Ráiteas Díolúine Ó Iniúchadh
Sonraímid, mar Stiúrthóirí ABCD Teoranta:
(a) go bhfuil díolúine faighte ag an gcuideachta a dhéantar foráil di i gCuid III d’Acht na gCuideachtaí (Leasú)(Uimh. 2) 1999;
(b) go gcomhlíonann an chuideachta na coinníollacha a shonraítear in alt 32 den Acht 1999 (arna leasú le halt 53 d’Acht na gCuideachtaí (Iniúchóireacht agus Cuntasaíocht) 2003 agus alt 9 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006);
(c) nach seirbheáladh fógra ar an gcuideachta faoi alt 33(1) den Acht 1999 de réir alt 33(2) den Acht 1999;
(d) go nglacaimid le dualgais na cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí 1963-2006, leabhair chuntais chearta a choiméad agus cuntais a ullmhú a thugann léargas fíorcheart ar staid chúrsaí airgeadais na cuideachta ag deireadh na bliana airgeadais agus de bhrabús agus caillteanas na cuideachta don bhliain sin. Ar dhóigh eile, cloímid le forálacha na nAchtanna sin a bhaineann le cuntais sa mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta;
(e) go ndearbhaímid leis seo go bhfuil feidhm bainte againn as na díolúintí atá in ailt 10 agus 12 d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1986 toisc go bhfuil an chuideachta i dteideal na ndíolúintí sin mar chuideachta bheag.
Thar ceann an bhoird
Síniú: Síniú:
Ainm (bloclitreacha): Ainm (bloclitreacha):
Stiúrthóir Stiúrthóir
Dáta Dáta
Tar ar ais go Díolúine Ó Iniúchadh
Priontáil