlán, níor comhdaíodh an clár comhardaithe, níor comhdaíodh tuairisc iniúchóra, níor comhdaíodh cuntas brabúis & caillteanais. Níl na cuntais deimhnithe mar fhíor-chóipeanna.4%Cuimsíonn na cuntais iomlána (1) tuairisc an stiúrthóra, (2) tuairisc an iniúchóra, (3) cuntas brabúis agus caillteanais (ioncam agus caiteachas) agus (4) clár comhardaithe agus nótaí leis na cuntais de réir mar is infheidhme. Ba chóir go ndeimhneofaí gach aon cheann de na ceithre cháipéis sin mar fhíor-chóipeanna ag beirt stiúrthóirí, NÓ,ba cheart go mbeadh deimhniúchán foriomlán ann arna shíniú ag stiúrthóir agus rúnaí (nach é an duine céanna é) ina n-ainmnítear ba ceithre cháipéis agus ina ndeimhnítear iad mar fhíor-chóipeanna arna leagan, nó le leagan, roimh chruinniú cinn bhliana. Ní mór do gach deimhniúchán bheith ina síniú bunaidh.
Comhdaíodh foirm "B1- Níl cuntais ann" athuair. (10). Níl sé riachtanach ag cuideachta cuntais a chomhdú lena chéad Thuairisceán Bliantúil agus is féidir "B1- Níl cuntais ann" a chomhdú dá réir. Ní mór Tuarascáil Iniúchóra nó cuntais nó an bheirt acu araon a ghabháil le gach B1 ina dhiaidh sin.
Tá an dáta "déanta suas go dtí dáta" níos deireanaí ná an DTB. (4%). Ní féidir DTB a bheith níos deireanaí ná naoi mí i ndiaidh dáta críche - chuntais na bliana.
Níl Foirm B1 ná cuntais sínithe/ sínithe ag beirt dhaoine éagsúla/ dátaithe/ níl na sínithe ina sínithe bunaidh/ ní feidhmeannach de chuid na cuideachta atá sa té a shínigh í faoi láthair. Níl na Stiúrthóirí/ Rúnaithe a liostaítear ar an 'leathanach sínithe' liostaithe ar thaifid CRO mar dhaoine a fheidhmíonn san oifig chéanna.(8%)Caitheann dhá shíniú bhunaidh bheith le gach Foirm B1 - stiúrthóir agus rúnaí. Ní féidir leis an duine céanna a s(h)íniú a thabhairt sa dá chumas. Caitheann sínithe an stiúrthóra agus an rúnaí atá ar an deimhniúchán foriomlán nó ar an gclár comhardaithe bheith ina sínithe bunaidh. Caithfear foirm B10 a chomhdú leis an CRO i ndáil le haon stiúrthóir nár fógraíodh don CRO cheana féin. Is féidir B10 a chomhdú saor in aisce ar líne.
Níor comhdaíodh cuntais iomlána agus ní éilítear an díolúine ó na cuntais iomlána. (2%)Caitheann clásail ábhartha a theastaíonn faoi Ailt 10, 11 agus 12 d'Acht 1986 bheith ar an gClár Comhardaithe má táthar ag éileamh díolúine cuideachta bige/meánaí d'fhonn na Cuntais Choimrithe a chomhdú.Caitheann ráiteas díolúine iniúchta iomláine bheith ar an gclár comhardaithe má tá sé díolmhaithe ó iniúchadh.
Níl tosú agus deireadh na bliana airgeadais ar B1 comhsheasmhach leis na cuntais atá curtha leis, ná níor iontráladh ar B1 iadCaitheann na dátaí do thús agus deireadh na bliana airgeadais sna cuntais bheith mar an gcéanna leo siúd ar an B1. Féadann cuntais chinn bhliana bheith níos lú ná cothrom leis an ARD ach gan bheith níos moille ná é.
D'éiligh an chuideachta díolúine iniúchta ach ní bhfaightear sa chlár comhardaithe na ráitis/clásail a theastaíonn.(4%)Féach na clásail sa nóta um Dhíolúiní Iniúchta* atá ceangailte leis seo.
Níl aon seic curtha leis/ níl an seic sínithe/ níl an seic dátaithe / méid mícheart atá ar an seic/ obadh an seic. (1%)Ba chóir go gcinnteodh na daoine a thugann isteach na tuairisceáin go mbíonn siad sínithe agus dátaithe agus déanta amach ina n-iomláine chuig an Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Stáplaítear na seiceanna do na cáipéisí eile i gcónaí - ná baintear leas as fáiscíní páipéir.Is féidir le láithreoirí Cuntas Custaiméara CRO a oscailt trí fhoirm A/C1 a íoslódáil ó láithreán gréasáin an CRO www.cro.ie ach cliceáil ar "Íoslódálcha/Foirmeacha" agus is féidir leo taiscí a chur ina gcuntas-san trí leas a bhaint as "Seirbhísí ar Líne" ar an láithreán gréasáin.aIs féidir leis an láithreoir an pionós comhdúcháin mhall a ríomh trí leas a bhaint as an tsaoráid "Áireamhán do Phionós Mall" istigh sa láithreán gréasáin.

