Bogearraí rúnaíochta

D'oibrigh roinnt soláthraithe Pacáistí Rúnaíochta leis an CRO chun na formeacha a chuimsiú atá ar fáil le comhdú go leictreonach ina gcuid pacáistí m.sh. an Thairiseaán Bliantúil B1.

Seo thíos liosta de na soláthraithe a bhfuil foirmeacha leictreonacha cuimsithe ina gcuid bogeattaí.

  • Computershare Governance ServicesLinks to external website
  • The Company ShopLinks to external website / ICSA SoftwareLinks to external website
  • Relate SoftwareLinks to external website
  • Sage IrelandLinks to external website
  • Lynx Technology LimitedLinks to external website
  • Cuideachta bogearraí ar bith ar mian leo bogearraí oiriúnach a sholáthair do chliaint, ní mór dóibh na sonraíochtaí atá ceangailte thíos a íoslódáil agus a léamh agus teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Ríomhchomhdaithe.

    Déanfar fíorú na dtuairisceán a oibriú trí chlárú na láithreoirí ag CRO, láithreoirí a sheolfaidh na tuairisceáin isteach agus iad ag úsáid ríomhshínithe atá sannta d’oifigigh na cuideachta (stiúrthóirí agus rúnaí).

    Láithreoirí

    Duine nó comhlacht ar mian leo tuairisceáin a chomhdú tar cheann cliant, déanfaidh siad amhlaidh a chlárú leis an CRO. Bainfidh láithreoirí úsáid as ardleibhéal slándála chun tuairisceáin a sheoladh isteach sa dóigh gur féidir leis an CRO aitheantas an tseoltóra a chinntiú ar gach tuairisceán.

    Sínithe

    Stiúrthóir nó rúnaí ar mian leo ríomhshíniú a dhéanamh ar thuairisceáin:

    • cuirfidh siad iarratas isteach don CRO ar ID CRO le haghaidh aitheantais agus ar PIN (uimhir aitheantais phearsanta) le húsáid mar shíniú (Foirm J2);
    • cuirfidh siad in iúl don CRO aon láithreoir a údaraíonn siad chun tuairisceáin a chomhdú a bhfuil a shíniú orthu (Foirm J3).

    Seolfar an ID CRO agus PIN gach oifigigh chuig a sheoladh baile nó a seoladh baile.

    Nasc: Foirmeacha

    Tá freagracht ar oifigigh na cuideachta cinntiú go mbaintear úsáid as ID CRO agus PIN mar is ceart.

    Doiciméid:

    • a sholáthraíonn GRR a bhfuil údarás cuideachta faighte aige/aici, agus
    • a sholáthraíonn aitheantas agus uimhir aitheantais phearsanta de chuid sínitheoirí deimhnithe an GRR,

    bíonn na doiciméid seo sínithe ag an nGRR sin de réir Achtanna na gCuideachtaí agus an Achta um Thráchtáil Leictreonach 2000.

    Cad é atá de dhíth orm chun an tseirbhís seo a úsáid?

    Chun leas a bhaint as an tseirbhís seo beidh na nithe seo a leanas de dhíth ar láithreoirí:

    • Cuntas leis an CRO a bhfuil sochar ann; Féach Oscailt Cuntais
    • pacáiste bogearraí rúnaíochta na cuideachta a bhfuil tacú ann don fheidhmiúlacht seo; rochtain ar an idirlíon;
    • deimhniú cliaint digiteach a mbaintear úsáid as chun ríomhaitheantas a chur ar láithreoir; ar éirí le próiseáil d’iarratais, déanfaidh an CRO deimhniú digiteach pearsanta a eisiúint don teagmhálaí atá ainmnithe ar an bhfoirm seo trí r-phost. Is é an CRO an tÚdarás Deimhniúcháin (CA) an deimhnithe seo. Is ionann deimhniú digiteach pearsanta agus cárta aitheantais agus is le húsáid i gcomhar leis an táirge bogearraí rúnaíochta cuí é. Déanfaidh sé aitheantas seoltóir na ríomhdhoiciméad ábhartha a dheimhniú.
    • le clárú mar láithreoir ag úsáid na Foirme J1;
    • Gach stiúrthóir nó rúnaí a dhéanfaidh tuairisceáin a shíniú, ní mór dóibh ID CRO agus PIN stiúrthóra/rúnaí a fháil ag úsáid na Foirme J2;
    • Gach stiúrthóir nó rúnaí a dhéanfaidh tuairisceáin a shíniú, ní mór dóibh láithreoir a údarú lena gcomhdú thar a ceann ag úsáid na Foirme J3. Ag ceapadh comhlachta trí ainm a chomhlachta féin atá le feidhmiú mar ghníomhaí údaraithe na cuideachta, is é seo ceapachán na ndaoine siúd a bheas, ó am go ham le linn tréimhse an cheapacháin sin, ina gcomhpháirtithe sa chomhlacht sin le linn na tréimhse comhdhéanta atá i gceist agus áirítear aon chomhlacht a éiríonn as mar thoradh ar chumasc an chomhlachta ceaptha le comhlacht nó comhlachtaí eile. I gcás a bhfuil duine aonair ceaptha ag duine mar ghníomhaire údaraithe aige/aici, ní amháin a údaraíonn sé seo an gníomhaire le gníomhú ar a chumas pearsanta féin, ach údaraítear é nó í a ghníomh agus é nó í mar chomhpháirtí nó fhostaí in aon chomhlacht ar féidir leis nó léi bheith ann le linn tréimhse an cheapacháin.

