Cuntas Taisce a Oscailt
Foirm le comhlánú chun cuntas a oscailt -
ac1 form Irish fillable (0.19 MB, Adobe PDF)
Cuardach Cuideachta a Úsáid
Má dhéanann tú mionchuardach ar láithreán gréasán CRO, is féidir gur mian leat cuntas a oscailt linn. Ní mór creidmheas a choinneáil sa chuntas i gcónaí nó ní féidir cuardach a dhéanamh. Is féidir an cuntas seo a úsáid chun doiciméid a lóisteáil le CRO.
Faoi láthair, cuirtear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar scáileán saor in aisce, agus ní gá rochtain a fháil ar chuntas:
- Ainm na cuideachta
- Uimhir na cuideachta
- Seoladh na hoifige cláraithe
- Dáta corpraithe
- Stádas na cuideachta
- Dáta a comhdaíodh an tuairisceán bliantúil deireanach
Agus tú mar shealbhóir cuntais leis an Oifig seo, féadann tú iarraidh go seolfar asphrionta cuideachta agus íomhánna doiciméad ar ais chugat trí fhacs nó r-phost. Achoimre cuideachta is iad asphrionta, ina bhfuil sonraí faoi stiúrthóirí, oifig chláraithe, doiciméid a fuarthas agus muirir mhorgáiste atá cláraithe in aghaidh na cuideachta. Facsamhail doiciméid a fuarthas ón gcuideachta is ea íomhá doiciméid. Áirítear sna cineálacha doiciméad ná tuairisceán bliantúil agus cuntais, fógraí ar athrú stiúrthóirí na cuideachta nó athrú ar oifig chláraithe.
Freisin, tá an fhaisnéis curtha ar fáil ar scáileán do gach úsáideoir saor in aisce faoi láthair mar seo a leanas:
- Ainm na cuideachta
- Uimhir na cuideachta
- Seoladh na hoifige cláraithe
- Dáta corpraithe
- Stádas na cuideachta
- Dáta a comhdaíodh an tuairisceán bliantúil deireanach
- Uimhir thaiscithe gach doiciméad
- Uimhir an doiciméid i ngach taisceadh
- Cineál an taiscithe
- Stádas an taiscithe
- Dáta a fuarthas gach taisceadh
- Dáta cláraithe an taiscithe
- Fáil ar íomhá (fáil uirthi/níl fáil uirthi)
- Líon na leathanach atá i ngach doiciméad scanta
- Gabh chuig Táillí le liosta na dtáillí a chuardach.
Ba cheart do shealbhóirí cuntais modhanna íocaíochta a thabhairt faoi deara mar tá teorainn ar mhodhanna íocaíochtaí don CRO faoi láthair.
Chun Cuntas a Oscailt
Ní mór an fhoirm iarratais a phriontáil, a chomhlánú ina hiomláine agus a sheoladh ar ais chugainn sa phost leis an íocaíocht. Nuair a fhaigheann CRO d’fhoirm iarratais agus íocaíocht tógfar uimhir chuntas custaiméara agus uimhir PIN duit. Nuair a fhaigheann tú uimhir chuntais agus uimhir PIN beidh tú i dteideal seirbhísí ar ár láithreán gréasáin CRO.
ac1 form Irish fillable (0.19 MB, Adobe PDF)
Chun asphrionta cuideachta nó íomhánna scanta na ndoiciméad nó an bheirt acu araon a iarraidh ní mór creidmheas a bheith i do chuntas i gcónaí.
Údarú Íocaíochta
Nuair atá an fhoirm iarratais ceadaithe, seolfar leabhar Foirmeacha um Údarú Íocaíochta (PAF) sa phost chuid an duine teagmhála, sa chás a comhlánaíodh an chuid ábhartha den fhoirm a/c 1 amháin. Ní mór PAF comhlánaithe a lóisteáil le gach tacar doiciméad a chuirtear le comhdú sa CRO. Ní féidir ach iad siúd atá liostáilte ar an bhfoirm a/c1 PAF a shíniú. I gcás ar mian le custaiméir sínitheoir nua-údaraithe a chur leis, ní mór dó/di an fhoirm a chomhlánú agus a chur isteach arís don CRO roimh PAF a chur isteach.
Priontáil