*Nóta um Dhíolúiní Iniúchta

Féadann cuideachtaí áirithe a shásaíonn critéir shonracha díolúine a fháil ón gceangaltas go ndéantar iniúchadh ar na cuntais atá curtha lena tuairisceán bliantúil, faoi réir téarmaí Alt 32 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh.2) 1999, arna leasú ag Alt 53 d'Acht na gCuideachtaí (Iniúchóireacht agus Cuntastaíocht), 2003.

Is ionann na tairseacha láimhdeachais agus cláir chomhardaithe reatha is infheidhme do chuideachtaí ar mian leo díolúine iniúchta a fháil agus €7.3 milliún agus €3.65 milliún faoi seach.

Clár comhardaithe agus na nótaí leis na cuntais atá sna cuntais neamh-iniúchta de réir mar is infheidhme. Caitheann ráiteas díolúine bheith ar bhun an chláir chomhardaithe, ina sloinntear an méid seo a leanas (ní foláir leas a bhaint as na focail sonracha seo):

(a) "go bhfuil an chuideachta ag fáil na díolúine dá bhforáiltear le Cuid III d'Acht na gCuideachtaí (Leasú) (Uimh.2) 1999",

(b) "go sásaíonn an chuideachta na coinníollacha arna sonrú in alt 32 d'Acht 1999 (arna leasú ag alt 53 d'Acht na gCuideachtaí 2003 (Iniúchóireacht agus Cuntasaíocht) agus arna leasú ag alt 9 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006)".

(c) "nár sheirbheáil scairshealbhóirí na cuideachta fógra don chuideachta faoi alt 33(1) de réir alt 33(2) d'Acht 1999",

(d) aitheantas leis na stiúrthóirí "d'oibleagáidí na cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963-2009 chun leabhair chuntais chuí a choimeád agus chun cuntais a ullmhú ina dtugtar léiriú fíor cothrom ar ghnóthaí na cuideachta ag deireadh a bliana airgeadais agus ar a brabús nó caillteanas don bhliain sin agus chun forálahca na nAchtanna sin a chomhall ar shlí éigin eile maidir le cuntais de réir mar is infheidhme don chuideachta iad"

Ní féidir le cuideachta Díolúine Iniúchta a éileamh ag an tráth nuair a éiríonn an chéad Fhoirm B1 dlite lena comhdú sa CRO (6 mhí ón dáta ionchorpraithe) óir nach gá aon chuntas a chomhdú leis an tuairisceán úd.

Is féidir Díolúine Iniúchta a éileamh, áfach, ag tráth an chéad tuairisceán bliantúil de chuid na cuideachta nó nuair a bhítear ag comhdú na dtuairisceán bliantúil dá éis.

Níl an dara rogha ag an CRO ach diúltú chun glacadh le cuntais nach bhfuil iniúchadh déantar orthu, mar a mbíonn neamh-chomhall le haon cheann de na coinníollacha arna leagan síos in alt 32(3) d'Acht 1999 (arna leasú ag Achtanna 2003 agus 2006 - féach (b) thuas), i ndáil leis an mbliain lena mbaineann nó an bhliain roimhe sin

NB: SA CHÁS GO gCOMHDAÍTEAR TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL GO MALL SA BHLIAIN INA nÉILÍTEAR DÍOLÚINE NÓ SA BHLIAIN ROIMHE SIN; CAILLEANN AN CHUIDEACHTA A CEART DON DÍOLÚINE INIÚCHTA NÍ hAMHÁIN DON BHLIAIN ATÁ I gCEIST ACH DON CHÉAD BHLIAIN EILE FREISIN.

Níl aon chumhacht ag Cláraitheoir na gCuideachtaí aon fhaoiseamh ó cheangaltais seo d'Achtanna na gCuideachtaí 1963 chuig 2009 a bhronnadh ar chuideachtaí.