    Cad é mar oibríonn sé?

    Déanann an láithreoir tuairisceán bliantúil a ullmhú mar is gnáth agus é ag baint úsáide as pacáiste bogearraí rúnaíochta na cuideachta a bhfuil tacú ann do r-chomhdú don CRO.

    Déanfar an tuairisceán a shíniú ag baint úsáide as ID CRO & PIN a tugadh don stiúrthóir/rúnaí, ag úsáid mheicníochta a sholáthraíonn soláthraí na mbogearraí rúnaíochta.

    In áit an fhoirm thuairisceáin bhliantúla a phriontáil amach, féadann tú rogha seolta a roghnú. Seolfaidh sé seo an tuairisceán ríomhshínithe don CRO. Tabharfaidh do bhogearraí féin an leathanach clúdaigh le seoladh le haon cheangaltán, m.sh, Cuntais.

    Beidh tú in ann stádas do thuairisceán a sheiceáil ag úsáid do bhogearraí rúnaíochta. Cuirfear in iúl duit faoi aon doiciméid a seoladh ar ais tríd do bhogearraí rúnaíochta, ag brath ar an dóigh a n-oibríonn do phacáiste bogearraí rúnaíochta. Ní mór gach ceangaltán a fháil sa CRO laistigh de 28 lá a fuarthas an ríomhtheachtaireacht. I gcás ina n-éilítear ceangaltáin agus nach bhfuarthas iad laistigh de na 28 lá déanfar an doiciméad a scriosadh agus measfar nach bhfuarthas é.

    Cad é a tharlóidh más mian le stiúrthóir nó rúnaí éirí as an scéim, nó deireadh a chur le fógra cheapachán láithreora ar leith?

    Is féidir é seo a dhéanamh ag baint úsáide as Foirm J4

    Cad é mar a íocfar as an tseirbhís?

    Déanfar dochar do chuntas CRO an láithreora ar chlárú ábhair a cuireadh isteach, is é sin, ar sheiceáil an doiciméid agus ar ghlacadh leis don CRO.

    Cathain go meastar go bhfuarthas tuairisceán sa CRO?

    Measfar go bhfuarthas tuairisceán nuair a fhaightear leathanach clúdaigh in éineacht le haon cheangaltán a éilítear sa CRO. Ní mór iad seo a fháil sa CRO laistigh de 28 lá a fuarthas an ríomhtheachtaireacht.

    Cad é a tharlóidh má tá pionóis ar chomhdú déanach i gceist?

    Déanfar an táille ar chomhdú déanach a ríomh agus a shocrú mar atá dlite ag am a bhfuarthas an ríomhtheachtaireacht sa CRO. Cuirfear méid an phionóis ar chomhdú déanach in iúl tríd do phacáiste bogearraí rúnaíochta féin. Ní bhreacfar do dhochar pionós ar chomhdú déanach go dtí go bhfaightear na cuntais.

    An gcaithfidh mé pacáiste bogearraí rúnaíochta a úsáid?

    Ní hea, is féidir foirmeacaha a chomhdú go leictreonach trí www.core.ieLinks to external website

    An mbeidh athrú ar shonraíocht do struchtúr an chomhaid?

    Tá na sonraíochtaí le haghaidh forimeacha forbartha i gcaighdeán XML ordaithe ar a d'fhéadhfadh go n-athrófaí iad ach tabharfar fógra má dhéantar amhlaidh.

    An féidir le cuideachta bheith mar a láithreoir féin?

    Is féidir. Coinneofar an dá fheidhm ar leith sa dóigh is go mbeidh láithreoir údaraithe agus ríomhshíniú ach níl fáth ann nach féidir le stiúrthóir údarás a thabhairt dá chuideachta ná dá cuideachta féin chun tuairisceáin a chomhdú.

    Cén fáth nach féidir liom cuntais a ríomhchomhdú?

    Ní formáid do chuntais socraithe againn fós.

    Tugann CRO tacaíocht don tionscnamh XBRL, tionscal chun formáid chaighdeánach a shainiú chun sonraí cuntas a chomhdú agus nuair a dhéanfar formáid do chuntais a fhorbairt de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí Éireannacha, beidh áthas orainn ríomhchuntais a ghlacadh isteach. Táimid i mbun pléite leis an ngairm chuntasaíochta chuige sin.

    Cad é a dhéanfaidh mé má bhíonn ceisteanna eile agam?

    Féadann tú r-phost a sheoladh chugainn ag an Rannóg Ríomhchomhdaithe.

    Téarmaí agus Coinníollacha

    Cuireann an leathanach seo sonraí ar fáil a bhaineann le ríomhchomhdú doiciméad ina n-iomláine leis an CRO.

    Foirmeacha a éilítear le clárú

    • J1 - Iarratas le feidhmiú mar Ghníomhaire comhdaithe
    • J2 - Iarratas ar uimhir aitheantais CRO stiúrthóra/rúnaí (ID CRO) agus Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) chun foirmeacha de chuid CRO a ríomhchomhdú. (Ní mór do gach stiúrthóir/rúnaí í a chomhlánú)
    • J3 - Údarú gníomhaire (Ní mór do gach stiúrthóir/rúnaí í a chomhlánú)
    • J4 - Athruithe ar údaruithe ríomhchomhdaithe.

    Nasc: Foirmeacha